Irish-Language

Scannáin faisnéise a chuireann muid i dteagmháil le saol folaithe daoine eile

<b>DIEGO MARADONA:</b> T&aacute; an iliomad sc&eacute;alta daonna &aacute; n-inse faoi ghn&aacute;thdhaoine cos&uacute;il leis na daoine a th&eacute;ann amach ag sn&aacute;mh&nbsp; ngach cine&aacute;l aimsire agus an fear &oacute;g a thiom&aacute;ineann otharcharr pr&iacute;obh&aacute;ideach at&aacute; go fl&uacute;irseach i gcathair Mheicsiceo ach ins&iacute;onn siad sc&eacute;alta faoi dhaoine cl&uacute;iteacha fosta, agus t&aacute; sc&eacute;al Maradona thar a bheith suimi&uacute;il&nbsp;
DIEGO MARADONA: Tá an iliomad scéalta daonna á n-inse faoi ghnáthdhaoine cosúil leis na daoine a théann amach ag snámh  ngach cineál aimsire agus an fear óg a thiomáineann o DIEGO MARADONA: Tá an iliomad scéalta daonna á n-inse faoi ghnáthdhaoine cosúil leis na daoine a théann amach ag snámh  ngach cineál aimsire agus an fear óg a thiomáineann otharcharr príobháideach atá go flúirseach i gcathair Mheicsiceo ach insíonn siad scéalta faoi dhaoine clúiteacha fosta, agus tá scéal Maradona thar a bheith suimiúil 

NÍ THARLAÍONN SÉ go minic ach in amanna agus fonn orm a bheith fealsúnach, measaim go bhfuil mo shaol iontach beag, iontach cúng.

Smaoiním go minic ar stiúrthóirí scannán agus an réimse scileanna atá de dhíth le scannáin ar nós TitanicThe GodfatherStar Wars a dhéanamh.

Tá cruthaitheacht agus samhlaíocht as an ghnáth de dhíth le saothair mar sin a chur i gcrích agus níl ceachtar acu agam ar an drochuair.

Níor athraigh mé an saol mar a d’athraigh Galileo Galilei, nó Tim Berners Lee nó Rosa Parks nó muintir Bhóthar Seoighe é ar a ndóigheanna féin.

Sin ráite, tá cumas éigin i ngach duine mothú go bhfuil siad ceangailte don domhan ar fad nó do shaol ar an taobh eile den saol gach lá seo.

Mhothaigh mé féin é agus mé ag barr Duibhise lá amháin. Agus mé i mo shuí ar thaobh an tsléibhe, nocht an scamall beag gleoite seo, é chomh bán le sneachta ach ar a chúl, nocht an scamall ollmhór dubh seo. Chomh hard sin os cionn leibhéal na mara, bhí sé mar a bheinn thuas sa speir i measc na scamall. Mhothaigh mé an fuinneamh feargach, bagrach a bhí san fhathach dubh seo de scamall agus away liom síos an sliabh ar stealla cosa in airde.

Thit deora móra fearthainne orm agus bhí an scamall mar a bheadh sé mo leanúint. Thíos fúm, bhí Loch Lao ar thaobh amháin agus oirthear Uladh ar an taobh eile. Bhí sé dodhearmadta, cosúil le out of body experience. 

Agus sin mar atá scannáin ficsin agus scannáin faisnéise.

Chaith mé oíche Chéadaoin ag breathnú ar bhlaisíní de scannáin ar aip darb ainm Curzon. Bhí mé chomh tugtha sin dóibh nach ndeachaigh mé a luí go dtí 4.50am!

Is dócha gurbh iad na scannáin seo a chuir ag smaoineamh mé ar an saol seo agus ar an saol thart orm.

I ndiaidh mé bheith ag caint le Muireann Nic Amhlaoibh faoin ghrá atá aici don tsnámh san fharraige is cuma cad é an chuid den bhliain atá ann, chuir mé an-suim i scannán darb ainm The Ponds, a bhaineann le Hampstead Ponds i Londain agus na daoine a bhíonn ag snámh iontu beag beann ar fhearthainn nó ar shneachta nó ar fhuacht.

Caithfidh mé a rá gur chuir sé fonn orm dul amach am éigin agus léimnigh isteach i loch agus oighir ann. Mhair an fonn ar feadh cúpla soicind ach admhaím go raibh an tsoiscéalaíocht a rinne lucht snámha thar a bheith spreagúil.

Ní dóigh liom, áfach, go dtiocfadh le mo chorp cur suas leis an fhuacht agus ní bheadh mo chorp inchurtha leis an gníomhartha a chonaic mé in Cunningham, scannán faoin chóiréagrafaí clúiteach Meiriceánach, Merce Cunningham.  

Ag amharc ar na daimhseoirí, an dóigh ar ghluais siad go státúil ar an urlár nó fríd an aer, thit mé faoi dhraíocht ag áilleacht na gcorp agus na gluaisachta. 

Dalta The Ponds, bhí fonn orm grande jeté agus cúpla pirouette a dhéanamh ach níor mhair an fonn sin ach an oiread.

Á bhuel, sin sin. Ar a laghad, thig liom sult a bhaint as daoine eile ag déanamh éachtaí a théann salach ar theoiricí na fisice i scannán thar a bheith álainn.

Ní thiocfadh leat a rá go bhfuil corp dhaimhseoir bailé ag Diego Maradona ach ní chaitheann tú bheith fíneálta le bheith i d’imreoir sacair. Bhí Maradona go hiontach mar pheileadóir – láidir, sciliúil, diongbháilte mar a fheiceann muid i scannán úr Asif Kapadia, Diego Maradona.

Rugadh i gceann de na ceantracha ba bhoichte in Lanús Oeste, Buenos Aires é Maradona ach i mbarr a réime, bhí sé ar na peileadóirí ba shaibhre den tréimhse sin sna 1980idí nuair a d’imir sé do Barcelona agus do Napoli.

Ach mar atá a fhios ag an saol mór, bhí fadhbanna ag Maradona maidir le drugaí; bhí mac aige nár aithin sé; bhí sé cóngarach don Mafia le linn do bheith san Iodáil agus léiríonn Diego Maradona cíor thuathail shaol Maradona agus cuireann tú ceist ort féin cad é mar a thiocfadh leat cur suas leis na sluaite síoraí a bhí i gcónaí gcónaí do thimpeallú.

Is scannán é Diego Maradona nach dtig leat do shúile a bhaint den scáileán ón chéad bhomaite.

Ag fanacht i Meiriceá Laidineach, tá scannán faisnéise eile le feiceáil ar Curzon a léiríonn saol teaghlach amháin agus an brú atá orthu sin.

Tá 45 otharcharr i gCathair Mheicsiceo, cathair a bhfuil 9 milliún duine ina gcónaí inti. Mar sin de, tá otharcharr príobháideacha in úsáid.

Leanann an scannán Midnight Family teaghlach amháin, muintir Ochoa, a bhfuil otharcharr príobháideach acu. Caitheann na hothair bhochta foirm a shíneadh le go bhfaighidh muintir Ochoa a dtáille, £160. Ach mura síníonn?

Mar a dúirt an léirmheastóir sa Guardian: “This is what we could have to look forward to with a privatised NHS.” 

Tá saibhreas iontach i measc na scannán faisnéise agus, cé go bhfuil idir £3.99 agus £999 orthu, is fiú go mór n táille le dearcadh úr a fháil ar an saol mór amuigh ansin sular tháinig an Coróinvíreas i réim.

Ach tabharfaidh an dianghlasáil seo deis dúinn rudaí úra a fhoghlaim, eispéiris iontacha daoine eile ar fud na cruinne a fheiceáil agus é a thabhairt chun cuimhne gur cine amháin muid uilig sa deireadh.