Irish-Language

An fhéile nach bhfuair an coróinvíreas bua air le craoladh beo ar an idirlíon

<strong><span style="font-family: -webkit-standard; font-size: medium;">PAUL MASON:</span></strong><span style="font-family: -webkit-standard; font-size: medium;"> T&aacute; Mason ar cheann de na tr&aacute;chtair&iacute; is suimi&uacute;la d&aacute; bhfuil ann fai l&aacute;thair agus ba ch&oacute;ir go mbeadh lucht m&oacute;r f&eacute;achana ar an chaint a thabharfaidh s&eacute; le linn an Imagine Festival am&aacute;rach ar a 5pm</span>
PAUL MASON: Tá Mason ar cheann de na tráchtairí is suimiúla dá bhfui PAUL MASON: Tá Mason ar cheann de na tráchtairí is suimiúla dá bhfuil ann fai láthair agus ba chóir go mbeadh lucht mór féachana ar an chaint a thabharfaidh sé le linn an Imagine Festival amárach ar a 5pm

CÚPLA SEACHTAIN ó shin, rinne mé réamhaisnéis ar an Imagine Festival of Ideas, féile a bhí le bheith ar siúl an tseachtain seo i lár Bhéal Feirste.

Ar an drochuair, b’éigean í a chur ar ceal mar gheall ar an choróinvíreas ach léiríonn sé seiftiúlacht agus cruthaitheach lucht a eagraithe nár thit siad in ísle brí ach d’athchruthaigh siad an fhéile mar fhéile ar líne a thosóidh inniu ar shuíomh na féile ag imaginebelfast. com/live agus tá cuid mhór cainteanna le bheith ag dúil leo.

Thig leat an lá a chaitheamh, ón 1pm - 9pm, cois do ríomhaire ag éisteacht le saineolaithe ag caint ar chuid de na ceisteanna is práinní a gcaithfidh an cine daonna dul i ngleic leo. Ach ar ndóigh, meascann an fhéile trom agus an éadrom agus ábhair atá idir shúgradh agus dáiríre agus tá clár an lae inniu ag cur thar maoil.

Mar shampla, tosaíonn sé ar a 1.15pm inniu le caint ar an uisce bheatha i mBéal Feirste! Ní dóigh liom go mbeidh sé ag maíomh gur leigheas ar an Covid-19 é ach tá stair fhada ag an déanamh uisce bheatha i mBéal Feirste.

Ar a 2pm, beidh Neil Jameson ag cur na ceiste, “Why not a Citizen’s NI? Deir sé go n-oibríonn an eagrú ar bhonn pobail le leas an phobail – nó an sochaí sibhialta mar a thugann sé air – pobal, cumhacht, polaitíocht agus rannpháirtíocht. Ar ndóigh, níl le déanamh ag Neil ach amharc ar phobal na Gaeilge mar eiseamláir den scoth den eagrú pobal sin chun leasa an phobail.

Ar a 3pm beidh caint ar The political response to Covid-19 le feiceáil agus iriseoir an Irish News, Allison Morris agus stiúrthóir polasaí an DUP, Lee Reynolds ag déanamh comhrá.

Tabharfaidh Richard English ó Ollscoil na Ríona aghaidh ar an cheist chonspóideach “Does Political Violence Work?” ar a 4pm amárach. (Leid: oibríonn).

Ar a 5pm inniu, beidh buaicphointe an lae, an t-iriseoir (agus iar-ceoleolaí) Paul Mason ag caint ar Capitalism after Covid-19. Is cinnte go bhfuil buille tugtha ag an choróinvíreas don chóras caipitleachas agus geilleagair náisiúnta á ndruidim síos ar fud na cruinne.

An dtiocfaidh an caipitleachas slán as nó an athróidh meon na ndaoine coitianta an oiread sin is nach gcuirfidh siad suas le saint an lucht rachmais níos mó? Ar chuir an coróinvireas deireadh leis an ollsmacht atá ag corparáidí móra airgeadais agus tionsclaíochta? Agus cad é an córas a dtig linn a chur in áit an chaipitleachais? Beidh an caint seo thar a bheith suimiúil.

Fanfaidh muid leis an ghalar nuair a thabharfaidh an tOllamh Stuart Elborn caint ar an bhagairt a bhaineann le Covid-19 agus an taighde atá déanta air. Cuirfidh an file Chris Agee (7pm) agus an fear grinn Tim McGarry deireadh le himeachtaí an lae. Phew – ach amárach Déardaoin), beidh an clár chomh plódaithe céanna.

Ar a 1.10pm, pléifear an cheist: Can we ethically commemorate the Troubles? (Leid: thig).

In aimsir seo na nuachta bréagaí, tá sé tráthúil go mbeidh caint dar teideal Why does fact checking matter? le feiceáil amárach ar a 2pm. Sa chlár, foghlaimeoidh muid mar ata an grúpa FactCheckNI ag troid in éadan na mífhaisnéise fríd uirlisí teicniúla agus ag spréadh eolais ar an dóigh a n-oibríonn na meáin.

Measann an tOllamh John Barry go bhfuil ceachtanna agus deiseanna dearfacha le fáil sa bhabhta seo den choróinvíreas agus cuirfidh sé síos orthu in Lessons from the pandemic amárach ar a 3pm sula dtéann muid siar sa stair le foghlaim faoin Dr William Drennan, athair an daonlathais in Éirinn ach fear a mhol ní na lámha mar chosaint ar an ionfhabhtú san 18ú haois. Tosóidh Let Tyrants Tremble ar a 4pm.

Tá an daonlathas ar chreid Drennan ann faoi bhagairt sa lá atá inniu ann, mar sin tá sé tráthúil go mbeadh Peter Ramsay ó opendemocracy ag tabhairt cainte ar an chogadh i éadan an daonlathais ar a 5pm. Luaigh mé cuid eile de na himeachtaí an lae seo san alt deireanach ach an Aoine, seó Paddy Cullivan, Solutionism, ach go háirithe.

Inniu, beidh sibh in ann amharc ar: 1.10pm: Is more economic growth the answer? 2pm: The challenges facing the arts sector 5pm: How will coronavirus change our political culture? 6pm: Stand-up, speak out 7pm: The Devil’s Doorway agus 8pm: Burned le Sam McBride. 

:: Is féidir na himeachtaí uilig a fheiceáil ar youtube nó ag imaginebelfast.com