Tosaíonn imeachtaí Léargas 2020 Ar Líne Dé Luain 1ú Meitheamh le seisiún scéalaíochta agus ceoil ó Chleamairí Feirste nuair a inseofar scéal an Loin Duibh agus mar a tháinig sé go hÉirinn.
Beidh cur i láthair againn ón Dr Frances Kane (sa phictiur) Dé Máirt 2ú Meitheamh ar a cuid oibre leis an Tionscadal Um Logainmneacha Thuaisceart Éireann.
Feicfidh muid an t-amhránaí óg Conallach, Naoise Mac Cathmhaoil ar an scáileán idirlín Dé Céadaoin 3ú Meitheamh le haghaidh seisiún ar an tSean-nós.
Tabharfaidh an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh léacht don lucht féachúna ar Na Pogroim Bhéal Feirste 1920-22.
Beidh deis ag an lucht féachúna/éisteachta ceisteanna a chur le linn na n-imeachtaí.
Is féidir le daoine cláru ar na ranganna agus a thuilleadh eolais a fháil maidir le himeachtaí na féile trí ríomhphost a chur chuig Cillian ar cultur@ionad.eu nó dul ar an leathanach facebook, Ionad Uíbh Eachach Cultúr Agus Teanga.
Moltar dóibh siúd atá ag iarraidh freastal ar na ranganna nó amharc ar na himeachtaí, cuntas ZOOM a chruthú dóibh féin sa dóigh is go mbeidh siad in ann bheith rannpháirteach san fhéile.