Irish-Language

Amach libh, idir óg agus aosta, agus siúlaigí míle ar son bhur bhfolláine

<b>AMUIGH AGUS ISTIGH: </b>Caitheann muid fanacht sa bhaile le linn na g&eacute;arch&eacute;ime seo ach t&aacute; cead againn dul amach ag rith n&oacute; ag si&uacute;l uair AMH&Aacute;IN sa l&aacute; le hacla&iacute;ocht a fh&aacute;il, rud a chuirfidh feabhas ar &aacute;r sl&aacute;inte fhisici&uacute;il agus mheabhrach.<span class="Apple-tab-span" style="white-space:pre">		</span><strong>&nbsp;Pic:</strong> Mal McCann
AMUIGH AGUS ISTIGH: Caitheann muid fanacht sa bhaile le linn na géarchéime seo ach tá cead againn dul amach ag rith nó ag siúl uair AMHÁIN sa lá le haclaíocht a fháil, rud a chuirfidh f AMUIGH AGUS ISTIGH: Caitheann muid fanacht sa bhaile le linn na géarchéime seo ach tá cead againn dul amach ag rith nó ag siúl uair AMHÁIN sa lá le haclaíocht a fháil, rud a chuirfidh feabhas ar ár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach.  Pic: Mal McCann

AGUS AN oiread sin páistí sa bhaile mar gheall ar na rialúcháin a bhaineann leis an Covid-19 agus a scoileanna druidte, tá an baol ann go beidh siad greamaithe don tolg nó do scáileán - nó an dá rud.

Ach is féidir an teach a fhágáil le cineál amháin aclaíochta a dhéanamh a fhad is a chleachtann muid an scaradh sóisialta ó dhaoine taobh amuigh de theaghlach s’againn féin agus níl am ar bith níos fearr do pháistí aghaidh a thabhairt ar An Míle Laethúil nó The Daily Mile (thedailymile.co.uk).

*Thosaigh príomhoide darb ainm Elaine Wyllie an togra aclaíochta éascaí seo ocht mbliana ó shin i ndiaidh í éirí buartha faoi chaighdeán corpacmhainne a daltaí.

Is é an smaoineamh simplí é go siúlfadh, go rithfeadh nó rachadh daoine óga ar bhogshodar ag cibé luas a oireann dóibh ar feadh 15 bhomaite gach lá – bíodh siad ar scoil – nó sa bhaile lena sláinte agus lena bhfolláine a fheabhsú.

Cé go dtugtar “An Míle Laethúil” air cionn is gur sin an meán-am a ghlacann páistí le míle a rith, níl an fad sin éigeantach agus is é an aidhm an tionscnaimh go mbainfeadh daoine sult as, go dtiocfadh feabhas orthu le himeacht aimsire agus go gcothódh siad nósanna folláine a mhairfeadh i rith a saoil.

Agus anois go bhfuil tuismitheoirí in abar sa bhaile chomh maith, níl fáth ar bith nach féidir leo an rud céanna a dhéanamh agus dul amach leis an Mhíle Laethúil a dhéanamh in éineacht lena gcuid páistí agus taitneamh a bhaint as na buntáistí céanna - anuas ar an tairbhe eile go bhfuil siad ag déanamh rud éigin sláintiúil i gcuideachta a gcuid páistí.

“Molann muid do dhaoine de gach aois fanacht gníomhach agus dearfach ach na treoirlínte a bhaineann leis an scaradh sóisialta á leanúint,” a deir Wyllie. 

“Is bealach iontach é an Míle Laethúil - 15 bhomaite ag siúl nó ag rith amuigh faoin aer úr - do theaghlaigh ina bhfuil páistí fanacht folláin le linn do na scoileanna agus do na naíolanna bheith druidte agus is mór an borradh é don tsláinte coirp agus meabhrach.

“Níl aon trealamh de dhíth, níl aon chostas ag baint leis agus is féidir an Míle Laethúil a dhéanamh áit ar bith atá sábháilte siúl nó rith ann. Is breá le teaghlaigh a bheith amuigh faoin aer le chéile, ag nascadh leis an dúlra agus ag fanacht sláintiúil le chéile.

“Tháinig druidim na scoileanna agus na naíolanna díreach ag tús san Earraigh agus an aimsir ag bisiú, mar sin ní féidir beag is fiú a dhéanamh de na buntáistí a bhaineann le bheith amuigh san aer úr.”

Anseo, tugann Wyllie breac-chuntas ar na buntáistí a bhaineann leis an Mhíle Laethúil ar ghlac corradh le 10,900 scoil agus naíolann i 78 tír páirt ann cheana, rud a chiallaíonn go raibh os cionn 2.3 milliún páiste ag siúl nó ag rith mar chuid de.

Laghdaíonn an Míle Laethúil murtall agus feabhsaíonn sé folláine daoine óga.

Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfaigheann páistí 60 nóiméad d’aclaíocht measartha bríomhar gach lá - ach ní fhaigheann ach níos lú ná 40% de pháistí é sin.

Is é an cuspóir atá ag an Mhíle Laethúil ná sláinte agus folláine páistí a fheabhsú, idir fhisiciúil, mhothúchánach, shóisialta agus mheabhrach.

Fuair ??staidéar a rinne Ollscoil Birmingham amach go bhféadfadh An Míle Laethúil a bheith ina réiteach cost-éifeachtúil i ndiaidh 12 mhí maidir le dul i ngleic le murtall i measc páistí agus go raibh tionchar dearfach aige ar BMI cailíní.

Rinne Ollscoileanna Stirling agus Dhún Éideann staidéar chun na buntáistí fiseolaíochta a bhaineann leis an Mhíle Laethúil do páistí bunscoile a mheas agus fuair siad amach gur fheabhsaigh sé a n-aclaíocht le 5%, gur chuir sé feabhas ar chomhdhéanamh an choirp (body composition) trí laghdú 4% a bhaint amach ar shaille coirp, gur mhéadaigh sé leibhéil ghníomhaíochta le 15%, agus laghdaigh sé  iompar neamhghníomhach le 5%.

Tá an Míle Laethúil éasca agus in-oiriúnaithe.

“Tá an Míle Laethúil tógtha ar an phrionsabal go bhfuil sé furasta é a chur i bhfeidhm, gur féidir le duine ar bith é a dhéanamh agus go bhfuil spraoi ag baint leis,” a deir Wyllie. 

“Tá sé simplí, saor in aisce agus tugann sé páistí amach as an seomra ranga - nó as an teach - ar feadh 15 bhomaite sa lá. Is féidir le múinteoirí nó le tuismitheoirí é a dhéanamh am ar bith a oireann sé dá sceideal agus ní gá do pháistí éadaí eile a chur orthu.”

De réir staidéir de chuid Ollscoil Torino, fuair múinteoirí a ghlac páirt sa tionscnamh amach go raibh sé thar a bheith éasca é a chur i bhfeidhm agus d’aontaigh 96.4% de mhúinteoirí nach raibh aon tionchar diúltach ag an Mhíle Laethúil ar a gcuid teagaisc.

Feabhsaíonn sé cuimhne, aire agus giúmar na bpáistí.

Cruthaíonn gníomhaíocht coirp ionoirfiní agus cuireann siad seo spion níos fearr ar dhaoine, a chuireann Wyllie in iúl go láidir.

Thuairiscigh taighde faoi stiúir Ollscoil Swansea go raibh tionchar dearfach ag an Mhíle Laethúil ar shonas páistí chomh maith agus gur fheabhsaigh sé a bhfolláine go suntasach. 

Agus de bharr taighde breise a rinne Ollscoileanna Stirling agus Dhún Éideann fuarthas amach, i ndiaidh 15 bhomaite de ghníomhaíocht coirp féinluais mar an Míle Laethúil, gur tháinig feabhas 7% ar airdeall, ar spion, agus ar chuimhne béil (verbal memory) páistí.

Déanann sé páistí níos feasaí faoina sláinte

Cothaíonn an Míle Laethúil smaointe faoin fhéinchúram, agus éiríonn páistí níos eolaí

ar a sláinte féin agus ar an ghá atá le freagracht a ghlacadh as. 

“I ndiaidh iad a bheith ag rith ar feadh 15 bhomaite gach lá, tosaíonn páistí ag tabhairt faoi deara go bhfuil a leibhéil aclaíochta ag dul i bhfeabhas agus éiríonn siad eolach faoi na buntáistí sláinte,” a deir Wyllie. 

“Tosaíonn siad ag mothú níos fearr ní amháin go fisiciúil ach go meabhrach agus is fearr a leibhéil airde. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh a fhios ag páistí na buntáistí a bhaineann le haclaíocht agus déanann The Míle Laethúil é seo,” ar sí.

:: Beidh leagan Béarla den alt seo le féiceáil ar an Irish News amárach.