Irish-Language

Ó shaol lán cuideachta go dtí an t-uaigneas in aon mhí amháin

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">BAILE TR&Eacute;IGTHE: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">T&aacute; sr&aacute;ideanna Cheathr&uacute; na hArdeaglaise i mB&eacute;al Feirste folamh mar gheall ar an Chor&oacute;inv&iacute;reas. De ghn&aacute;ch, b&iacute;onn na sr&aacute;ideanna c&eacute;anna ag cur thar maoil le daoine&nbsp;</span>
BAILE TRÉIGTHE: Tá sráideanna Cheathrú na hArdeaglaise i mBéal Feirste folamh mar gheall ar an Ch BAILE TRÉIGTHE: Tá sráideanna Cheathrú na hArdeaglaise i mBéal Feirste folamh mar gheall ar an Choróinvíreas. De ghnách, bíonn na sráideanna céanna ag cur thar maoil le daoine 

TÁ MÉ sa teach le 12 lá anuas agus, iontas na n-iontas, níl mé imithe as mo chrann cumhachta go fóill - agus deirim “go fóill” mar níl cinnteacht ar bith ann nach n-éireoidh duine den chúigear atá sa teach corrthónach i ndiaidh achar mór sa bhaile!

I mo dhialann don mhí seo caite, mí an Mhárta, bhí 21 imeacht sa chéad choicís a raibh mé le freastal orthu mar gheall ar chúrsaí oibre nó ar chúrsaí siamsaíochta.

D’fhreastail mé ar an chuid is mó acu sa chéad seachtain agus bhain mé an-sult astu.

Chonaic mé laoch mór de mo chuid, Francesco Turrisi ag seinm in SARC (Sonic Arts Research Centre) de chuid Ollscoil na Ríona; chuaigh mé chuig na rásaí capall i nDún Dealgán den chéad uair agus bhain cúpla punt; ansin, bhí mé ag “fáire Airgintíneach,” cóisir do chara de mo chuid arb í mo mhuintir Spáinnise í, Sol Martin, a bhí ag dul chun an bhaile go Rosario le bliain a chaitheamh ann lena fear céile as Iúr Cinn Trá, Davy Cunningham agus a mac, Luka. 

Cúpla lá den scoth a bhí ann. Cinnte, bhí scéalta uafásacha faoin Choróinvíreas ag cur imní orainn ach b’éigean don seó dul ar aghaidh.

Seachtain a dó, agus an chéad rud a rinne mé ná agallamh poiblí a chur ar Fheargal Mhac Bhloscaidh a bhfuil Blosc, blag den scoth, bunaithe aige; chaill mé coirm Linley Hamilton cionn is go raibh sé díolta amach ach an lá ina dhiaidh, bhí mé ag ócáid iontach spreagúil i Halla na cathrach – seoladh léarscáileanna a léirigh logainmneacha Gaeilge Bhéal Feirste.

Ní amháin go raibh an léarscáil de chuid an ealaíontóra Andrew Whitson go gleoite ach d’fhoghlaim mé cuid mhór ó Pat McKay, Gordon McCoy agus Frances Kane, triúr saineolaithe ar logainmneacha na hÉireann.

An oíche sin, bhí oíche bhronnta na nduaiseanna i gcomórtas Filíochta Chultúrlann McAdam Ó Fiach agus Gradam Pádraic Fiacc ar siúl agus  Dánlann Dillon lán go béal.

Mura raibh sé sin spreagúil go leor, fuair mé an bus go hArd Mhacha ar an Aoine d’oscailt Aonach Mhacha, an Chultúrlann úr i gcathair na nArdeaglaisí.

Bhí an t-Earrach ar an bhealach agus bhí saol na Gaeilge faoi bhláth agus an t-ionad úr ag cur thar maoil le daoine agus le dóchas.

Ach ansin, an scamall mór dubh sin, an bhagairt a bhí sa Choiróinvíreas, bhí sé chomh mór sin nárbh fhéidir leanstan ar aghaidh leis an saol mar a bhíodh.

Bhí mo dhialann breac le rudaí eile a bhí á gcur ar ceal diaidh ar ndiaidh. Fuair an réadúlacht agus an chiall an lámh in uachtar ar an dóchas mar ba cheart.

Bhí mé le dul go Maidrid ar feadh cúig lá ach chinn mé sa deireadh gan dul, ábhar mór díomá ar ndóigh. Bhí mé le bheith i bpríomhchathair na Spáinne ar lá na Féile Pádraig agus mé ag dúil go mór leis an eispéireas ach dá rachainn ann, seans mór go mbeinn ansin go fóill!

Sa bhaile, cuireadh In the Name of the Son, an dráma a raibh mé le léirmheas a dhéanamh air, ar athlá.

Ní thiocfadh leis an chlann a máthair a thabhairt amach do Lá na Máithreacha cionn is go raibh na bialanna uilig druidte.

Tháinig na ríomhphoist ag inse dom go raibh mo choinne leis an choslia curtha ar ceal, go raibh mo léirmheas ar Blas curtha ar ceal, mar a bhí seoladh leabhair Rosemary Jenkinson.

Ní bheinn ag cur agallaimh ar Tom Sullivan, stiúrthóir Arracht, scannán atá suite le linn an Ghorta Mhóir agus, ar deireadh, cuireadh siar an blaiseadh fíona a mbím ag freastal air.

Ag amharc ar mo dhialann inniu, tá sí chomh bán le sneachta.

Níl sráideanna Main Street mar a deir na Meiriceánaigh  lán daoine agus gach cathair agus baile mar a bheadh bailte tréigthe iontu, daoine faoi dhianghlásáil ina dtithe nó ina n-árasáin féin, na páistí/mná céile/fir chéile/peataí ag cur isteach go mór orthu.

Ach níl na hamhránaithe ina dtost, tá siad agus na ceoltóirí ag seinm leo ar líne. Tá an ghrian amuigh, teas ag pilleadh ar an domhan, bláthanna ag teacht inár measc agus tá ainmhithe fiáine isteach sna cathracha arís cosúil leis an sionnach atá sa phictiúr thuas agus é ag Droichead na Leithphingne i mBaile Átha Cliath. Ghlac ball den Gharda Síochana an pictiur agus roinneadh go forleathan ar twitter é. 

Ach tá an t-uafás fite fuaite san áilleacht, an t-éadóchas leis an dóchas.

Tá muid ag fanacht le rabharta den Choróinvíreas teacht chugainn an tseachtain seo – cé go bhfuil dea-scéala ag teacht ón taobh eile den teorainn - agus ní fios cé a sciobfaidh an galar leis.

Is ait an mac an saol mar a deir an seanfhocal ach glacfaidh an cine daonna le cibé dúshlán a chuirtear roimhe agus rachaidh sé ar aghaidh ag dul in oiriúint an t-am ar fad.