Irish-Language

Tá meascán taitneamhach de thaithí i Maidrid, idir bhia, ól agus chuideachta

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">&Aacute;ILLEACHT MADRILE&Ntilde;A: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">ArdEaglais &aacute;lainn Almudena agus dul faoi na gr&eacute;ine an tseachtain seo agus m&eacute; ar cuairt ar phr&iacute;omhchathair na Sp&aacute;inne</span>&nbsp;
ÁILLEACHT MADRILEÑA: ArdEaglais álainn Almudena agus dul faoi na gréine an tseachtain seo agus mé ar cuairt ar phr&ia ÁILLEACHT MADRILEÑA: ArdEaglais álainn Almudena agus dul faoi na gréine an tseachtain seo agus mé ar cuairt ar phríomhchathair na Spáinne 

LEIS AN fhírinne a dhéanamh, níor fhan mo thuras deireanach go Maidrid ró–fhada i m’intinn – déanta na fírinne, níor fhan sé i mo chuimhne ar chor ar bith cionn is go raibh mé féin agus beirt chara ar an drabhlás le linn na cúig lá a raibh muid ansin.

A mhalairt ar fad a bhí ann an tseachtain seo agus mé ar ais i bpríomhchathair na Spáinne agus gan de dhrochchuideachta agam ach mé féin.

Bhí mé ag iarraidh fail amach cad é a chaill mé an chéad uair, agus wow, chaill mé cuid mhór.

B’fhéidir nach mbeadh Maidrid chomh hálainn le Páras ach tá radharcanna le fail nach bhfuil á sárú cois Seine agus seans mór go bhfuil an bia níos fearr i gcathracha eile ach tá bia den scoth ar fail i Maidrid agus  níos saoire na mar ata sé i bpríomhchathracha na hEorpa.

Bhí an t-óstán ina raibh mé ag stopadh gar go maith do Plaza del Sol, ceantar ata leagtha amach mar mhacasamhail níor na spéire, an ghrian ag dul a luí agus sráideanna atá mar ghathanna gréine ag spréadh amach uaidh.

Tá beocht agus spraoi ag baint leis an chearnóg (agus cearnóga eile sa chathair)  agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch ann an tráthnóna breá Sathairn seo. I ndiaidh teach as Béal Feirste an fhuachta agus na fearthainne, tógáil croí a bhí ann.

Mar flâneur printíseach, amach liom ag siúl sa cheantar máguaird, Barrio de las Letras ina bhfuil sráideanna caola, fuinniúla agus bialanna breátha, beáir bhríomhaire agus muintir na háite agus turasóirí aráin ag caibidil cúrsaí an tsaoil.

Isteach liom go Museo del Vino fá choinne menú breá del día, anraith éisc, damheireaball agus prátaó, arán, milseog AGUS leathbhuidéal fíona - ar €13. Is orm a bhí an deá-spin anois! 

Ó tharla bheith ar bhus a 3am, chleacht mé nós na Spáinneach agus ghlac mé siesta ar ais sa teach ósta ar feadh cúpla uair a chloig.  

Nuair a d’éirigh mé bhí fonn taiscéalaíochta orm arís agus shiúil mé na sráideanna ina shiúl Miguel Cervantes, údar Don Quixote, agus scríbhneoirí eile nár aithin mé a n-ainmneacha. 

Níl sé mar a gceanna gach ait sa Spáinn, ach i Maidrid thig leat bheith ag dúil le tapa beag nuair a ordaíonn tú deoch, patatas bravas, píosa aráin agus bradán air, nó cnónna. Bhí cuid é na tapas galánta.

An Domhnach, i ndiaidh bricfeasta d’arán rosta agus jamón ibérico, chuaigh mé go Parque del Retiro, páirc ghalánta, álainn, dealbha agus crainn (a bhí ag teacht i mbláth) ar gach taobh agus loch ina lár ar a raibh bádaí rámha agus cuairteoirí agus pobal na háite ag baint suilt astu.

Agus mé i mo luí ar an fhéir ag déanamh bolg le gréin, d’fhoghlaim mé go raibh sé ag cur fhlichshneachta i mBéal Feirste. Schadenfreude álainn!

You can take the Irishman out of Ireland … mar sin, d’fhág mé an pháirc agus shiúil go dtí an James Joyce, áit a raibh slóite na bhFiann ag bualadh les enfants de la patrie go sásta ar shé scáileáin (cé go raibh Arsenal vs Manchester United ar scáileán mór chomh maith).

B’iontach é mar phub Éireannach thar sáile - bhí Éireannaigh ag obair ann agus scoth na seirbhíse ar fail i bpub a bhí plódaithe!

Ar ais liom go dtí mo barrio baile do shailéad agus, er, cúpla gloine fíona. Mholfainn go mór an Ribera del Duero!

Tá sé ar dóigh beith ábalta siúl thart agus do rogha féin ruda a dhéanamh ach níos fearr arís - turas treoraithe agus Dé Luain, sin an rud a rinne mé le hIsabel, bean óg a chaith sealanna ag obair i Sasana agus i Meicsiceo ach atá ar ais ina cathair dhúchais, Maidrid.

Threoraigh sí muid fríd seanMhaidrid, ag caint ar na Viseagotaigh, na Rómhánaigh, na Moslamaigh, na hApsburgs, na Bourbons agus na dreamanna uilig a ghlac seilbh ar an chathair; ar Philip II a bhog an phríomhchathair ó Toledo go Maidrid; chonaic muid an pálás ríoga, Ardeaglais La Matudena, ach rinne Isabel rud nach ndéanta minic go leor sa Spáinn, labhair sí ar an Chogadh Cathartha. 

Tá cineál omerta ag baint leis an cheist cionn is go raibh sé chomh brúidiúil sin agus gur tháinig beagnach 40 bliain de dheachtóireacht mar thoradh air.

Dar le hIsobel, tá sé seo ag cruthú fadhbanna i Spáinn an lae inniu mar ní thuigeann daoine óga a uafásaí is a bhí an deachtóireacht fhaisisteach sa Spáinn.

Bhí an ceann seo ar cheann de na turais treoraithe is fearr dá raibh mé riamh orthu.

Bhí mé chomh sásta sin is go ndeachaigh mé ar ais go dtí El Museo del Vino do pasta mar thúsaitheoir agus stéig mar phríomhchúrsa - agus leathphionta fíona.  

Sula ndeachaigh mé go Maidrid, scríobh mé ar an leathanach seo go raibh an rún sin agam agus an lá dar gcionn fuair mé ríomhphost ó Bhéal Feirsteach atá ina chónaí sa chathair le 40 bliain anuas agus d’ofráil sé turas treoraithe a thabhairt dom ar cheantar s’aigesan, Las Ventas, ait a bhfuil fainne tarbh an-mhór.

Mar sin, ar lá deireanach mo thurais, shiúil mé i gcuideachta Kieran Osborne chuig teach pobail, San Patricio; chuig an margadh logánta, ait ar stop muid ag an bodega ina gceannaíonn Kieran a chuid fíona. 

B’anseo a bhuail muid leis an úinéir, arb as an tSile dó agus ina chara ag Kieran agus d’ól muid gloine galánta fíona báin (agus tapas de jamón ibérico agus chorizo).

Tús maith leath na hoibre!

Chuaigh muid chuig beár do lucht tacaíochta Atlético Madrid (tá ticéad séasúir ag Kieran) agus uaidh sin chuig beár beag bídeach ina bhfuil scoth an fhíona agus an jamón (cionn is go n-itheann na muca dearcain.

Uaidh sin, thart an coirnéal do lón amuigh faoin aer.

Níor tháinig stop nó staonadh ar an chomhrá agus  b’ansin a tháinig páirtí úr Kieran, Asun, agus muid inár suí ansin, ag caint agus ag comhrá, rith sé liom ní amháin gur stíl bheatha den scoth ach bhfuil ealaín ag baint leis chomh maith.

I spásanna oscailte, idir 7pm-11pm  feiceann tú seandaoine amuigh ag caint lena cheile, páistí ag súgradh ar an tsráid

Smaoinigh mé ar an rud a dúirt Isabel faoi chúrsaí polaitíochta sa Spáinn inniu agus an eite dheas ag éirí níos láidre an t-am ar fad fríd an grúpa úr, Vox.

Mhothaigh mé go láidir an chodarsnacht mhór sin, idir an stíl chuideachtúil bheatha amuigh faoin aer seo agus gránnacht an fhaisisteachais.    

Tá súil agam go gcloífidh na Spáinnigh leis an chéad cheann.