Irish-Language

An mbeidh d’ionad oibre in oiriúint duit agus tú ag pilleadh ar an obair?

<b>AR AIS AG OBAIR: </b>Is ioma&iacute; rud a chaithfidh do fhost&oacute;ir a dh&eacute;anamh le go mbeidh d&rsquo;ionad oibre in oiri&uacute;int don saol iar-Covid - an trealamh ceart a shol&aacute;thar le t&uacute; a choinne&aacute;il sl&aacute;n s&aacute;bh&aacute;ilte agus beidh ort labhairt leo maidir le t&uacute; a bheith ag obair &oacute;n bhaile sa tr&eacute;imhse fhada
AR AIS AG OBAIR: Is iomaí rud a chaithfidh do fhostóir a dhéanamh le go mbeidh d’ionad oibre in oiriúint don saol iar-Covid - an trealamh ceart a sholáthar le tú a choinneáil slán s&aacu AR AIS AG OBAIR: Is iomaí rud a chaithfidh do fhostóir a dhéanamh le go mbeidh d’ionad oibre in oiriúint don saol iar-Covid - an trealamh ceart a sholáthar le tú a choinneáil slán sábháilte agus beidh ort labhairt leo maidir le tú a bheith ag obair ón bhaile sa tréimhse fhada

TÁ FOSTÓIRÍ fud fad na tíre ag déanamh réidh le fáilte a chur roimh a gcuid oibrithe nuair phillfidh siad ar a láithreáin oibre ach caitheann pleananna a bheith i réim acu le bheith cinnte go bhfuil na láithreáin oibre sin slán ó Covid-19 agus an díghlasáil á mhaolú.

Mar sin de, caitheann oibrithe an t-eolas a fháil óna bhfostóirí faoi na céimeanna a ghlac siad le go mbeadh sé sábháilte do na hoibrithe pilleadh ar a gcuid oibre agus go bhfuil na céimeanna sin in oiriúint leis na rialacha oifigiúla.

Chuir rialtas na Breataine in iúl do ghnónna a iarrann ar a bhfoirne pilleadh ar an obair go gcaitheann siad measúnú riosca a dhéanamh agus beartais a chosnóidh a n-oibrithe ar an víreas a chur in áit.  

Ní mór d’fhostaithe mothú go bhfuil siad sábháilte, ar ndóigh, agus ag brath ar an tionscal atá i gceist, tá sé maíte ag ceardchumainn áirithe gur féidir le fostaithe diúltú dul ar ais san oifig mura ndéantar beartais chuí chosanta.

Tá cuid de na beartais sin curtha le chéile ag an ghrúpa sláinte agus sábháilteachta, CE Safety, le é a dhéanamh níos fusa d’oibrithe tuigbheáil cad é na pleananna ba cheart a bheith á dhéanamh ag fostóirí s’acu leis na  rialacha nua sábháilteachta a chomhlíonadh.

Dúirt urlabhraí ar son Sábháilteacht CE go bhfuil an iliomad bearta ciallmhara ar féidir iad a chur i gcrích sula dtagann na hoibrithe isteach ar an doras.

“Tá treoirlínte an Choróinvíris ag athrú ó lá go lá, mar sin ní mór do gach fostóir agus fostaí na forbairtí is déanaí a leanúint. 

Mar atá sé, más féidir le daoine oibriú ón bhaile, agus má oireann sé dóibh, ba chóir dóibh leanúint orthu.

“Ach d’fhéadfadh sé seo athrú faoi Lúnasa,” ar sé. “Tá na tionscail mhiondíola, fáilteachais, seirbhíse agus fóillíochta á n-athoscailt faoi láthair agus tá sé tábhachtach na t-eolas ceart a bheith ag fostaithe sula bhfillfidh siad ar an ‘normáltacht nua’.

“Ní miste a lua fosta, nár cheart do dhaoine pilleadh ar an obair má thug an Rialtas comhairle dóibh “sciath” a dhéanamh. 

“Ní bhaineann sé seo ach leo siúd a fhaigheann litir, daoine atá sa chatagóir an-leochaileach.”

Seo thíos seicliosta maidir leis an eolas atá de dhíth roimh pilleadh ar an obair.

An ndearna an fostóir measúnú riosca COVID-19?

Tá sé simplí go leor, ach sula n-osclaítear an oifig arís, ba cheart d’fhostóirí sábháilteacht an ionaid oibre a chinntiú trí mheasúnú riosca a dhéanamh. Thiocfadh dó go n-atheagrófaí leagan amach na hoifige le níos mó spáis a thabhairt d’fhostaithe idir stáisiúin oibre agus/nó gardaí sraothartach (sneeze guards) a chur idir spásanna. 

Nó b’fhéidir gurbh fhearr le fostóirí a fhoireann a ligin ar ais go malltriallach agus diaidh ar ndiaidh.

Seiceáil na nósanna imeachta a bhaineann le glantacháin, le ní láimhe agus le sláinteachas an fhostóra.

Ba chóir d’fhostóirí baill foirne a spreagadh chun a lámha a ní go rialta, agus sláintitheoir láimhe (hand sanitizer) a sholáthar ar fud an ionaid oibre agus ní amháin sna seomraí níocháin. 

Ní mór sceideal a bheith ann fosta le go nglanfaí dromchlaí agus na rudaí uilig a ndéantar teagmháil leo ar bhonn rialta. Ba chóir iad a dhíghalrú go minic fosta.

B’fhéidir go bhfuil cuma suarach air ach caitheann an fostóir rialacha soiléire a leagan amach maidir le húsáid leithris.

Ní mór d’fhostóirí treoir ghlantacháin a leagan amach do na leithris, chomh maith le háiseanna leordhóthanacha triomaithe láimhe a sholáthar, tuáillí páipéir nó triomadóirí láimhe.

Iarr ar an fhostóir a dhearcadh ar obair ón bhaile a shoiléiriú

Chuir rialtas na Breataine comhairle ar fhostóirí gach céim réasúnach a ghlacadh le cabhrú le daoine oibriú ón mbaile.

An ndearnadh plé sa chomhlacht ar na socruithe a bhaineann leis an obair ón baile? 

An bhfuil an trealamh ceart ag fostaithe chun obair éifeachtach a dhéanamh ón bhaile, córais oibre cianrochtana (remote access work systems) mar shampla?

Tá sé intuigthe go mbeadh imní ar oibrithe a bhfuil baill teaghlaigh acu atá i mbaol ó COVID-19 pilleadh ar an obair. 

Mar sin is gá d’fhostóirí machnamh a dhéanamh ar an dóigh is fearr le riar ar fhostaithe atá ag obair dóibh ina dtithe féin.

Maidir le folláine choirp agus mheabhrach na bhfostaithe, is céim thábhachtach í seo d’fhostóirí ar mian leo aire a thabhairt dá bhfoireann. 

Más mian leo sláinte mheabhrach na ndaoine atá ag obair acu a chosaint – daoine a chaitheann cuid mhór ama a chaitheamh leo féin, ach go háirithe – ní mór d’fhostóirí na dálaí oibre is fearr is féidir a chur ar fáil dá bhfoireann.

Cad é an dóigh is fearr leis an scaradh sóisialta a chinntiú?

Nuair is féidir, ba cheart an scaradh sóisialta idir comhghleacaithe a choinneáil. 

Ní mór d’fhostóirí comharthaí a chur suas chun treoir a thabhairt d’oibrithe agus do chuairteoirí faoi na treoirlínte a bhaineann leis an scaradh shóisialta. 

Níor chóir stáisiúin oibre a roinnt. Is bealach costéifeachtach é téip a chur ar an urlár le go mbeidh daoine in ann an fad ceart idir iad féin agus daoine eile a shamhlú.

B’fhéidir go mbeidh ar fhostóirí breathnú ar an dóigh a n-oibríonn siad – cuairteoirí a fheiceáil trí choinne amháin, mar shampla. nó cruinnithe a dhéanamh trí ardán seirbhíse físe ar nós Zoom nó Google Hangouts.

Cad atá le déanamh mura bhfuil oibrithe sásta?

Má chuir tú do bhuaireamh in iúl nó má d’iarr tú soiléiriú ó d’fhostóir ach creideann tú nár tugadh aghaidh orthu, féadfaidh tú labhairt le do cheardchumann, má tá tú i do bhall, nó smaoineamh ar cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Feidhmeannas Sláinte agus Sábháilteachta (HSENI) faoin imní atá ort. 

Is í an HSENI an eagraíocht Rialtais atá freagrach as sábháilteacht san ionad oibre agus is féidir leo gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcoinne fostóirí atá lochtach.

San idirlinn, fánaigí slán.