Cesspit” a thug cara liom ar twitter agus tuigim dó i ndiaidh mé bheith ar an ardán sóisialta le 11 bhliain anuas.
Rómhinic, cuireann an twitterati fearg orm lena sheicteachas agus lena bhómántacht, lena chiníochas agus lena ghnéasachas.
In amanna, ghéill mé don saighdeadh (I rose to the bait) agus chuaigh mé i ndeabhaidh tvuíteála le cúpla duine ach ba bheag an mhaith a bhí leis an “díospóireacht.”
Sin ráite, fanaim ar twitter mar is mó na buntáistí ná na míbhuntáistí atá leis, dar liom, agus is féidir argóintí láidre ach múinte bheith air.
Cionn is nach leanaim daoine a n-aontaím leo amháin, cuidíonn sé liom dearcadh daoine eile a fheiceáil agus corruair athraím mo dhearcadh féin mar gheall ar rud atá léite agam.
Is spás é twitter fosta ina gcruthaítear agus ina bhréagnaítear “an nuacht bhréagach.”
Má tá líomhaintí inchreidte ar an suíomh, seans mór go dtiocfaidh duine eile ag iarraidh fianaise (nach mbíonn ann go minic) nó ag cur fíricí doshéanta ar fáil.
Is maith liom a bheith ag cúl-léitheoireacht le comhráite ar twitter agus tá cuid acu thar a bheith suimiúil.
Is maith liom an rannóg Liostaí ina gcuirim na daoine is suimiúla liom le chéile.
Mar shampla, tá liosta agam de na daoine uilig a bhíonn ag plé cúrsaí Gaeilge i nGaeilge agus i mBéarla; liosta eile do dhaoine a bhíonn ag plé polaitíocht na Sé Chontae; ceann ar leith do Dhílseoirí agus ceann eile do na healaíona agus mar sin de.
Ach is breá liom an dóigh a dtig scéalta scun scan a chuireann alltacht nó lúcháir nó brón ort agus bhí go leor de na scéalta sin ann le cúpla lá anuas.
Bhí mé ag breathnú ar twitter nuair a chonaic mé den chéad uair an pléascán uafásach sin i mBéiriút inné.
Níorbh éigean fanacht go dtí an nuacht teilifíse lena fheiceáil.
Ach le twitter, fuair mé léargas eile ar an phléascán nach bhfaighinn ait ar bith eile ach twitter.
Scríobh bean amháin, Leila Molana-Allen, Comhfhreagraí an Mheánoirthir don chainéal teilifíse France24:“Tá mo chos gortaithe go dona agus tá sé ag cur fola go trom, ach tá na hotharlanna uilig lán go béal le daoine atá gortaithe níos measa na mise agus níor mhaith liom iad a choinneáil siar. “An bhfuil dochtúir amuigh ansin a d’fheadfadh comhairle a chur orm cad é ba cheart dom a dhéanamh go dtí go gcuirtear greimeanna isteach?”
Sin iontráil a bhainfeadh geit asat. Cuireann tú tú féin in ait na mná sin, gortaithe agus gan cabhair ar bith ar na gaobhair.
Nach cinnte go raibh sé mar a gceanna do na mílte duine eile sa chathair sin cois farraige a bhíodh ina seoid sa limistéar cráite sin.
Dalta 9/11, chonaic muid físeanna a ghlac daoine ar a ngutháin póca ó gach cearn de Bhéiriút den phléascán agus an caor thine a lean é, físeanna a bhí ar twitter sula raibh siad ar an teilifís.
Anois, níl mé ag dul a mhaíomh go bhfuil twitter chomh maith le nuachtán mar níl, tá doimhneacht agus forleithne i nuachtán nach bhfuil i twitter, ach sin ráite, is féidir treoracha a fháil chuig go leor ábhar machnaimh ar an iliomad ábhar faoin speir.
Tá rannóg eile in twitter darb ainm Bookmarks agus is ann a choinníonn na tvuíteanna ina bhfuil nascanna chuig ailt ar líne ar cheisteanna a bhfuil suim agam iontu.
Ar na cinn is déanaí, tá alt ón Times Literary Supplement (TES) a thugann amach go ndearnadh ábhar roghnach den fhilíocht mar chuid den scrúdú GCSE i mbliana. Cuireann an fhilíocht in iúl dúinn go bhfuil an saol lán débhríochta, miondifríochtaí agus nach mbíonn freagair néata le gach ceist dá bhfuil ann, dar leis an údar.
Discuss!
Ag caint arís ar fhilíocht, tá sliocht as dán Michael Longley, Ceasefire, ag comóradh tvuít faoi John Hume.
“I get down on my knees and do what must be done,
And kiss Achilles’ hand, the killer of my son”
a deir an dán atá chomh láidir coscrach inniu is a bhí sé nuair a scríobhadh ar dtús é i 1994.
I measc mo leabharmharcanna eile, tá sean-pictiúir le Rob Cross.
Níorbh é Rob féin a ghlac na pictiúir ach chuir sé dath ar sheanghrianghrafanna a chruthaíonn beocht iontach iontu.
Tá sampla amháin thuas, bunadh Ghaoth Dobhair sna 1890idí i ngrianghraf ó bhailiúchán Lawrence. Táthar ag gearán go n-athraíonn an dathú “bun-fhírinne” an phictiúr dubh agus ban. Ní aontaím leis. Sílim go gcuireann siad go mór leis an bhun-fhírinne. Ní raibh an saol dubh agus bán an t-am sin.
Má leanann tú @RobCross247 ar twitter, beidh tú in ann an chuid eile dá shaothar a fheiceáil.
Alt eile a fuair mé ó twitter baineann sé leis na hionaid ealaíne atá druidte mar gheall ar an dianghlasáil.
In alt an Guardian, labhraíonn Rachel Campbell-Palmer ar an Bhosca Dubh i mBéal Feirste – ionad inar chaith mé féin cuid mhór oícheanta iontacha – agus na fadhbanna airgid atá acu faoi láthair agus a bheidh acu san am atá le teacht.
Mar shampla, má osclaíonn an Bosca Dubh arís, beidh spás ann do 68 duine. Ní dócha go dtiocfadh le hionad ar bith ealaíne mairstin ar lucht féachana chomh beag sin.
Oh, agus chonaic mé an t-agallamh sin a chuir an tAstrálach Jonathan Swan ar Donald Trump, an ceann inar thaispeáin Uachtarán Mheiriceá nach dtuigeann sé staitisticí nó an mata is simplí féin. Tchí Dia an cine daonna.
In alt eile a chonaic mé ar líne, scríobhann Dónal Hassett ar an díchoilíniú i gcomhthéacs na nÉireann i ndiaidh d’óstán an Shelbourne dhá dhealbh de chailíní Afracacha a bhí taobh amuigh den óstán le 153 bliain a bhaint anuas.
Deir Hassett agus an ceart aige gur chóir dúinn bheith ag iniúchadh cheist an díchoilíneachais in Éirinn.
Ach níl gach rud chomh dáiríre i measc mo Leabharmharcanna.
Mar shampla, fear darb ainm Jim Delahunt, tá tomhaiseanna aige ón chlár quioz is ansa liom féin, is é sin Only Connect.
An raibh sibh ag dúil lena mhalairt?!