Irish-Language

Cé hiad Gaeilgeoirí úra na Galltachta agus cad é atá de dhíobháil orthu?

<b>GAEL UIRBEACH: </b>Chuir bun&uacute; na nGaelscoileanna t&uacute;s le r&eacute;abhl&oacute;id i gcathracha agus i mbailte na t&iacute;re agus fuair an Ghaeilge &aacute;it i ngn&aacute;thshaol na mbailte sin ach an f&eacute;idir Gaeltacht a dh&eacute;anamh den Ghalltacht?
GAEL UIRBEACH: Chuir bunú na nGaelscoileanna tús le réabhlóid i gcathracha agus i mbailte na tíre agus fuair an Ghaeilge áit i ngnáthshaol na mbailte sin ach an féidir Gaeltacht a dhéan GAEL UIRBEACH: Chuir bunú na nGaelscoileanna tús le réabhlóid i gcathracha agus i mbailte na tíre agus fuair an Ghaeilge áit i ngnáthshaol na mbailte sin ach an féidir Gaeltacht a dhéanamh den Ghalltacht?

IS CUIMHN liom cara ag inse dom faoi chruinniú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le stáisiúin raidió pobail a dhéanfadh riar ar chathracha móra mar Bhéal Feirste agus Baile Átha Cliath a phlé.

Bhí daoine ón dá cheantar i láthair agus pléadh an cheist go mion. 

Muintir an deiscirt, chuir siad liosta cuspóirí le chéile agus amlíne réadúil leis na haidhmeanna sin a bhaint amach taobh istigh de bhliain nó dhó le comhoibriú agus dea-thoil na n-údarás.

Cúpla seachtain i ndiaidh an chruinnithe, fuair muintir Bhéal Feirste aeróg ar iasacht agus thosaigh Raidió Fáilte ag craoladh mar stáisiún bradach Gaeilge. Fuair siad a chéad cheadúnas dlíthiúil i 1993.

Sílim go léiríonn sé sin an difir idir cur chuige mhuintir an tuaiscirt agus an deiscirt, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an fhile Ciara Ní É agus í ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachta do chlár úr a chraolfar anocht ar TG4 ag 9.30pm.

Tá éacht déanta ag an stáisiún Gaeilge le cúpla seachtain anuas agus cláracha den scoth a sholáthar a thógann ceisteanna tábhachtacha faoin Ghaeilge mar atá sí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di agus cuireann Ciara Ní É - Saol trí Ghaeilge go mór leis an díospóireacht sin.

Ar ndóigh, i gclár 52 bhomaite, ní féidir gach gné a chlúdach ach leagann Ciara dúshraith do na forbairtí a d’fhéadfadh todhchaí na teanga a shábháil in éadan na ndúshlán atá roimpi.

Tosaíonn an clár le dán dearfach ó Chiara agus í ag cur síos ar Ghaeilgeoirí an lae inniu.

“Níl aon eagla orainn ag dul chun cinn/Ta muid ilchultúrtha, ilteangach, ildaite/Oscailte mar is dual don tSúil Eile,” a deir an Baile Átha Cliathach mná a tógadh le Béarla.

Agus tá an ceart aici. Sílim gur daoine ar leith iad daoine a bhíonn ag rothaíocht agus daoine a bhíonn ag siúl sna cnoic agus daoine a dhéanann obair dheonach.

Léiríonn na himeachtaí sin nach cuma leo faoin saol atá thart orthu; go dtugann siad luach ar an timpeallacht go bhfuil leas daoine eile tábhachtach acu.

Sin mar atá pobal na Gaeilge i mo thaithí fada féin agus mé mar chuid den phobal sin le 50 éigin bliain anuas.

Is mór le Gaeil leas an tsochaí ina bhfuil siad agus tá cur chun cinn na Gaeilge mar chuid den phróiseas feabhsúchán céanna.

Ta muid sean agus óg, meánaicmeach agus den lucht oibre, stróiceann muid mionnaí móra agus deir muid ár bpaidreacha.

Tá muid chomh héagsúil le dream ar bith eile ar domhan.

Agus tá saol na Gaeilge chomh saibhir sin is go dtig leat do rogha féin a de phléisiúr a ghlacadh - ag scríobh giolcanna ar twitter nó ag déanamh staidéir ar an tSeanGhaeilge a labhair na manaigh os cionn Loch Lao sa 9ú haois.

Bíodh suim agat i mistéir an tsean-nóis nó i rap Kneecap. Léigh dea-leabhair mhuintir Mhic Grianna agus/nó nosmag agus tuairisc.ie.

Mar a deir Ciara, is cuid d’oidhreacht 2,000 bliain í an Ghaeilge ach tá daoine óga á húsáid inniu ar bhealaí úra, cruthaitheacha. 

Ní dhéanann an Ghaeilge Amanaigh de lucht a labhartha. 

Ní dream cúng, cúng-aigeanta, druidte é lucht na Gaeilge agus tháinig sé sin trasna go láidir i gclár Chiara. 

Ach.

Is cuimhin liom a bheith ag comhdháil i gConamara ar feadh dheireadh seachtaine agus focal Béarla níor chuala mé. Bhí mé ag maireachtáil an saol trí Ghaeilge.

Ar ndóigh, chomh luath agus a thosaigh mé ag tiomáint fríd bhailte idir bheag agus mhór ó Ghaillimh go Béal Feirste, d’aithin mé go raibh mé i mboilgeog ar feadh dhá lá. 

Ní raibh mé buartha go raibh an Béarla le feiceáil gach áit – is breá liom an Béarla – ach rith sé liom rud a dúirt an rapaire/file/gníomhaí Séamus Barra Ó Súilleabháin le Ciara agus iad ag an Electric Picnic.

Dúirt sé gurbh fhearr gan ‘An Ghalltacht” a thabhairt ar na limistéir sin nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu ach gurbh fhearr “iar-Ghaeltachtaí” a thabhairt orthu mar is ceantracha iad ina raibh an teanga á labhairt ag pointe amháin inár stair.

Mhothaigh mé go raibh an ráiteas sin thar a bheith truamhéalach cionn is go bhfuil sé fíor. 

Agus bhí go leor eile sa chlár le cian a chur ort. Enter stage left - an córas oideachais.

Dar le Micheál Ó Foighil ó Choláiste Lurgan, níl na scileanna nó an paisean ag go leor múinteoirí Gaeilge fud fad na tíre.

Tugann Colm O’Rourke, laoch peile de chuid na Mí agus iar-thráchtaire ar The Sunday Game, “institutional assasination” ar pholasaithe an rialtais ó dheas i leith na Gaeilge. 

Is ábhar iontais é seo mar léiríonn figiúirí go bhfuil 25% de mhuintir an stáit ó dheas ag iarraidh a gcuid páistí a chur chuig Gaelscoil ach mar a thugeann an tOllamh Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le fios, má leanann an fhorbairt atá ar thógáil Ghaelscoileanna mar atá sé faoi láthair, go sásófar an t-éileamh sa bhliain (drumroll) – 2130.

Ach tá ábhar misnigh ann fosta ach ní nach ionadh faigheann Ciara é ó thuaidh. 

Téann an cur chuige a luaigh mé ag tús an ailt – ná habair é, déan é - agus an dóigh ar fhás an pobal Gaeilge ar bhonn orgánach  (pobal-bhunaithe sa bhéarlagar) go mór i bhfeidhm uirthi.

Rinne na ceannródaithe luatha íobairtí agus éachtaí ach cionn is gur de dhlúth agus d’inneach an mhórphobail iad, bhí siad ábalta an tacaíocht sin a fháil a chuidigh leo an dúshraith a leagan chun ligin don teanga bláthú.

Fuair Ciara inspioráid fosta nuair a thug sí cuairt ar Charn Tóchair i gContae Dhoire agus, arís, chonaic sí an dóigh ar fhás an teanga go horgánach, go gcuimsíonn sí an t-oideachas, an fhorbairt phearsanta, an meas ort féin agus ar dhaoine eile.

Cinnte, tá béim mhór i gcónaí ar an fhocal “pobal” agus daoine ag caint ar an Ghaeilge ach mar a dúirt Séamus Barra, sula dtógann tú Gaeltacht "caitheann tú 'An Ghaeltacht' a tógáil as do stuaim féin, í a chur isteach i d’aigne féin,” agus cruthófar Gaeltacht go horgánach ina dhiaidh sin.

:: Beidh Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge le feiceáil ar TG4 anocht ar a 9.30pm.

Léiriú de chuid Aniar TV atá ann agus is é Feilimi O’Connor an léiritheoir/stiúrthóir.