Irish-Language

Taighde agus Teagasc 7: Irisleabhar a phléann an Gaeloideachas ar fáil go luath

<strong>P&Aacute;DRAIG &Oacute; MIAN&Aacute;IN: </strong>Scr&iacute;obh an tUasal &Oacute; Mian&aacute;in intreoir spreag&uacute;il don iris oideachais Taighde agus Teagasc a fhoilseofar an mh&iacute; seo chugainn&nbsp;
PÁDRAIG Ó MIANÁIN: Scríobh an tUasal Ó Mianáin intreoir spreagúil don iris oideachais Taighde agus Teagasc a fhoilseofar an mhí seo chugainn  PÁDRAIG Ó MIANÁIN: Scríobh an tUasal Ó Mianáin intreoir spreagúil don iris oideachais Taighde agus Teagasc a fhoilseofar an mhí seo chugainn 

NÍ RACHAIDH earnáil oideachais chun cinn mura ndéant‚ar ainilís mhacánta ar na cheisteanna móra a abhaineann leis mar sin, is ábhar ceiliúrtha ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, an foilseachán taighde, an seachtú heagrán de Taighde agus Teagasc, a chur i gcló. 

Déanfar an t-irisleabhar acadúil a sheoladh i gcampas an Choláiste ar an Déardaoin, 6 Feabhra, ar a 2pm. 

San eagrán is déanaí den irisleabhar, foilseofar ailt taighde a scríobh oideachasóirí, teangeolaithe agus lucht léinn a bhfuil cur amach acu ar an Ghaeloideachas ar fud na tíre. 


Subscribe to our weekly Irish Language newsletter

 
 

Tá nasc ag an irisleabhar le comhdháil ar an Ghaeloideachas a reáchtáladh sa Choláiste agus cuirtear fáilte ar leith roimh an intreoir spreagúil a scríobh an Dr Pádraig Ó Mianáin, aoichainteoir na comhdhála, ag tús na hirise. 

Cuirfear 11 pháipéar taighde a thugann léargas ar an iliomad gnéithe den oideachas lán-Ghaeilge i láthair a léitheoirí. 

Beidh cóipeanna den irisleabhar ar fáil ag ócáid an tseolta agus cuirfear leagan leictreonach ar fáil ar shuíomh an Choláiste. 

Is é Dónall Ó hAiniféin, príomhoide aitheanta agus tionscnóir na Gaeilge, a bheas i láthair chun an t-irisleabhar a sheoladh an mhí seo chugainn.