Irish-Language

Is éigean díriú ar na fíricí a bhaineann leis an dúlagar agus ní ar na miotais

<b>NA GOIRMEACHA&Iacute;: </b>Is ioma&iacute; ainm at&aacute; air &ndash; an galar dubhach, an d&uacute;lagar, an lionn dubh &ndash; ach t&aacute; s&eacute; ar 300 milli&uacute;n duine ar fud na cruinne. San alt seo, cuireannn Lynn Crilly (th&iacute;os, ar chl&eacute;) s&iacute;os ar chuid de na miotais a bhaineann leis an ghalar forleathan seo &nbsp;
NA GOIRMEACHAÍ: Is iomaí ainm atá air – an galar dubhach, an dúlagar, an lionn dubh – ach tá sé ar 300 milliún duine ar fud na cruinne. San alt seo, cuireannn Lynn Crilly (thíos, a NA GOIRMEACHAÍ: Is iomaí ainm atá air – an galar dubhach, an dúlagar, an lionn dubh – ach tá sé ar 300 milliún duine ar fud na cruinne. San alt seo, cuireannn Lynn Crilly (thíos, ar chlé) síos ar chuid de na miotais a bhaineann leis an ghalar forleathan seo  

IS CUMA cé acu bhí saol iontach crua agat nó nach raibh, is cuma leis an dúlagar nó an galar dubhach nó an lionn dubh cad é an taithí saoil atá agat.

Thig leis teacht aniar aduaidh ort gan cúis, gan coinne nó thig leis sleamhnú isteach nuair atá tú ag iarraidh smacht a fháil ar imeachtaí corracha i do shaol.

Cíbé is cúis leis, tá an galar ar 300 milliún duine ar fud na cruinne de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. 

Ach cé go bhfuil sé coitianta go maith, cothaíonn sé go leor miotas nach gcuidíonn le duine ar bith.

“Téann an dúlagar i bhfeidhm ar dhaoine is cuma cad é an tslí bheatha atá acu, is cuma cad é an cúlra sóisialta atá acu, aois, inscne, gnéasúlacht, nó eitneacht,” arsa an comhairleoir, Lynn Crilly, údar Hope With Depression (Hammersmith Books, £16.99).

“Is meabhairghalar seanbhunaithe, díblithe agus dochrach é a cránn na daoine a bhfuil sé orthu agus na daoine a thugann cúnamh dóibh ar aon ach go minic luaitear “fíricí” maidir leis an ghalar dubhach nach bhfuil iontu ach miotais a chuireann bac ar dhaoine atá ag iarraidh dul i ngleic leis an ghalar é a thuigbheáil mar is ceart.

Anseo, cuireann Crilly síos ar na miotais is coitianta maidir leis an ghalar dubhach:

1. Is léir go bhfuil an galar dubhach ar dhaoine 

“Cuireann cuid mhór daoine a bhfuil an galar dubhach orthu i bhfolach é go han-éifeachtach nó, ar a laghad, déanann siad a ndícheall é a cheilt ar dhaoine.

D’fhéadfadh siad a bheith chomh héifeachtach sin nach mbíonn a fhios ag duine ar bith seachas ball teaghlaigh thar a bheith géarchúiseach cad é atá ag dul ar aghaidh ar chúl an aoibh gháire sin. 

Is éigean aithne mhaith a bheith agat ar dhuine le go bhfeicfidh tú rud éigean as an ghnáth ina iompar nó ina hiompar.

Má léiríonn siad tréithe nó iompar as an ghnáth, má athraíonn an patrún ina n-itheann siad nó ina gcodlaíonn siad, is fiú go mór ceist a chur ar an duine le fáil amach cad é atá taobh thiar de.

2. Is iad na frithdhúlagráin an cóir leighis amháin ar an ghalar dubhach

“Bíonn eagla ar dhaoine roimh na frithdhúlagráin mar bíonn siad buartha faoi na fo-iarmhairtí (side effects) a d’fhéadfadh bheith leo agus gur féidir go n-éireodh siad róthugtha dóibh.

“Níor cheart neamhaird a dhéanamh ar an hamhrais seo ach níor cheart ach oiread go gcuirfeadh siad drogall ar dhaoine cóir bhf a chuardach.

“Is é an dochtúir teaghlaigh an duine is fearr le comhairle a chur ar othair faoin réim cógas is fearr dóibh agus faoi na fo-iarmhairtí a d’féadfadh bheith leo.

Sin ráite, ní hionann sin is a rá go bhfuil gach cúram ar an dochtúir teaghlaigh.

“Ba cheart do na hothair féin, i gcuideachta na ndaoine is cóngaraí dóibh, a bheith ar a n-airdeall d’fhadhbanna a dtiocfadh leo eascairt as an chóir leighis.

“Níl sa réim cogas (medication) ach ceann amháin de na cóireálacha atá ar fáil. Níl sé i gcónaí de dhíth agus thig leis an teiripe nó an chomhairleoireacht a bheith an-éifeachtach chomh maith agus tá teiripí ailtéarnacha in úsáid fosta.”

3. Bíonn an galar dubhach ar mhná sa chuid is mó

“Cé go bhfuil líon na mban a bhfuil an dúlagar orthu níos mó ná líon na bhfear, tá a fhios againn gur mo an leisc atá ar fhir teacht chun tosaigh agus cuidiú a chuardach do na siomtóim atá orthu. 

Go fóill féin, tá sochaí thar a bheith ‘macho’ i réim agus is deacra leis na fir labhairt ar na fadhbanna atá acu.

“Sin ráite, tá a fhios againn go ginearálta gurb é an féinmharú an chúis is mó taobh thiar de bhásanna fear faoi 50 bliain d’aois. 

Tá an fhírice sin uafásach. Léiríonn sé go bhfuil fadhbanna meabhairghalar ar fhir chomh maith agus go gcaitheann siad a bheith i gcroí an chomhrá faoin ghalar.

“Caitheann muid deireadh a chur leis an mhiotas nach dtig an lionn dubh ar ‘real men’. 

Ar an drochuair, mothaíonn barraíocht fear gur comhartha laige nach féidir a admháil atá sa ghalar dubhach. 

“Ciallaíonn sé seo go bhfuil an galar níos contúirtí i measc na bhfear ná mar tá sé i measc na mban.

4. Níl tabú i gceist níos mó leis an ghalar dubhach

“Ná bíodh dul amú ort, tá dul chun cinn iontach déanta ar an dóigh a phléann muid leis an ghalar dubhach. 

Tuigeann muid i bhfad níos fearr inniu é.

Feiceann muid anois fógraí ar an teilifís agus ar chláir mhóra fógraí ar na sráideanna, ag moladh do dhaoine labhairt faoi na rudaí atá ag cur isteach orthu.

Le tamall beag anuas, is cosúil go bhfuil feasacht ar na cúiseanna taobh thiar de mheabhairghalair ag níos mó daoine agus an spotsolas á shoilsiú orthu agus is cosúil fosta go bhfuil dearcadh níos tuisceanaí i láithreacha oibre, sna meáin shóisialta agus sa tsochaí go ginearálta ar an cheist.

“Sin ráite, níl an cath bainte go fóill. Bíonn leisc ar dhaoine admháil go bhfuil meabhairghalar orthu ar eagla go ndéanfaí leatrom orthu i gcúrsaí oibre agus mar sin de.

“Tá míthuigbheáil forleathan i rith an ama na laethanta seo faoi cad é mar a mhothaíonn daoine a bhfuil tinneas meabhrach orthu i ndáiríre agus tá bealach fada romhainn sula mbeidh sé sin réitithe.” 

5. Ní féidir cuidiú le daoine a bhfuil an dúlagar orthu

“Bhuel is cinnte nach bhfuil slaitín draíochta againn a chuirfidh an ruaig ar an lionn dubh ach thig leat tacaíocht agus aire a thabhairt do dhaoine a bhfuil an tinneas orthu, ag léiriú go nglacann tú leo mar atá siad agus ar an dóigh sin, réiteoidh tú an bealach fríd an dúlagar níos éasca dóibh”

“Anuas air sin, tá ról thar a bheith tábhachtach le himirt ag daoine proifisiúnta – múinteoirí, oibrithe óige gus fostóirí – agus iad cinntiú go pléann siad leis an dúlagar sa dóigh cheart, díreach mar a dhéanfadh siad le tinneas ar bith fisiciúil. 

“Is féidir leis an phobal nó leis an chomhluadar cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil an galar dubhach orthu. 

“Níl le déanamh acu ach caoinfhulaingt, glacadh (acceptance) agus tuiscint a léiriú dóibh siúd atá á fhulaingt.”