Irish-Language

Cuirfidh Imbolc fáilte mhór roimh an Earrach le scoth na n-ealaíon

<b>TIOCFAIDH AN tEARRACH: </b>Ba &iacute; &Eacute;ibhl&iacute;n N&iacute; Dhochartaigh a sheol an fh&eacute;ile Imbolc i gCult&uacute;rlann U&iacute; Chan&aacute;in an tseachtain seo caite agus baill Tradsoc Ollscoil Uladh ag cur blais&iacute;n den cheol iontach a bheidh le cluinstin i l&aacute;thair an lucht &eacute;isteachta
TIOCFAIDH AN tEARRACH: Ba í Éibhlín Ní Dhochartaigh a sheol an fhéile Imbolc i gCultúrlann Uí Chanáin an tseachtain seo caite agus baill Tradsoc Ollscoil Uladh ag cur blaisín den cheol TIOCFAIDH AN tEARRACH: Ba í Éibhlín Ní Dhochartaigh a sheol an fhéile Imbolc i gCultúrlann Uí Chanáin an tseachtain seo caite agus baill Tradsoc Ollscoil Uladh ag cur blaisín den cheol iontach a bheidh le cluinstin i láthair an lucht éisteachta

DÉANTA mar is ceart, má chaitheann tú cloch san fharraige, preabfaidh sé chun na síoraíochta, dar leat, ag cruthú cuilithíní (ripples) ar an bhealach.

O thaobh an cheoil de, sin an rud atá ag tarlú i nDoire Cholmcille mar thoradh ar an Fhleadh Cheoil thar a bheith rathúil a thug spórt agus spraoi do na deicheanna de mhílte duine sa cathair in 2013.

Baintear úsáid go minic as an fhocal “leagáid” nuair a bhíonn daoine ag caint ar an leas a eascraíonn as imeachtaí ollmhóra ar nós Fhleadh Cheoil na hÉireann agus níl aon dabht faoi ach gur fhág an Fhleadh lorg iontach ar Dhoire fríd an Acadamh Ceoil i Sráid Mhór Shéamais agus san fhéile bhliantúil ealaíne Imbolc mar a mhínigh Gearóid Ó hEara ag an seoladh an tseachtain seo caite.  

“Chonaic muid an fhleadh ag teacht chuig áiteanna agus gan mórán fágtha ina diaidh. Mar sin, ceann de  na targaidí a leag muid síos ná Acadamh Ceoil a thabharfadh an ceol chuig leibhéal úrnua sa chathair agus tá sé sin bainte amach agus an dúrud daoine óga ag freastal ar ranganna ann agus ag seinm ar fud na cathrach,” ar sé.

“An sprioc eile a bhí againn ná féile bhliantúil cheoil ealaíne ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta agus seo muid anois sa chúigiú bliain d’Imbolc.”

Is léir mar sin go bhfuil cuilithíní na Fléidhe 2013 ar obair go fóill agus ní nach ionadh. Mar dhuine a théann chuig an fhéile a oiread agus is féidir, tá a fhios agam cad é chomh forbhfáilteach is atá sí, chomh maith is at an ceol, go mbíonn cuideachta den scoth ann agus go mbíonn Doire iontach tarraingteach lena linn.    

Ar ndóigh, is í an fhéile Imbolc, an fhéile ársa Cheilteach a chuireann fáilte roimh an Earrach agus déanann an fhéile cheoil atá baiste aisti an rud ceanna ar feadh na seachtaine ina mbíonn sé ar siúl.

Níor mhaith le stiúrthóir na féile, Eibhlín Ní Dhochartaigh, a buaicphointí féin a lua, mar sin, déanfaidh mise sin di!

Léiríonn Imbolc a éagsúlacht is atá an ceol “traidisiúnta.” 

(Níl bunús ar bith leis ach tugaim “ceol traidisiúnta” ar cheol atá sáite sa dúchas agus trad ar na foirmeacha nua-aimseartha eile den seánra.)

Bean atá compordach i ngach gné den traidisiún, sean agus nua, is í Ríoghnach Connolly agus, yippee, beidh sí féin agus a buíon ceoil ag seinm i gCultúrlann Uí Chanáin ar an Aoine, 7 Feabhra ar a 8in.

Bíodh Ríoghnach ag ceol le The Breath nó le Honeyfeet nó leis an Afro Celt Sound System, tá sí ar dóigh, guth den scoth agus í go hiontach ar an fheadóg stáin.

Rinne sí an t-albam Black Lung in 2012, ar a bhfuil amhráin a d’fhoghlaim sí óna máthair mhór.

Is cinnte go bhfuil sé seo ar na coirmeacha is mó a bhfuil mé féin ag dúil leis le linn Imbolc.

Tarlóidh buaicphointe mór eile oíche Shathairn, arís sa Chroí i gCultúrlann Uí Chanáin nuair a bheidh Dàibhidh Stiubhard ar an ardán roimh Téada agus Séamus Ó Beaglaoich.

Tá Dáibhidh ar na ceoltóirí óga is mó a bhfuil gealladh faoi san am i láthair. 

Is as Co Thír Eoghain é Dàibhidh agus ceolann sé amhráin i nGaeilge, i nGàidhlig agus i mBéarla.

Tá albam úr amuigh aige, The Black Fox, agus beidh an t-agallamh a rinne mé leis ar an Irish News ar an Aoine. Coimhéad amach dó.

I ndiaidh do Dhàibhidh sibh a chur faoi dhraíocht, beidh an sárghrúpa Téada ar an ardán agus an ball is úire, an Ciarraíoch mallaithe Séamus Begley!

Ba é Oisín Mac Diarmada a bhunaigh Téada siar in 2001 agus tá siad aitheanta mar cheann de na grúpaí is fearr dá bhfuil ann.

Deir siad féin go bhfuil siad tiomanta ag an cheol iontach a sheinn a sinsear anallód. Oíche den scoth atá geallta ar an Satharn 8 Feabhra.

Ach tá i bhfad níos mó i gceist le hImbolc. 

Beidh mé féin ag freastal ar choirm an West Ocean String Quartet, ceathrar a mheascann an ceol traidisiúnta agus an ceol clasaiceach le chéile faoi stiúir an chumadóra Neil Martin. Tá a gcuid ceoil go haoibhinn ar fad.

Arís, is maith le hImbolc daoine óg a spreagadh agus i mbliana beidh dhá cheolfhoireann le cluinstin, the Imbolc Orchestra agus the Imbolc Youth Folk Orchestra, deiseanna iontach do cheoltóirí óga bheith ag cleachtadh agus ag cur a mbuanna os comhair an phobail.

Beidh ranganna do gach aoisghrúpa ar siúl ar na huirlisí traidisiúnta chomh maith.

Ar bhuaicphointí eile an cheoil, beidh Four Men and a Dog ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód; 

Is maith le hImbolc i gcónaí rudaí úr a thriail. Osclóidh suiteán tumthach (an immersive installation) an fhéile ar an Domhnach, 26 Eanáir.

In No Other Word for It, meascann Ailís Ní Riain ceol, dealbhóireacht, solas, téacs agus teilg-mhapáil (videomapping).

Ar an taobh eile den scala, beidh Super Ceilí ar siúl do pháistí - ríleanna agus polcaí na hÉireann agus ceol damhsa na 90idí suas go dtí an lá atá inniu ann!

Ba cheart go mbeadh craic ar dóigh ann.

:: Níl anseo ach blaiseadh beag ar a bhfuil ag titim amach le linn Imbolc. Tá gach eolas le fáil ar líne ag imbolcfestival.com