Irish-Language

Ag amharc níos géire isteach sna cúiseanna taobh thiar den Covid-19

<b>COSAINT DON TEAGHLACH UILIG: </b>Is ioma&iacute; c&uacute;is at&aacute; taobh thiar de gh&eacute;arch&eacute;im an Chor&oacute;inv&iacute;ris, scrios ghn&aacute;th&oacute;g, uirbi&uacute; na gc&eacute;adta milli&uacute;n duine, an bhochtaineacht agus drochshl&aacute;inte bhun&uacute;sach cuid mh&oacute;r daoine. Thuas, t&aacute; teaghlach sa Phacast&aacute;in agus masca&iacute; orthu uilig
COSAINT DON TEAGHLACH UILIG: Is iomaí cúis atá taobh thiar de ghéarchéim an Choróinvíris, scrios ghnáthóg, uirbiú na gcéadta milliún duine, an bhochtaineacht agus d COSAINT DON TEAGHLACH UILIG: Is iomaí cúis atá taobh thiar de ghéarchéim an Choróinvíris, scrios ghnáthóg, uirbiú na gcéadta milliún duine, an bhochtaineacht agus drochshláinte bhunúsach cuid mhór daoine. Thuas, tá teaghlach sa Phacastáin agus mascaí orthu uilig

AN Í AN pholaitíocht is cúis leis an choróinvíreas? Ar chuir an córas eacnamaíochta domhanda le spréadh an víris? Nó an teoiric amaideach comhcheilge atá ann?

I gcaint a thug Paul Mason le linn na Féile Imagine Dé Céadaoin, chuir an tráchtaire/iriseoir/scríbhneoir síos go mion agus go hinchreidte ar an dóigh ar chuidigh an caipitleachas le spréadh an Choróinvíris ar fud an chuid is mó den domhan.

“Leathnaigh an Coróinvíreas amach ón tSin go dtí an Iaráin agus uaidh sin isteach san Eoraip, áit ar léirigh sé a laige is atá an tsochaí shibhialta sna tíortha atá á chrá aige,” arsa Mason.

“Agus maidir leis an Ríocht Aontaithe, maireann an fhadhb a bhí riamh againn, is é sin go bhfuil drong amaitéarach (i gceannas) a chreideann go bhfuil sé ar a gcumas an tsochaí a rialú. Fir uaisle amaitéaracha an Bullington Club, a rinne neamhaird ar an bhagairt ar feadh dhá mhí.”

Dúirt Mason gurbh fhéidir le rialtas Boris Johnson drochthorthaí an Choróinvíris a mhaolú go mór dá ndéanfadh siad na rudaí céanna is a rinne an tSeapáin agus an Chóiré Theas. Agus níor chuidigh an achrann i gcroí an rialtias le cúrsaí.

“Bhí Dominic Cummings agus Johnson ag iarraidh airgead an Státchiste a choinneáil le caitheamh ar Brexit crua, rud a raibh Sajid Javid ina éadan,” a mhínigh Mason.

“D’imigh seisean agus tháinig Rishi Sunak isteach ag gealladh £12billiún mar spreagadh fhioscach (a fiscal stimulus) ach níorbh fhada go raibh sé ag fógairt £330billiún mar chúnamh. 

“Ní fios cad é a chosnóidh sé an earnáil príobháideach a choinneáil ar snámh. Ní nach ionadh mar sin, go bhfuil Goldman Sachs ag rá go bhfuil meathlú tobann geilleagair (an economic slump) i ndán don domhan ar fad. 

“Má fhásann geilleagar an domhain ag ráta 2%, cúlú atá ann. Tá Goldman Sachs ag tuar go laghdóidh sé le 1%, níos measa ná an rud a tharla in 2008. 

Agus an geilleagar domhanda lag, déanfaidh an Coróinvíreas dochar níos measa dó agus tá muid ag amharc ar an ré deireanach den chaipitleachas, nó an nua-liobrálachas, mar a aithníonn muid inniu é, dar le Mason.

Deir sé gur thosaigh an nua-liobrálachas – is é sin, an domhandú agus margaidh shaora – le straitéisí Margaret Thatcher agus Ronald Reagan ar tús; le Bill Clinton sa tréimhse láir ach tá a dheireadh ag teacht ó ghéarchéim 2008 ar aghaidh.

“Sna 1970idí agus 1980idí, rinneadh smidiríní de chumhacht an aicme oibre, osclaíodh tíortha ar nós na Síne, na hIndia, na Rúise agus tíortha Mheiriceá Theas agus dhúblaigh líon na n-oibrithe sa mhargadh domhanda.

“Phlódaigh na daoine seo isteach sna cathracha agus tá bailte uafásacha seantán ag teacht chun cinn arís.

“Anuas air sin, tá pá agus tuarastal ag éirí níos lú mar chéatadán den gheilleagar domhanda, rud a chuireann brú ar dhaoine dul i bhfiacha ach tá méid na bhfiacha ar fud na cruinne – $324 trilliún anuraidh – imithe le sruth, rud nach bhfuil inmharthana.

“D’éirigh an tráchtáil níos tábhachtaí na an déantúsaíocht agus d’imigh jabanna ardscileanna agus ardphá ó H&W, Shorts agus Bombardier, mar shampla.”

Dar le Mason, tá comhlachtaí móra ar nós Amazon agus Google agus Google “ag ithe an chuid eile den chaipitleachas” ar mhaithe le praghsanna a  scaireanna.

Ach cad é faoin Choróinvíreas? 

Deir sé nár chruthaigh an chaipitleachas an Coróinvíreas, ar ndóigh, ach tá an timpeallacht nádúrtha á scrios againn agus tá na hainmhithe atá ag spréadh galair ag cailleadh a ngnáthóg -   éanacha, sciatháin leathair, ialtóga measa agus mar sin de.

“Anuas air sin, tá slumaí na 19ú haoise á n-athchruthú againn. Tá billiún duine ina gcónaí i slumaí cáidheacha ar fud na cruinne.    

“Tá sé amhlaidh cionn is go bhfuil clár ollmhór uirbithe ar siúl agus as na cúinsí seo, eascraíonn víris.  

“Ar a bharr sin, tá geilleagar domhanda ar bheagán rialála ann.

“Agus mé ag rá seo, tá cead ag eitiltí teacht isteach go Londan ón Iaráin agus ón tSín. Cad chuige?

“Agus is éigean seo a rá fosta,” arsa Mason.

“Anseo sa Ríocht Aontaithe, tá cuid mhór den daonra mífholláin. Na daoine is mó atá ag fáil bháis den Choróinvíreas, tá bun-ghalair orthu – tá siad murtallach; tá galair riospráide orthu; tá  diaibéiteas chineál a dó agus galair croí orthu. 

“Eascraíonn cuid de na galair seo as an tslí bheatha atá ag daoine mar gheall ar an bhochtaineacht agus tá sé mar a bheadh targaidí péinteáilte ar dhroim daoine do na víris seo.

“Ní ionsaí ón taobh amuigh é an ghéarchéim ach géarchéim atá cruthaithe againn féin,” arsa Mason.