Irish-Language

Tabharfaidh comóradh 100 bliain na críochdheighilte deiseanna móra dúinn

<b>COM&Oacute;RADH AN CH&Eacute;ID?: </b>C&eacute; gur oscla&iacute;odh an foirgneamh thuas in 1932, thug an R&iacute; George V ch&eacute;ad aitheasc na Parlaiminte i Halla na Cathrach i mB&eacute;al Feirste ar an 22 Meitheamh 1921. Beidh dearcaidh &eacute;ags&uacute;la &aacute; gcur chun cinn ag polaiteoir&iacute; ar n&oacute;s Michelle &Oacute;&rsquo;Neill agus Arlene Foster &ndash; n&iacute; thuigfidh Boris Johnson a dhath &ndash; mar sin is fearr fanacht i muin&iacute;n staraithe cos&uacute;il le Eamon Phoenix
COMÓRADH AN CHÉID?: Cé gur osclaíodh an foirgneamh thuas in 1932, thug an Rí George V chéad aitheasc na Parlaiminte i Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 22 Meitheamh 1921. Beidh dearcaidh &eacut COMÓRADH AN CHÉID?: Cé gur osclaíodh an foirgneamh thuas in 1932, thug an Rí George V chéad aitheasc na Parlaiminte i Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 22 Meitheamh 1921. Beidh dearcaidh éagsúla á gcur chun cinn ag polaiteoirí ar nós Michelle Ó’Neill agus Arlene Foster – ní thuigfidh Boris Johnson a dhath – mar sin is fearr fanacht i muinín staraithe cosúil le Eamon Phoenix

IN ALT ar an Belfast Newsletter ar an Chéadaoin seo, scríobh an tráchtaire aontachtach Owen Polley gur cheart a bheith glórach agus gan náire ag ceiliúradh bhunú “Thuaisceart Éireann”.

Ba é a bhí scríofa sa cheannlíne ná “Be loud, proud & unabashed about 100 years in the Union (despite Boris’ betrayal).”

Rith sé liom gur botún a bhí anseo mar tá na sé chontae atá cuimsithe i dTuaisceart Éireann mar chuid den Aontas ó bhí 1800 ann. Sin 220 bliain.

Ba dhóigh liom le fada an lá go raibh fadhb riamh ag Aontachtaithe agus fíricí na staire, fríd aineolas, fríd neamart nó d’aonturas.

Chuir sé iontas orm gur cheangail Polley grafaic leis an alt ag léiriú fhigiúirí Dhaonaireamh 2011 ó thaobh na féiniúlachta de.

Dúirt sé gur léirigh an ghrafaic a chruthaigh an NI Statistics and Research Agency gur dhúirt 40% de na freagróirí gur “Briotanach” an t-aon fhéiniúlacht a bhí acu; dúirt 25% gur “Éireannach Tuaisceartach” an t-aon fhéiniulacht a bhí acu; dúirt 21% gur “Éireannach” an t-aon fhéiniulacht a bhí acu agus dúirt 14% go raibh feiniúlacht eile acu, meascán de na téarmaí thuas san áireamh.

Níorbh é seo a aidhm, ach léirigh an ghrafaic gur mionlach atá sna daoine a thugann “Briotanach” orthu féin taobh istigh de na Sé Chontae.

Cad é chomh Briotanach is atá an stát nuair a deir móramh sa limistéar nach Briotanaigh amháin iad?

Ábhar ceiliúrtha?

Ba bheag aird a thug mé agus mé i mo dhéagóir don deighilt sheicteach a bhí thart orm agus mé ag fás aníos i gceantar Chluain Ard in iarthar Bhéal Feirste.

Leoga, ar an 1 Marta 1967, d’fhág mé mo theach ar Bhóthar na bhFál agus shiúil mé go Páirc Windsor le breathnú ar Linfield ag imirt in éadan CSKA Sofia i gcluiche ceathrú ceannais Chorn na Eorpa.

Chríochnaigh sé ar chomhscor, 2-2 agus chaill Linfield an dara cluiche 1-0 ach dá mbeadh an bua acu, d’imreodh siad in éadan Inter agus dá mbainfeadh siad an cluiche sin, bheadh siad sa chluiche ceannais – in éadan Celtic!

Ní ag tabhairt ómóis d’fhoireann nar chláraigh Caitliceach amháin riamh i stair an chlub a bhí mé agus mé ag Páirc Windsor (sloinneadh chlann ríoga reatha na Breataine, ar ndoigh).

Ní raibh ann ach gur thaitin sacar liom agus mé i mo dhéagóir (tuigim anois an dul amú a bhí orm!) agus nuair a chuaigh mé chuig Páirc Windsor arís le breathnú ar George Best, ní ag tabhairt aitheantais do stát na Sé Chontae a bhí mé ach oiread.

Agus tógann sé sin ceist eile - an stát é Tuaisceart Éireann?

De réir gach sainmhíniú, tá rud amháin ag teastail le stát a bheith agat - neamhspleáchas agus sin rud nach bhfuil ag na Sé Chontae. Tá sé faoi dhlinse Pharlaimint Westminster.

An tír í “Our Wee Country”, mar sin? 

Is é an sainmhíniú bunúsach ar thír ná eintiteas polaitiúil ar leith (a distinct political entity) agus stát ceannasach (a sovereign state).

Ní stát ceannasach é Tuaisceart Éireann. Níl ionadaíocht ag na Naisiúin Aontaithe aige, mar shampla, mar sin de, ní tír í ach oiread.

Lena cheart a thabhairt do Owen Polley, nuair a scríobhann sé go cúramach ina alt ar an stát, do stát na Breataine atá sé ag tagairt. Nuair a labhraíonn sé ar “PhríomhAire na tíre seo” tá sé ag caint ar PhríomhAire na Breataine. Tuigeann sé nach ceachtar acu Tuaisceart Éireann.

Níl aitheantas oifigiúil fein ag Meirge Uladh, “bratach” na Sé Chontae.

Corradh le bliain ó shin, dúirt Éamon Phoenix liom gur chuir an UUP (nó an tOrd

Oráisteach, ní cuimhin liom) scairt air ag iarraidh fáil amach cad é an dáta ar a bunaíodh Tuaisceart Éireann.

Thug Éamon trí dháta dóibh ach tá an staraí Aontachtach, Lord Paul Bew, cinnte gurbh é aitheasc an Rí, George V, do bhaill an tSeanaid agus Theach na dTeachtaí i mBéal Feirste ar an 22 Meitheamh, 1921, dáta bunaidh an rialtais sna Sé Chontae.

Nach bhfuil sé aisteach mar sin, nach ndeireann an Rí na focail “Northern Ireland” ar chor ar bith san aitheasc.

Leoga, is iad “Do gach duine a bhfuil grá acu d’Éirinn” na chéad fhocail a úsáideann sé.

Agus ag an deireadh, deir sé seo: “Bíodh an Tionóil stairiúil seo mar thús leis an lá ina n-oibreoidh muintir na hÉireann le chéile, thuaidhagus theas, faoi pharlaimint amháin nó faoi dhá cheann – de réir mar a chinnfidh na Parlaimintí sin féin – i ngrá coiteann d’Éirinn ar dhúshraith cinnte an cheartais choiteann agus na measa.”

Ní thiocfadh leat a rá gur moladh ó hard na spéire a bhí ansin don dlinse úr.

Seo an dúshraith éadaingean ar a mbeidh an ceiliúradh 100 bliain tógtha.

Ach cuirfidh gach duine fáilte roimhe má léirionn sé na fíricí faoin chríochdheighilt, mar a tharla sé agus an tionchar a bhí aige ar gach duine anseo.

Bí cúramach faoi na rudaí a shantaíonn tú a deirtear agus measaim go bhfuil sé amhlaidh d’aontachaithe. 

Tá cuid acu ar bís céad bliain an limistéir/stáit/tírín a cheiliúradh.

Nuair a bhí 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca ar na gaobhair, rinneadh cuid mhór plé ar an difear idir ceiliúradh agus comóradh.

Mheas lucht na measúlachta nach dtiocfadh leo foréigean an Éirí Amach a cheiliúradh ach go dtiocfadh leo é a chomóradh.

Is féidir an críochdheighilt a chomóradh fosta fríd dhíospoireachtaí, taighde, cur agus cúiteamh. 

Measaim féin gur chóir scríobh na staire a iniúchadh fosta, an cur chuige a bhí ag staraithe, má bhí claonta acu etc.

In 2016, leagadh beim cuid mhór ar “mhiotais” a bhreagnú, bímis ag dúil leis an rud céanna faoi 1921.