Irish-Language

Samhlaigh: an fhéile do smaointeoireacht úr ar na gaobhair arís

<strong>M&Aacute;IRT&Iacute;N &Oacute; CADHAIN:</strong> Bh&iacute; laoch Chonamara ar dhuine de na daoine is cumasa&iacute; i saol na scr&iacute;bhneoireachta agus t&aacute; a thionchar le moth&uacute; go f&oacute;ill ar fud na h&Eacute;ireann &nbsp;
MÁIRTÍN Ó CADHAIN: Bhí laoch Chonamara ar dhuine de na daoine is cumasaí i saol na scríbhneoireachta agus tá a thionchar le mothú go fóill ar fud na hÉireann   MÁIRTÍN Ó CADHAIN: Bhí laoch Chonamara ar dhuine de na daoine is cumasaí i saol na scríbhneoireachta agus tá a thionchar le mothú go fóill ar fud na hÉireann  

IMEASC na n-imeachtaí corraitheacha a bheas ar siúl le linn na féile Imagine, i mbliana, beidh taispeántas dhá chlár teilifíse a cheiliúrann saol agus saothar an údair agus an ghníomhaí Gaeilge agus Gaeltachta, Máirtín Uí Chadhain. 

Is clár speisialta é Rí an Fhocail, a dhéanann plé ar scríbhneoireacht Uí Chadhain agus a fhéachann lena shuí ina shaol féin agus i saol a linne a chur faoinár mbráid agus in Ó Cadhain sa gCnocán Glas, ligtear don Chadhnach labhairt ar a shon féin.

In 2006, rinne RTÉ coimisiúnú ar Rí an Fhocail. 

Tá agallaimh ann leis na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile, le Joe Steve Ó Neachtain (a fuair bás le gairid) agus le Louis de Paor, chomh maith le mion-drámaí bunaithe ar shaothar an Chadhnaigh, agus ábhar cartlainne. 


Bhuaigh an clár  duais don chlár Gaeilge is fearr ag na Irish Film and Television Awards 2007 agus don chlár ealaíon is fearr ag an Celtic Film Festival 2006.

Is clár cartlainne de chuid RTÉ é Ó Cadhain sa gCnocán Glas a craoladh de chéaduair i 1967 agus a bhfuil athmháistriú déanta ag Leabharlann agus Cartlann RTÉ anois air. 

Is sa Chnocán Ghlas taobh thiar den Spidéal a taifeadadh an clár, áit inar rugadh agus inar tógadh Ó Cadhain, agus is é Ó Cadhain féin an treoraí againn. 

Cuireann sé in aithne don lucht féachana a cheantar dúchais, muintir an cheantair, an saol a bhí acu, agus an teanga a labhair siad – na rudaí a mhúnlaigh mar dhuine agus mar scríbhneoir é.

Beidh an dá scannán le feiceáil in Áras Mhic Reachtain, ar Bhóthar Aontroma ar an 25 Márta idir  12.00pm agus  2.00pm (doirse 11.45am)

::  Is iomaí imeacht eile a bhfuil suim agam féin freastal orthu – cé gur i mBéarla at siad.

Cuirtear ceist shuimiúil i gceann amháin acu, An díospóireacht ar athaontú na hÉireann an bhfuil muid ag coinneáil na mban ar an taobh amuigh.

Mar dhuine a chaitheann go leor ama ag díospóireachtaí ar an ábhar, féadaim a rá nach bhfuil ach b’fhéidir go mbeadh a mhalairt de thuairim ag daoine eile.

Agus beidh mé ag freastal go cinnte ar Abomination premier domhanda an scannáin a insíonn scéal an cheoldráma Abomination: A DUP Opera a bhaineann úsáid as ráitis homafóbacha pholaiteoirí an DUP.