Irish-Language

Athaontú na hÉireann, an Coróinvíreas agus an Breatimeacht faoi chaibidil

<b>JONTHAN POWELL: </b>Measann iarcheann foirne Tony Blair gur d&oacute;cha go mbeadh &Eacute;ire athaontaithe lena linn ach go gcaithfdh muid beith tuisceanach faoi na daoine nach bhfuil i bhf&aacute;ch leis agus t&aacute; an taidhleoir &Eacute;ireannach Rory Montgomery (th&iacute;os) ar aon intinn leis
JONTHAN POWELL: Measann iarcheann foirne Tony Blair gur dócha go mbeadh Éire athaontaithe lena linn ach go gcaithfdh muid beith tuisceanach faoi na daoine nach bhfuil i bhfách leis agus tá an taidhleoir Éireannach JONTHAN POWELL: Measann iarcheann foirne Tony Blair gur dócha go mbeadh Éire athaontaithe lena linn ach go gcaithfdh muid beith tuisceanach faoi na daoine nach bhfuil i bhfách leis agus tá an taidhleoir Éireannach Rory Montgomery (thíos) ar aon intinn leis

TAMALL Ó SHIN, dúirt Jonathan Powell, iarcheann foirne  Tony Blair, agus é ag caint ar “an teorainn i Muir Éireann” a bhí faoi chaibidil ag an am:

“Once you put a border between Northern Ireland and the rest of the United Kingdom, Northern Ireland’s going to be part of a united Ireland for economic purposes.”

Agus dúirt sé chomh luath agus atá an t-aontas eacnamaíochta sin inghlactha go forleathan ó thuaidh go gcuirfí leis an dul chun cinn atá á dhéanamh Éire Aontaithe a bhaint amach ar chúiseanna polaitiúla chomh maith.

Agus an díospóireacht faoi thodhchaí na Sé Chontae ag bailiú nirt (go malltriallach féin), an bhféadfaí go gcuirfeadh na dóigheanna difriúla atá an dá dhlínse in Éirinn ag dul i ngleic le géarchéim an Choróinvíris le gluaiseacht i dtreo Éirinn Aontaithe ar chúiseanna sláinte poiblí sa mhéid is go n-aithníonn saineolaithe gur fearr i bhfad dul i ngleic leis na géarchéimeanna leighis atá ag dul a theacht sna blianta atá romhainn ar bhonn uile-oileánda?

Bhí Jonathan Powell agus an státseirbhíseach Éireannach Rory Montgomery – a raibh ról an-tábhachtach aige sna hidirbheartaíochtaí a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta mar thoradh orthu – ag caint le linn seimineár gréasáin a reáchtáil Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i gcomhar le hOllscoil na Ríona i mBéal Feirste ar an téama Coimhlint agus Athrú.

Is idirbheartaithe iad Powell agus Montgomery a bhí páirteach sna hiarrachtaí coimhlintí a réiteach i dtuaisceart na hÉireann, i dTír na mBascach agus sa Cholóim.

Ag caint ar athaontú na hÉireann, dar le Powell, tá sciar maith den Pháirtí Coimeádach nach bhfuil ina n-aontachtaithe  a thuilleadh.

“Na daoine a thogh Boris Johnson mar cheannaire na dTóraíoch, 100,000 duine, nuair a glacadh pobalbhreithe ina measc, dúirt an móramh go mbeadh siad sásta fáil réitithe de na Sé Chontae agus d’Albain leis an Bhreatimeacht a chinntiú.”

Agus measann Powell go bhfuil ceannairí aontachtacha ó thuaidh níos pragmataí ná mar a shíltear.

“Is cuimhin liom an galar crúb agus béil i Sasana – rinne muid go leor botún faoi – ach is cuimhin liom Ian Paisley Snr ag cruinniú le Tony Bair in Uimhir a Deich agus é ag bualadh an tábla ag rá: ‘Is Briotanaigh iad muintir s’againne ach is Éireannaigh iad an t-eallach s’againn.’    

“Mar sin de, bhí Ian Paisley féin sásta bheith mar chuid d’Éirinn Aontaithe ar chúinsí eacnamaíochta,” arsa Powell.

Dúirt sé fosta go mbeidh ar fheidhmeannas na Sé Chontae treoir a fháil ó Bhaile Átha Cliath agus ón Bhruiséil maidir le cúrsaí trádála agus gnó san am atá le theacht, gné eile a scarfaidh ón Bhreatain iad.

Maidir leis an dá chur chuige in éadan an Choróinvíris thuaidh agus theas, shíl Montgomery go bhfuil sé róluath conclúidí ar bith a tharraingt ag an phointe seo.”

“Go dtí seo, níl an oiread sin difríochtaí idir an feidhmiúchán ó thuaidh agus an feidhmiúchán ó dheas,” arsa an t-iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince.

“Tchifidh muid san am atá le theacht chomh héifeachtach is atá an dá chur chuige.

“Measaim nár láimhseáil rialtas na Breataine an ghéarchéim chomh maith is a láimhseáil rialtas s’againne é agus i ndiaidh tús corrach silim gur éirigh le hArlene Foster agus le Michelle O’Neill fronta aontaithe a chur chun cinn.

“Ach beidh orainn fanacht ar feadh tamaill eile le go dtig linn na torthaí a mheas, ní amháin maidir le sláinte phoiblí ach maidir leis an gheilleagar agus maidir leis an fhostaíocht chomh maith,” ar sé.

Ag dul siar chuig ceist an Bhreatimeachta agus an tionchar a bheidh aige ar athaontú na hÉireann, dúirt an tUasal Montgomery go raibh cuid mhór ceisteanna le plé.

Níl amhras ar bith faoi ach gurb í Éire an ballstát is mó a n-imreoidh an Breatimeacht tionchar uirthi,” arsa Rory Montgomery.

“Tuigeann muid an Bhreatain go maith cionn is go léann muid a nuachtáin, amharcann muid ar theilifís na Breataine ach, ar leibhéal oifigiúil, ná déanaigí dearmad gurbh é an comhoibriú idir muid féin agus na Briotanaigh san Eoraip, gur chuidigh sé sin le cuid den dúshraith a leagan do Chomhaontú Aoine an Chéasta. 

“Sin ráite, tá cuid mhór mhór ceisteanna le réiteach sna seachtainí atá romhainn faoin dóigh a rachaidh an tAontas Eorpach i ngleic leis an ré aisteach seo ina bhfuil muid,” ar sé.

Dheimhnigh an tUasal Montgomery an tuairim atá ag cuid mhór daoine.

“Bhí mé ag caint le mo chomhghleacaithe i Roinn na nGnóthaí Eachtracha inniu agus tá na hidirbheartaíochtaí (idir an Breatain agus an tAontas Eorpach) ag dul chomh holc agus a chreideann daoine, is fíorbheag an dul chun cinn atá á dhéanamh faoi láthair.”

Tá an ceart aige agus beidh le feiceáil cad é a eascróidh as praiseach an Bhreatimeachta agus an tionchar a bheidh aige ar na 26 Chontae.

“I ndiaidh an toghcháin i mí na Nollag anuraidh,” arsa Montgomery, “tugadh tuairim’s ar 43% de na vótaí do pháirtithe Aontachtacha; 39% do pháirtithe a bhí náisiúnaíoch agus 17% do pháirtithe nach raibh ceachtar acu, Alliance sa chuid is mó ach páirithe eile fosta 

An 17% sin, cad é a mheallfadh iad le tacaíocht a thabhairt d’Éirinn Aontaithe?

Neosfaidh an aimsir.