I ndiaidh dó cruinniú le Conradh na Gaeilge a chur ar ceal ag an bhomaite deireanach an tseachtain seo caite, bhuail Rúnaí Stáit na Breataine, Julian Smith, le toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge inniu (Dé Domhnaigh, 5 Eanáir).
Deir an Conradh gur chuir siad fáilte roimh an deis labhairt le Rúnaí Stáit na Breataine.
"In 2006 gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn," arsa Pádraig Ó Tiarnaigh ar son an Chonartha.
"I 1998, gealladh go ndéanfaí ‘gníomh diogbháilte’ ar son na Gaeilge mar choimitmint de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta.
"Chuir muid i gcuimhne don Rúnaí Stáit inniu go bhfuil na coimitmintí seo fós le comhlíonadh ag an dá Rialtas.
"Thug muid an teachtaireacht sin don Tánaiste nuair a bhuail muid leis i mBaile Átha Cliath roimh na Nollaig chomh maith. Mhínigh muid arís don Rúnaí Stáit inniu go bhfuil géarghá le reachtaíocht éifeachtach a chinntíonn athruithe agus cearta dóibh siúd ar mhian leo an Ghaeilge a úsáid.
"Ní mór go mbeadh an reachtaíocht seo bunaithe ar an dea-chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag agus ar an taithí ó dheas, díreach mar a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn.
"Tá na hAchtanna sin neamhspleách ó aon reachtaíocht eile. Cinntíonn siad cearta agus meas. Éascaíonn siad seirbhísí agus comharthaíocht. Aithníonn siad na teangacha sin mar theangacha oifigiúila. Bunaíonn siad oifig an choimsinéara a dhéanann na teangacha sin a chosaint agus a chur chun cinn. Is é sin an caighdeán reachtaíochta atá le cur i bhfeidhm ag an dá Rialtas agus ag na páirtithe. Ní féidir go gcaithfí linn mar phobal, mar theaghlaigh, mar scoileanna, mar shaoránaigh den dara grád a thuilleadh,” arsa an tUasal Ó Tiarnaigh.