Irish language

Ar mhaith leat a bheith ag scríobh do shuíomh úr Gaeilge dírithe ar fhir óga?

SEANÁN Ó COISTÍN: Tá sé mar sprioc ag Seanán suíomh gréasáin nuachta d’ardchaighdeán a chur ar bun 
Robert McMillen

COINNIGH súil amach do shuíomh idirlín úr corraitheach a bheidh dírithe ar fhir óga idir 16 agus 36 bliain d’aois.

Stócach.ie is é an teideal a bheidh air agus smaoineamh Sheanáin Uí Choistín, aistritheoir gairmiúil atá ag obair san Eoraip le blianta, atá ann.

Rith sé le Seanán – cé go bhfuil tuairisc.ie agus nós.ie ann, agus corr-shuíomh eile ar nós comhar, feasta agus nuacht RTÉ ann – nach raibh suíomh Gaeilge  ar bith ann dírithe go sonrach ar fhir. 

“Shíl mé gur mhaith rud mar sin a thosú chun scéalta a fhoilsiú nach mbeadh tuairisc nó nuacht RTÉ ag díriú orthu,” arsa Seanán arb as Co Chill Dara ó dhúchas dó.

“Nos.ie féin, tá s dírithe ar gach duine le Gaeilge ach an smaoineamh atá agamsa le stócach.ie na chun díriú ar fhir óga, idir 16 agus 36 agus na hábhair a mbeadh suim acu iontu a chlúdach – spórt, éadaí, taistil, bia, caidrimh agus na mothúcháin fiú,”

Ach deir Seanán go bhfuil rud amháin nach mbeidh ar leathanaigh stócach.ie.       

“Ní bheidh muid ag plé le cúrsaí Gaeilge mar dhéanann tuairisc.ie sin arís agus arís eile ach beidh muid ag plé gach ábhar eile I nGaeilge,” ar sé. 

Agus dearbhaíonn Seanán gur suíomh gréasáin nuachta a bheidh in stócach.ie, ní suíomh tuairimíochta agus tá sé diongbháilte fosta go gcuirfidh sé fáilte roimh altanna cuí ó dhuine ar bith. Fir óga an sprioc lucht léitheoireachta ach cuirfear fáilte roimh smaointe o dhuine idir bith, fir nó mná, is cuma cén aois atá acu, ach rud suimiúil le bheith le rá acu.

Glacann Seanán leis go nglacfaidh sé neart ama an suíomh a chur le chéile.

Tá an múnla ar líne cheana féin agus scríobhfaidh Seanán féin altanna le tús a chur leis an togra, rud a spreagfaidh daoine eile le haltanna a scríobh don suíomh.

Níl aon deontas á fháil ag stócach.ie agus b’fhéidir nach dtiocfaidh sé ar an fhód ar chor ar bith ach tá  fís Sheanáin le moladh agus tá neart tallainne in Éirinn leis an fhís sin a fhíorú.    

Tá trí sheoladh ag an suíomh idirlín ach mholfainn féin stócach.ie a úsáid – agus síneadh fada san áireamh!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seanán ag nuacht@stócach.ie

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language