Irish language

Scannán a chuireann réadúlacht na cogaíochta in iúl go neamhbhalbh

AN COGADH MÓR: Baineann 1917 le scéal corraitheach a d’inis athair mór an stiúrthóra Sam Mendes dó faoi bheirt shaighdiúirí arbh éigean dóibh teachtaireacht a sheachadh taobh thiar de línte an namhad 
Robert McMillen

TAGANN pointe le linn duit bheith ag breathnú ar an scannán 1917, nuair a thugann tú faoi deara nár tharraing tú anáil le tamall fada! 

Bhuel, sin mar a mhothaíonn sé, tá an síorghluaiseacht chorraitheach, scanrúil chomh tréan sin i scannán úr 

cogaíochta Sam Mendes faoi bheirt shaighdiúirí óga a caitheann taisteal taobh thiar de línte an namhad le teachtaireacht a sheachadadh, teachtaireacht a dtiocfadh léi na mílte beatha a shábháil.

Is seánra úr ar fad é don stiúrthóir a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar na scannáin James Bond Skyfall agus Spectre agus drámaí ar nós American Beauty, Road To Perdition agus Revolutionary Road.

“Bhí an scéal seo i mo chloigeann, scéal a d’inis m’athar mór dom mar throid seisean sa chogadh agus bhain sé le teachtaireacht thábhachtacha” ar sé ag breathnú siar.

“Ach is í an fhadhb is mó a bhaineann leis an chéad chogadh domhanda ná gur cogadh pairilise a bhí ann, saighdiúirí gafa sna trinsí cuid mhór den am. 

“Ach nuair a thosaigh mé a fhiosrú, fuair mé amach go raibh tréimhse ann i 1917 nuair a chúlaigh na Gearmánaigh agus tréigeadh an talamh a raibh siad ag troid faoi.

“Thug sé sin deis dom an scéal seo a inse a bheadh chomh eipiciúil agus ab fhéidir.”

Deir sé gur mhothaigh sé dualgas do na fir a throid sa chogadh uafásach sin agus don ghlúin chaillte, cuid mhór Éireannach ina measc, mar tá a fhios againn.

“Ní dhéantar mórán scannán ar an scála seo nach scannáin  saincheadúnais iad mar sin, nuair atá deis mar seo agat scannán a dhéanamh faoin chead chogadh domhanda, mothaíonn tú ualach ar do ghuailneacha gach mionsonra a bheith mar is ceart gus caitheann tú bheith cinnte  nach ceacht tirim staire atá ann,” arsa Mendes.

“Níor mhaith liom go mbeadh sé taobh amuigh de thaithí daoine agus “fiúntach”  ach gur eispéireas réadúil faoin chogadh atá ann, eispéireas atá glé agus a bhfuil an chuma air gur tharla sé inné.”

Ar na rudaí is suimiúla faoi 1917, tá an dóigh ar scannánaíodh é.

Tá sé mar a bheadh aon téic fada amháin ann agus cruthaíonn an eagarthóireacht an mothú go bhfuil tú ag síor-bhogadh.

“Ní thig leat éalú as, caitheann tú na fir seo a leanstan, céim ar chéim, ar neamhchead duit féin go minic.

“Ach mothaigh muid gur ga nach rúid mhór chun tosaigh a bheadh ann.

“Cionn is go ndearna muid in aon seat amháin é, caitheann tú eilimintí a chruthú ina bhfuil meabhrú agus liriciúlacht agus mothúcháin agus ar an dóigh sin,  maothaíonn tú go bhfuil rudaí ag bogadh ach nach ruathar mire chun cinn atá ann.”

Ach ar ndóigh, cruthaíonn an cineál seo scannánaíochta fadhbanna, go hairithe nuair atá daoine agus a lochtanna i gceist!

“Tá seacht mbomaite de chruthaitheacht álainn scannánaithe agat agus go tobann, titeann duine nó ní oibríonn cuid den teicneolaíocht agus tá ort toiseacht as an úr mar tá an seacht mbomaite draíochta sin imithe ó mhaith,” ar sé, ag gaire. (Bheadh fearg an domhain ormsa).

Aithníonn Mendes go maith gur rud tearc é a scannán - eipic mhór-bhuiséad nach cuid de shaincheadúnas é.

“Ní scannán eile i sraith éigean é, agus ní scannán anamúlachta atá ann agus sin 95 faoin chead de na scannáin atá ar na scáileáin mhóra i láthair na huaire,” ar sé.

“Agus measaim go bhfuil sé ríthábhachtach, más scannánóir tú a chreideann i scannáin mhórscála, scannáin a dhéanamh atá déanta le go bhfeicfí iad ar scáileáin mhóra i bpictiúrlanna. 

“Tá scannáin déanta agam, idir bheag agus mhór, scannáin mhóra saincheadúnas ar nós James Bond chomh maith le scannáin bheaga neamhspleácha.

“Cuid acu, níor mhiste liom go bhfeicfí iad ar scáileáin bheag anois, mar tá na scáileáin bheaga ag éirí níos mó anois agus go ginearálta, tá an teilifís go hiontach, mar sin, nuair a dhéanann tú scannán do phictiúrlanna, caitheann sé go mothódh daoine go raibh rud éigin ar iarraidh mura mbeifeá ag breathnú air ar scáileán mhór.”

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language