Irish-Language

Ní neart go cur le chéile – an sáródh foireann Ultach na laochra ó dheas?

<b>SEASAIG&Iacute; DO NA HULTAIGH: </b>I scuad Ch&uacute;ige Uladh a chaill i gcluiche leathcheannais Chorn an Iarnr&oacute;id in 2004, bh&iacute; deichni&uacute;r as Aontroim, seachtar as an D&uacute;n agus seisear as Co. Dhoire.
SEASAIGÍ DO NA HULTAIGH: I scuad Chúige Uladh a chaill i gcluiche leathcheannais Chorn an Iarnróid in 2004, bhí deichniúr as Aontroim, seachtar as an Dún agus seisear as Co. Dhoire. SEASAIGÍ DO NA HULTAIGH: I scuad Chúige Uladh a chaill i gcluiche leathcheannais Chorn an Iarnróid in 2004, bhí deichniúr as Aontroim, seachtar as an Dún agus seisear as Co. Dhoire.

BA É Breandán Ó Buachalla, an scoláire mór Muimhneach a raibh suim mhór aige i stair agus litríocht Ghaeilge Chúige Uladh an chéad duine a chuala mé ag maíomh gurb é Cumann Lúthchleas Gael a chuir bonn agus taca faoi choincheap na gcontaetha.

De réir Bhreandáin, ba bheag aird dáiríre a thug na Gaeil ar chríocha agus teorainneacha contae roimh 1884 agus bhí iomrá go fóill ar na ríochtaí agus na tuatha traidisiúnta. 

Oirialla, mar shampla, a raibh Contae Lú, cuid d’Ard Mhacha agus Muineachán agus b’fhéidir fiú Fear Manach mar chuid de. Bréifne, arb ionann é go bunúsach agus Cabhán agus Liatroim agus cuid de Shligeach an lae inniu. 

Bhí Tír Eoghain agus Tír Chonaill ann fosta ach níorbh ionann iad agus Tyrone agus Donegal an lae inniu. 

Glacadh leis gur i dTír Eoghain a bhí na Feádha cé gur Ard Mhacha Theas an rud is cóngaraí dó in 2020. 

Níos gaire don bhaile s’agam féin bhí Dál Riada. Ríocht ‘idirnáisiúnta’ í seo, cuid di i dTuaisceart Aontroma agus cuid di in Albain. 

D’fhás mé féin aníos i nDál nAraidhe ós ansin a bhí Loch Lao agus an áit a bhfuil Béal Feirste na linne seo suite.

Bhí an scéal céanna amhlaidh ar fud na tíre ach ó tharraing mé an scéal ar mo cheantar agus contae dúchais is suimiúil gur i gcomhthéacs na háite is láidre iománaíocht i gCúige Uladh atá córas na gcontaetha in CLG á cheistiú faoi láthair.

Tá caint oscailte ann anois ar Chúige Uladh a aontú faoi aon bhratach bhuí agus dhearg amháin agus muid dul sa tóir ar chorn Liam Mhic Cárthaigh.

Eoghan Sheehan, creidim, fear atá ag déanamh éachtaí ar son na hiomána i gContae an Dúin taobh amuigh de leithinis na hArda, a chuir tús leis. 

In agallamh leis ar na mallaibh, mhol sé foireann amháin iomána a bheith ag Cúige Uladh agus iad páirteach i gCraobh Sinsir na hÉireann. 

Ina dhiaidh sin, d’eagraigh Jerome Quinn cruinniú Zoom  a ndearna sé a uaslódáil chuig YouTube. 

Bhí aíonna ag Jerome as contaetha éagsúla Ultacha agus, go bunúsach, an teachtaireacht a bhí á cur chun cinn, ‘bainimis triail as’.

Ach, bainimis triail as cad é? Agus cad chuige a mbainfeadh? 

An teoiric atá taobh thiar de nach bhfuil go leor iománaithe ag aon chontae in Ultaibh le bheith iomaíoch i gceart ag leibhéal sinsir ach dá dtiocfadh linn aon fhoireann amháin a chur le chéile go dtiocfadh linn dúshlán leithéidí Thiobraid Árann, Cill Chainnigh agus eile a thabhairt. 

Deirtear go dtabharfadh sé seo spreagadh agus inspioráid iontach don chluiche ó thuaidh. ‘Samhlaigh’ a deirtear, ‘Tiobraid Árann ag teacht go Páirc Mhic Ásmaint nó Ard Mhacha nó Iúr Cinn Trá le himirt i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann!!’.

Is cinnte gurb ócáid iontach a bheadh ann sin ach tá cúpla ceist thábhachtach le freagairt roimhe sin.

Agamsa - claonta agus uile mar atá mé - an cheist is tábhachtaí den iomlán, cad é dhéanfaimid fá Aontroim?

Níl amhras ar bith ná go bhfuil Aontroim i bhfad níos láidre ná na contaetha eile.

Aontroim ‘an caor a d’aibigh ar an uaigneas’ ar feadh na mblianta. Níl ag éirí chomh maith sin uilig linn le tamall agus is ionainne amháin atá an cumas a bheith iomaíoch ag leibhéal ard.

Ar chruinniú Zoom Jerome, ba é a mhaígh Chrissy McKague Dhoire “gurbh as

Aontroim a gheofaí dhá dtrian de na himreoirí.”

An rud a bhí i gceist ag Chrissy, dá mbeadh foireann amháin ag Ultaibh agus Aontroim san áireamh. 

Mhaígh cainteoirí eile, Eoghan Sheehan ina measc, go raibh gach seans ann gur mhian le hAontroim fanacht mar atá ach go dtiocfadh leis an ochtar eile teacht i gceann a chéile. 

Le tamall maith de bhlianta, ar ndóigh, tá na línte contae á ndoiléiriú i dtaca le hiománaíocht Uladh de.

Tá sraitheanna Aontroma ag feidhmiú mar phota meala ag clubanna ar mian leo imirt i gcomórtais a bhfuil an meas céanna orthu agus atá ar shraitheanna peile agus is in Aontroim amháin a gheobhaidh siad sin. 

Tá, mar shampla cúig chlub as an Dún ag imirt taobh ó thuaidh den Lagán, péire as Tír Eoghain, club as Doire agus beirt as Ard Mhacha. 

Nuair a chuirtear san áireamh a fheabhas a d’éirigh le Sleacht Néill le tamall, is furasta a fheiceáil chomh meallacach a bheadh foireann Ultach a bheith páirteach sa chraobh náisiúnta.

Smaoineamh eile a cuireadh chun cinn go dtiocfadh leis na contaetha a bheith páirteach i gCorn Mhic Dhonncha, Uí Rinn srl. agus ina dhiaidh sin teacht le chéile mar fhoireann amháin thraschúige.

Níl iománaíocht Uladh ag déanamh dul chun cinn ar bith le dornán blianta an mana atá ag go leor de na daoine atá ag cur an smaoinimh seo chun cinn. “Cad é atá le cailleadh?” ar siadsan.

Agus fríd is fríd, aontaím leo, más go drogallach féin.

Is cuimhin liom go maith na 90í nuair a bhí foireann láidir go leor ag Aontroim agus dar liom, dá mbeadh leithéidí Danny Hughes, Brian McCormack agus Ollie Collins againn chomh maith, bhainfimis an cluiche úd in éadan Luimnigh nó Uíbh Fhailí nó cibé.

Bheadh go leor de na mionsonraí le hoibriú amach sula gcuirfí an fhoireann chun páirce. 

Cad é a tharlódh sa tsraith náisiúnta, mar shampla? An mothódh cuid de na himreoirí as Aontroim gur brúdh amach as an fhoireann contae iad le háit a shocrú faoi choinne ‘amhais’ as contaetha eile agus nach bhfuil i bhfoireann Uladh ach ‘Aontroim max’. 

An mothódh imreoirí eile as an Dún, mar shampla, gur baineadh an seans díobh imirt ag leibhéal contae.

Chaithfí na ceisteanna sin uilig a láimhseáil go hiontach cúramach ach nárbh iontach a bheith san ardán i bPáirc Mhic Ásmaint úr agus na sluaite ansin as Uíbh Eachach, Dál Riada, Oirialla, Tír Eoghain, Oidhreacht Uí Chatháin, Fear Manach, Bréifne, Inis Eoghain, Fearnmhaigh, Clann Aodha Buí agus muid ag gabháil i ndeabhaidh camán le Tuamhain, leis na Déise nó le hOsraí?