Irish-Language

Ó Thóin a’ Bhaile go dtí an tIúr is Béal Feirste

<strong>NOEL &Oacute; GALLCH&Oacute;IR:</strong> Beidh Noel ag tabhairt &oacute;m&oacute;is do Sh&eacute;amas &Oacute; Grianna n&oacute; M&aacute;ire i se&oacute; &uacute;r a bheas le feice&aacute;il i mB&eacute;al Feirste agus ar an I&uacute;r an mh&iacute; seo chguainn &nbsp;
NOEL Ó GALLCHÓIR: Beidh Noel ag tabhairt ómóis do Shéamas Ó Grianna nó Máire i seó úr a bheas le feiceáil i mBéal Feirste agus ar an Iúr an mh&iacu NOEL Ó GALLCHÓIR: Beidh Noel ag tabhairt ómóis do Shéamas Ó Grianna nó Máire i seó úr a bheas le feiceáil i mBéal Feirste agus ar an Iúr an mhí seo chguainn  

MAR CHOMHTHARLÚ, bhí mé ag léamh ailt le Carán Ó Dornáin san iris Taighde agus Teagasc an tseachtain seo caite ina n-abrann an t-údar nár bhréag a rá “nach bhfuair Máire cothrom na Féinne, go dtí seo, ón chritic ná ó lucht acadúil.”

Ní fhéadfaí sin a chur i leith Noel Uí Ghallchóir, áfach, fear a bhfuil dráma úr dá chuid bunaithe ar shaol agus ar shaothar Shéamuis Uí Ghrianna, a scríobh ar ndóigh, faoin ainm cleite Máire. 

Is léiriú bríomhar, nuálach, drámatúil é Máire a dhéanann mionscagadh ar Shéamus Ó Grianna, duine de mhórscríbhneoirí litríocht na Gaeilge. 

Tugann Noel Ó Gallchóir carachtair agus eachtraí ó shaothar Uí Ghrianna chun beatha an athuair sa dráma chomh maith le hinsint mhacánta, léirsteanach a thabhairt air mar dhuine agus ar an saol corrach a chaith sé. 

Tá idir bhrón agus gháire sa seó ilghnéitheach seo

ina bhfaigheann an lucht féachana léargas ar thréimhsí agus ar imeachtaí tábhachtacha i stair na hÉireann mar aon le blaiseadh de roinnt de na scéalta, na dánta agus na hamhráin is saibhre agus is áille a scríobhadh riamh sa Ghaeilge.

Rugadh Séamus Ó Grianna i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill i 1889. Aistritheoir, file, údar, státseirbhíseach, múinteoir, poblachtánach – fear ilghnéitheach, ildánach. Ó pheann Uí Ghrianna a tháinig roinnt de na saothair is mó cáil sa Ghaeilge san fhichiú haois, ina measc Caisleáin Óir, Cith is Dealán agus Na Blianta Corracha. 

Tá foireann de 11 páirteach sa léiriú seo: 7 aisteoir, duine ag plé le fuaim, soilsiú, íomhánna agus éide. 

Ba é Noel Ó Gallchóir a scríobh an seó agus is é Noel an príomhaisteoir fosta. Tá seachtar páirteach sa dráma - Seán Pól agus Lusaí Nic Gaoithín, Máire Eirini Ioannidis, Colm Mac Giolla Easbuic, Suzanne Uí Ghallchóir, Manus Ó Duibhir agus Noel Ó Gallchóir. Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde an léiritheoir.

Cuireann an seó seo roinnt de na seoda is luachmhaire i gcorpas litríochta Dhún na nGall (agus na Gaeilge) i láthair an phobail ar bhealach taitneamhach, beomhar, cruthaitheach. Tugann sé deis do ghlúin nua cainteoirí Gaeilge na saothair seo a fheiceáil agus iad a léiriú go beo beathach bríomhar. 

Bhí tionchar mhór ag scríbhinní Mháire ar chúpla glún Éireannach, ó thuaidh agus ó theas. Baineadh úsáid as a chuid leabhair le Gaeilge a mhúineadh i mBéal Feirste agus in áiteacha eile sna fichidí agus sna tríochaidí. 

Rinneadh staidéar ar Caisleáin Óir agus ar Cith is Dealán i méanscoileanna ar fud na tíre san Ardteist/A Leibhéal ar feadh blianta fada.  

Oíche ilghnéitheach Ghaelach a bheidh san imeacht seo agus beidh ceol beo Gaelach ann i ndiaidh an dráma. 

:: Beidh Máire le Noel Ó Gallchóir le feiceáil in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste ar an 7 Márta ar 7.30i.n i dTeach na hÉigse ar an Iúr, ar an Domhnach, 8 Márta ar a 3pm.