Irish-Language

Fágann Michel Barnier an tuaisceart le meascán de dhea-thoil agus de bhrón

<b>AG F&Aacute;G&Aacute;IL SL&Aacute;N: </b>Bh&iacute; Michel Barnier i mB&eacute;al Feirste ag t&uacute;s na seachtaine seo lena chaint dheireanach mar Phr&iacute;omh&iacute;dirbhearta&iacute; an Aontais Eorpa&iacute; a thabhairt. N&iacute; ba luaithe an l&aacute; sin, bhuail s&eacute; le Michelle O&rsquo;Neill agus le Diane Dodds ach n&iacute;or cheil s&eacute; a bhr&oacute;n maidir leis an Bhreatimeacht agus an c&iacute;or thuathail a leanfaidh &eacute;&nbsp;
AG FÁGÁIL SLÁN: Bhí Michel Barnier i mBéal Feirste ag tús na seachtaine seo lena chaint dheireanach mar Phríomhídirbheartaí an Aontais Eorpaí a thabhairt. Ní ba luaithe an AG FÁGÁIL SLÁN: Bhí Michel Barnier i mBéal Feirste ag tús na seachtaine seo lena chaint dheireanach mar Phríomhídirbheartaí an Aontais Eorpaí a thabhairt. Ní ba luaithe an lá sin, bhuail sé le Michelle O’Neill agus le Diane Dodds ach níor cheil sé a bhrón maidir leis an Bhreatimeacht agus an cíor thuathail a leanfaidh é 

TÁ an Ríocht Aontaithe ag imeacht as an Aontas Eorpach ar bhuille an mheánoíche anocht agus ní fios cad é atá i ndán dúinn i ngach réimse dár saol mar thoradh air sin.

Is ar thuaisceart na hÉireann a imreoidh an Breatimeacht an tionchar is mó, dar le Michel Barnier agus é ag tabhairt léachta in Ollscoil na Ríona Dé Luain na seachtaine seo. 

Bhí sé ag caint den uair dheireanach i mBéal Feirste dó agus an chathair mar fós mar chuid den Aontas Eorpach. 

Dúirt an tUasal Barnier go raibh sé ar a tríú cuairt ar an tuaisceart mar Phríomh-Idirbheartaí an Tascfhórsa um Chaidrimh leis an Ríocht Aontaithe agus go raibh dáimh ar leith aige le pobal na háite.

“Tá mé cinnte gur cuimhin leis an Northern Ireland Rural Women’s Network i nDún Geanainn a chorraithe is a bhí mé nuair a d’éist mé lena scéalta,”  ar sé.

“Cluinim a gcuid focal go fóill - ‘never again, never again’, ar siad.”

Dúirt sé gurb é tuaisceart na hÉireann an limistéir is mó a imreoidh an Breatimeacht drochthionchar air ach chonaic sé ábhar dóchais mar gheall ar Chomhaontú an Chéasta.

“Cé gur bhuail mé le ceannairí polaitíochta Thuaisceart Éireann go mion minic le trí bliana anuas, bhuail mé le páirtithe aonair, níor bhuail mé leo uilig, le chéile.

“Inniu, áfach, bhuail mé le Michelle O’Neill agus le Diane Dodds araon. Ní féidir Comhaontú Aoine an Chéasta a cheiliúradh minic go leor.

“Sílim gur chóir a rá go raibh an Ríocht Aontaithe agus Éire mar chuid den Aontas Eorpach agus gur chuidigh sé seo go mór le seasmhacht a bhunú ar an oileán ar fad,” ar sé.   

Dúirt an tUasal Barnier go raibh an Prótacal a bhain le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann thar a bheith casta - ach go raibh sé ag oibriú. 

“Ligeann sé don tuaisceart fanacht i limistéir chustaim na Ríochta Aontaithe agus, ag an am céanna, beidh rochtain aige ar an Mhargadh Aonair gan táillí, gan cuótaí, gan seiceálacha agus gan rialuithe.”

Agus thug an tUasal Barnier dóchas do shaoránaigh an tuaiscirt a bhfuil náisiúntacht Éireannach acu. 

“Cé nach cuid den Aontas Eorpach níos mó é Tuaisceart Éireann, na daoine sin a rugadh agus a tógadh anseo a roghnaíonn gur saoránaigh Éireannacha iad, beidh siad ina saoránaigh den Aontas Eorpach chomh maith,” ar sé.

“Ciallaíonn sé seo go mbeidh cead acu cur fúthu nó bogadh thart taobh istigh den Aontas Eorpach agus tá an Ríocht Aontaithe tiomnaithe a gcearta a chosaint.

“Ní féidir leatrom a dhéanamh orthu mar gheall ar a náisiúntacht.

“Déanfaidh an Coimisiún cinnte go gcomhlíonfaidh gach ceann de na 27 ballstát a gcoimitmint,” ar sé.

Dúirt an tUasal Barnier gur “tógra síochána” a bhí san Aontas Eorpach riamh anall, a dhírigh ar an saor-thrádáil mar eilimint amháin den tsíocháin.

“Bhí sé seo fíor sa Fhrainc agus sa Ghearmáin agus nuair a leagadh Balla Bheirlín agus nuair a  agus bhí deá-scéal aige dóibh sin a bhí buartha faoi na cistí a bhí ar fáil do thograí caomhnaithe síocháin ó thuaidh.

“Ní thiontóidh an tAontas Eorpach a dhroim ar Thuaisceart Éireann cé go bhfuil sé ag imeacht as an Aontas.

“Rachaidh an clár PEACE, an clár a raibh mé freagrach as ó bhí 1995 ann, rachaidh sé ar aghaidh.

“Bunaíodh an clár le síocháin agus le caoinfhulaingt a chur chun cinn chomh maith leis an fhorbairt eacnamaíoch i dTuaisceart Éireann agus sna ceantracha cois Teorainn.

“Thig libh leanstan ar aghaidh ag brath ar an tacaíocht sin,” a gheall sé.

Maidir le cur chuige an Aontais sna hidirbheartaíochtaí leis an Ríocht Aontaithe, dúirt an tUasal Barnier go raibh an tAontas i gcónaí ag iarraidh a bheith cothrom.

“Chloígh muid leis an chur chuige céanna le linn na n-idirbheartaíochtaí seo ar fad - gan ionsaitheacht, gan a bheith pionóis gan fonn díoltais, cé go bhfuil a fhios againn go mbeidh tionchar diúltach ag an Bhreatimeacht.

“D’éirigh linn Breatimeacht ordúil a bhaint amach - don am i láthair,” ar sé.

Chuala sé daoine á rá go mbaineann an Breatimeacht leis an “Bhreatain Domhanda” ach gan an Ríocht Aontaithe féin, is margadh 450 milliún duine é an tAontas Eorpach, a dúirt sé.

“Tá muid ar comchchéim leis na cumhachtaí móra agus muid ag dul i ngleic leis an gheilleagar, leis an athrú aeráide, le cúrsaí slándála agus le tráchtáil,” arsa an Francach sular thaispeáin sé sleamhnán.

“Léiríonn sé seo, faoi 2050, nach mbeidh tír aonair ar bith san Eoraip i measc an 10 ngeilleagair is mó ar domhan. “Ní an Ríocht Aontaithe, ní an Ghearmáin féin.

“Ach le chéile, beidh 27 tír an Aontais Eorpaigh sa cheathrú háit.”

Ansin, thóg sé ceist na teorann in Éirinn.

“Ta an rogha déanta ag an Bhreatain gur “tríú tír” a bheidh ann feasta, roghnaigh an rialtas Westminster dhá spás rialúchcháin a chur ar bun agus mar sin de go bhfuil an trádáil saoráideach dodhéanta.

“Ciallaíonn sé seo go bhfuil seiceálacha riachtanach, go háirithe d’earraí bia agus d’ainmhithe beo.

“Caitheann na seiceálacha seo tarlú áit éigin ach ba ríshoiléir nach dtiocfaidh leo bheith ann ar an teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann.

“Ba é an rogha amháin eile a bhí ar fáil ná iad a chur ag na pointí iontrála ab éasca isteach go Tuaisceart Éireann. 

“Beidh rialú ar bun i mBaile Átha Cliath fosta,” arsa an tUasal Barnier.

Ag amharc ar an Aontas agus é ag bogadh chun cinn, dúirt an príomh-Idirbheartaí go raibh rún ag na 27 mballstát cúig mhórthéama a fhorbairt - Beart Nua Glas leis an phláinéad a chosaint; an geilleagair digiteach a chur chun cinn; tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don chlár Erasmus le go dtig le hEorpaigh dul a chónaí, obair a dhéanamh nó staidéar a dhéanamh i mballstát eile; cuirfear le hiarrachtaí a teorainneacha seachtracha a chosaint agus go gcuirfí leis an chomhoibriú tras-teorainn maidir le coiriúlacht agus le sceimhlitheoireacht.

“Rachaidh muid ar aghaidh gan an Ríocht Aontaithe, cé go mbeidh caidreamh cairdiúil eadrainn ní bheidh muid dall choíche ar na cúinsí speisialta atá i réim ar oileán na hÉireann,” arsa an tUasal Barnier.