Irish-Language

Grianstad an tSamhraidh: Ceolchoirm bheo ar líne

<strong>MAIR&Eacute;AD N&Iacute; MHAONAIGH:</strong> Beidh an fidl&eacute;ir Conallach agus tuilleadh ceolt&oacute;ir&iacute; den scoth ag glacadh p&aacute;irte i gcoirmcheoil at&aacute; &aacute; re&aacute;cht&aacute;il ag Culturlann McAdam &Oacute; Fiaich ar l&iacute;ne anocht (Aoine 19 Meitheamh)&nbsp;
MAIRÉAD NÍ MHAONAIGH: Beidh an fidléir Conallach agus tuilleadh ceoltóirí den scoth ag glacadh páirte i gcoirmcheoil atá á reáchtáil ag Culturlann McAdam Ó Fiaic MAIRÉAD NÍ MHAONAIGH: Beidh an fidléir Conallach agus tuilleadh ceoltóirí den scoth ag glacadh páirte i gcoirmcheoil atá á reáchtáil ag Culturlann McAdam Ó Fiaich ar líne anocht (Aoine 19 Meitheamh) 

IS É an lá is faide sa bhliain é agus tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag dréim go mór le hoíche cheoil den scoth a chur beo ar líne an Aoine bheag seo (19 Meitheamh) ar a 8:30pm. 

Déanfar an cheolchoirm a shruthú beo ar Facebook agus ar YouTube na Cultúrlainne le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Ghaelach, Grianstad an tSamhraidh, i gcuideachta réimse de cheoltóirí iontacha ó fud fad na hÉireann agus ó Albain. 

I ndiaidh rath na ceolchoirme deireanaí le féile na Bealtaine a cheiliúradh, tá plúr na gceoltóirí, na n-amhránaithe traidisiúnta agus na bhfilí bailithe le chéile ag an Chultúrlann arís le siamsaíocht den scoth a chur ar fáil do lucht féachana idirnaisiunta. 

An uair seo, beidh leithéidí Mhairéad Ní Mhaonaigh, Jack Warnock, Bernadette Morris, an tAlbanach Ellen MacDonald agus an banna ceoil Lonesome George i measc na gceoltóirí a bheas linn ar an oíche. Cluinfidh muid ó na scríbhneoirí iomráiteacha Myra Zepf agus Ciara Ní É agus roinnfidh Tomaí Rua Ó Conghaile stair agus oidhreacht na féile linn. Cuirfidh an craoltóir Caoimhe Ní Chathail an cheolchoirm i láthair ar an oíche speisialta seo.

Arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, 

“Seo an darna ceolchoirm sa tsraith úr a thosaigh muid, le linn na dianghlasála, le ceiliúradh a dhéanamh ar na féilte Ceilteacha. Bhí agus tá tábhacht as cuimse ag baint leis an dáta seo do na Gaeil agus beidh an lá is faide sa bhliain lán leis an chuid is fearr de chultúr agus de cheol na tíre.”

“Agus bunús na ‘n-ardán traidisiúnta’ fós as feidhm, tá dualgas orainn ardáin eile a chruthú le gur féidir leis na ceoltóirí sin a gcuid ceoil agus ealaíne a roinnt leis an phobal. Is cinnte go bhfuil siamsaíocht tuilte againn ar fad le linn na géarchéime seo.” 

Beidh nasc PayPal ann agus cuirfear fáilte roimh shíntiúis. Rachaidh an t-airgead uilig a bhaileofar chuig na ceoltóirí agus na healaíontóirí atá ag comhoibriú linn i láthair na huaire, rud atá práinneach san am i láthair,” ar se.