Irish-Language

Scannán faoin tSasanach a léirigh iontais Chonamara don domhan

<b>TIM ROBINSON: </b>Mar a scr&iacute;obh Seosmh &Oacute; Cuaig faoi in tuairisc.ie i ndiaidh a bh&aacute;is: &ldquo;Is m&oacute;r an chomaoin a chuir s&eacute; ar mhuintir Chonamara, ar mhuintir &Aacute;rann agus ar mhuintir Chontae an Chl&aacute;ir. Sea agus ar dhaoine ar fud an domhain ar fad ar m&oacute;r acu an timpeallacht agus an n&aacute;d&uacute;r.&rdquo;
TIM ROBINSON: Mar a scríobh Seosmh Ó Cuaig faoi in tuairisc.ie i ndiaidh a bháis: “Is mór an chomaoin a chuir sé ar mhuintir Chonamara, ar mhuintir Árann agus ar mhuintir Chontae an Chláir. Sea TIM ROBINSON: Mar a scríobh Seosmh Ó Cuaig faoi in tuairisc.ie i ndiaidh a bháis: “Is mór an chomaoin a chuir sé ar mhuintir Chonamara, ar mhuintir Árann agus ar mhuintir Chontae an Chláir. Sea agus ar dhaoine ar fud an domhain ar fad ar mór acu an timpeallacht agus an nádúr.”

Nuair a chuir mé aithne ar Tim Robinson den chéad uair, fríd a chuid focal scríofa a tharla sé agus mé ag léamh a leabhair, Connemara: Listening to the Wind.

Bhí mé faoi dhraíocht ag an dóigh ar athchruthaigh sé an domhan agus an saol carraigeach sin, an cruas agus an bhoige, an mistéir agus an choitianta agus gach rud idir eatarthu, comhábhair shaol chasta an uile dhuine. 

Rinne Robinson an t-éacht seo fríd an léarscáilíocht, ag cur síos go mion agus go beacht gach orlach ar leag sé cos air nó a chonaic sé lena shúile cinn féin i gceantar Chonamara, áit a raibh sé ag cur faoi lena bhean ionmhuin chéile, Máiréad.

Go Cloch na Rón (Roundstone) i gcontae na Gaillimhe a tháinig an lánúin Sasanach a chónaí i ndiaidh iad éirí dúdóite le saol ealaíonta Londain. 

(Nach dona é go dtugtar Roundstone ar Chloch na Rón?).

Cibé, fear thar a bheith deas a bhí in Tim Robinson, b’iontach a scéal agus a thuiscint ar Chonamara agus dá mbeifeá ar lorg duine le scannán a dhéanamh faoi, is é Pat Collins an chéad duine a thiocfadh isteach i do chloigeann.

Ba é Collins a rinne Song of Granite, scannán a insíonn scéal an amhránaí Seosamh Ó hÉanaí/Joe Heaney agus Silence, a phléann leis an tost i saol an duine.

Inné, d’amharc mé ar réamhthaispeántas de Tim Robinson: Connemara, scannán lainn a rinne Collins faoin chartagrafaí agus tugann sé a luach don fhear agus dá shaothar – agus do Chonamara.

D’amharc mé ar an scannán agus mé ag éisteacht leis an fhuaimrian ar chluaisíní bluetooth agus chruthaigh sé seo domhan iomlán fuaime a bhí chomh tábhachtach leis na focail agus leis na híomhánna, ó phíobairí fraoigh go carranna. In amanna, shilfeá go raibh ceol ag teacht ó na carraigeacha féin.

Tá Tim Robinson: Connemara bunaithe ar a chnuasach trí leabhar ar an limistéar – Listening to the Wind, The Last Pool of Darkness agus A Little Gaelic Kingdom – leabhair a bhain clú idirnáisiúnta amach as a chumasaí is atá siad ag cur síos ar na sléibhte maorga agus ar na hoileáin ar an phlanda is íogaire agus ról an duine fite fuaite iontu.

Más fileata an prós, tá an scannán thar a bheith físiúil sa dóigh a léiríonn sé saothair léarscáilíochta agus scríbhneoireachta Tim. 

Téann sé fríd aistear atmaisféarach ina dhéantar an tírdhreach, an stair agus an mhiotaseolaíocht a imscrúdú – fríd uirlisí na scríbhneoireachta agus na scannánaíochta.   

Rinneadh Tim Robinson: Connemara siar in 2010 nuair a bhí tríocha bliain caite ag Tim Robinson i mbun léarscáilíochta agus i mbun staidéar leathan a dhéanamh ar Chonamara.  

Taispeánadh an scannán críochnaithe den chéad uair ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath in 2010 agus taispeánadh ag go leor féilte agus i bpictiúrlanna in Éirinn agus thar lear é chomh maith ach níor craoladh riamh ar an teilifís é. Tá sé sin le hathrú anocht.

“Ar ndóigh, thaitneodh sé liom féin go pearsanta dá mba rud é go raibh saothar Tim curtha os comhair lucht féachana níos leithne trí mheán na teilifíse sular bhásaigh sé. Ach, ní mar sin a bhí,” arsa an stiúrthóir Pat Collins, ach sa deireadh thiar, rachaidh an scannán amach anocht ar TG4, rud a chuireann lúcháir ar Pat.

“Ceapaim go ndearna Tim an oiread an maitheasa ar mhaithe leis an tír seo,” ar sé.

“D’fhéadfainn a rá gurb é an t-ealaíontóir ab fhíre dár casadh riamh orm é. Bhí sé ar aon intinn maidir lena shaol, a chuid smaointe agus a chuid ealaíne. 

“Táim i ndáiríre nuair a deirim go mba mhór an onóir dom é go raibh aithne agam air agus gur chaith mé am in éineacht leis féin agus lena bhean Mairéad. 

“Cheapainn gur bhain an criú ar fad, mé féin, Colm Hogan ar an gceamara, John Brennan ar chúrsaí fuaime, an t-eagarthóir Keith Walsh, an cumadóir Susan Stenger agus an léiritheoir Sharon Whooley ina measc, an oiread sásaimh as an obair a rinne muid ar an scannán seo.  

“Bhraith sé mar a bheadh mórthaithí dhomhain ann, fiú ag an am - rud nach dtarlaíonn chomh minic sin,” arsa Collins.

Seans gur chuir sé an oiread céanna iontais ar Robinson féin go gcaithfeadh sé cuid mhór sa shaol ag déanamh mapa de chósta Chonamara ach ghlac sé go fonnmhar leis an dúshlán.

“There is scarcely anything on the map I haven’t set eyes on for myself. I used to hope that the intensity of my physical experience of Connemara would burn through all these layers of methodological tracing paper into the final drawing, making it not just a factual record, but an expression of a feeling. 

Labhair Tim faoin taithí a bhí aige ar phortach Chloch na Rón sa scannán (ó agallamh cartlainne a thaifead Loopline Films),

Dúirt sé: “I think we’re living in cars and in houses so much and in television and so on, that we are, perhaps, losing touch with the outside world. 

“And I get such joy out of being out exploring this landscape and being alone in it, out in the bogs or up on the hills, or on the shore. I feel it’s a terrible shame that very few people are enjoying that. I never, ever meet anybody out in Roundstone Bog. In two, three decades of exploring out there, I don’t think have I... maybe, once or twice... have I seen somebody out in Roundstone Bog.”

Chuaigh tírdhreach thrí Oileán Árann go mór i bhfeidhm ar Tim fosta.

“What we have here is one of the strangest and most interesting places in the world,” ar sé go díograiseach.

“This is a singular place; humanity and nature working on each other for centuries have brought forth a landscape which is not paralleled anywhere else in the world. Fifteen hundred miles of stone walls separating fourteen thousand little fields; an astonishing communal creation, a vast monument to the labour of generations.”

D’imigh Tim Robinson, scríbhneoir, ealaíontóir agus cartagrafaí ar shlí na fírinne ar an 4 Aibreán 2020. Fuair a bhean chéile Mairéad coicís roimhe sin.  

:: Beidh Tim Robinson: Connemara le feiceáil ar TG4 anocht, 10ú Meitheamh, ar a 9:30pm. 

Níor craoladh an clár ar an teilifís riamh roimhe seo.