Irish-Language

Mol an óige – ach tabhair comhairle dóibh faoi chúrsaí airgid chomh maith

<b>BAINISTI&Uacute; AIRGID: </b>Beidh s&eacute; lena leas go deo m&aacute; mh&iacute;n&iacute;onn t&uacute; c&uacute;rsa&iacute; casta airgid do do ph&aacute;ist&iacute; le go mbeidh siad in ann a gcuid airgid f&eacute;in a bhainisti&uacute; mar is ceart, b&iacute;odh siad ag &iacute;oc bill&iacute; n&oacute; ag siopad&oacute;ireacht
BAINISTIÚ AIRGID: Beidh sé lena leas go deo má mhíníonn tú cúrsaí casta airgid do do pháistí le go mbeidh siad in ann a gcuid airgid féin a bhainistiú mar is ceart, BAINISTIÚ AIRGID: Beidh sé lena leas go deo má mhíníonn tú cúrsaí casta airgid do do pháistí le go mbeidh siad in ann a gcuid airgid féin a bhainistiú mar is ceart, bíodh siad ag íoc billí nó ag siopadóireacht

IS IOMAÍ ábhar a bhain mé sult as agus mé ar scoil ach ar na cinn is mó ar cheart é a bheith ar an churaclam tá an bainistiú airgid.

Déarfainn gur beag duine againn a léann an cló beag agus muid ag síniú conarthaí, ar phár nó ar líne.

Cá mhéad duine againn a thuigeann an morgáiste ollmhór sin atá againn, bíodh sé ina morgáiste rianúcháin (tracker mortgage) nó ina morgáiste dearlaice (an endowment mortgage) nó ina morgáiste báite féin (an underwater mortgage, cibé an rud é sin!)?

Agus cad é an áit is fearr le hairgead a chur ar leataobh inti?

Ar chóir dom airgead a infheistiú? Cá háit?

Tá mé cinnte go mbeinn níos fearr as dá bhfaighinn oiliúint sna cúrsaí sin uilig.   

Is scil riachtanach é, go háirithe do dhaoine óga atá ag toiseacht amach ar an saol mar dhaoine fásta, bainistiú airgid ach creideann múinteoirí féin nach bhfuil an t-eolas bunúsach féin ag daltaí agus iad ag fágáil na scoile.

Cé gur cuireadh an t-oideachas airgid ar chlár an Churaclaim Náisiúnta in 2014, léiríonn taighde go measann leathchuid de mhúinteoirí meánscoile nach bhfuil na ceachtanna a thugtar ina scoileanna maith go leor agus deir móramh mór (87%) go bhfuil bearna mór idir a bhfuil á theagasc do dhaltaí sna scoileanna agus na scileanna a bheidh de dhíth orthu agus iad fásta aníos.

Leoga, léiríonn taighde atá déanta ag soláthraí seirbhísí airgeadais amháin, OneFamily, go measann 38% de mhúinteoirí nach dtuigeann daltaí s’acu an difir idir cárta creidmheasa (a credit card) agus cárta dochair (a debit card) agus ní thuigeann 16% de dhaltaí cá has a dtagann airgead.

San iomlán, creideann bunús na múinteoirí (55%) nach bhfuil fócas láidir go leor á dhíriú ar dhéagóirí a oiliúint le go mbeidh siad in ann a gcuid airgid a láimhseáil mar is ceart.

Dar le Steve Ferrari, bainisteoir coigilteas pháistí ag OneFamily: “I mí Eanáir, is gnách le tuismitheoirí caiteachas na bliana le teacht a phlé agus a ullmhú mar sin is fiú an deis a thapú agus cúrsaí airgid a phlé leis na páistí.

“Is éigean go mbainfidh páistí aibíocht amach agus tuigbheáil acu ar ghnéithe bunúsacha ach riachtanacha den airgeadas pearsanta,” ar sé.

Is eagraíocht í YoungMoney a chuireann eolas agus oiliúint ar fail do dhaoine óga le iad a theagasc ar na dóigheanna is fearr a gcuid airgid a bhainistiú.

Tá YoungMoney i ndiaidh bheith ag comhoibriú

le bunaitheoir MoneySavingExpert.com, Martin Lewis le Your Money Matters a fhoilsiú, an chéad téacsleabhar oideachas airgeadais riamh atá dírithe ar an churaclam agus atá á dháileadh ar mheánscoileanna a bhuíochas do thabhartas £325,000 ó Lewis é féin.

Mar thús, tá liosta moltaí curtha le chéile ag OneFamily a chuideoidh le tuismitheoirí atá ag iarraidh déagóirí a theagasc faoi chúrsaí airgid.

Díríonn YoungMoney ar 15 phríomh-ghnéithe ar choir do dhaltaí meánscoile iad a tuigbheáil.

Seo cuid acu:

1. Caitheann tú páipéarachas airgeadais a thuigbheáil.

Foghlaim an chiall atá leis an eolas atá ar dhoiciméid oifigiúla – ráitis bhainc, duillíní (payslips) agus billí fóntais (utility bills). Beidh ort iad seo a tuigbheáil le go dtig leat buiséad pearsanta a chur le chéile.

2. Glac seilbh ar do chuid airgid féin. Ar an dóigh sin beidh tú in ann do bhuiséad a athrú má athraíonn do chúinsí.

3. Foghlaim faoi shábháil agus iasachtaí airgid le go mbeidh tú in ann roghanna a dhéanamh a fhóirfidh duit féin.

4. Dean neamhaird ar bhrú.

Beidh an uile dhuine ag iarraidh tionchar a imirt ort maidir le do chaiteachas agus le do choigilteas (savings).

Bí ar d’fhaichill mar beidh cuid acu ag iarraidh ort rudaí a dhéanamh nach mbeidh le do leas.

5. Cuardaigh luach ar airgead 

Tá dóigheanna éagsúla ann le luach ar airgead (value for money) a thomhas agus ní hé an praghas an rud is tábhachtaí i gcónaí.

6. Déan comparáidí 

Beidh tú níos fearr as má tá tú in ann comparáidí a dhéanamh idir an costas iomlán agus na buntáistí a bhainfidh tú as táirge nó as seirbhís éigin má dhéanann tú siopadóireacht in áiteanna éagsúla, ag oibriú rudaí amach i do chloigeann nó ar líne.

7. Léigh an cló beag

Faigh amach faoi réimse na dtáirgí airgeadais atá ar fail – árachas, barántaí (warranties) agus cuntais bhainc ach bí cinnte go bhfuil a fhios agat cad é atá ráite sa chló bheag le go mbeidh tú cinnte cad é an margadh is fearr duitse ach bíodh a fhios agat gur choir comhairle a fhail nuair is ga nó nuair atá tú éiginnte faoi rud ar bith.

8. Cosaint árachais

Tugann árachas cosaint duit ó réimse rioscaí agus is fiú go mór é le sásamh intinne a thabhairt duit go bhfuil tacaíocht ar fail ar bhonn airgeadais agus mothúchán má theann rudaí in aimhréidh.

9. Bí eolach ar an  chaimiléireacht

Ba cheart duit bheith in ann a aithint nuair atá duine ag iarraidh dallamullóg a chur ort agus tarraingt siar chomh luath agus is féidir.

Bi cinnte go bhfuil PIN agus do phasfhocail sábháilte agus coinnigh sonraí do chártaí rúnda.

10. Rioscaí infheistíochta

Ní thig leat bheith go hiomlán cinnte go ndéanfaidh infheistíocht ar bith airgead duit.

11. Rioscaí vs cúitimh 

Bíodh a fhios agat an nasc idir riosca agus na buntáistí a shaothróidh tú má éiríonn leat i gcúrsaí airgid – coigilteas, infheistíocht agus iasachta.

12. Buaireamh faoi airgead

In amanna, dearfaidh do chroí leat rud éigin a dhéanamh agus nach é an rud ceart i gcónaí é. 

13. Coinnigh d’aird ar an am atá romhat

Má shábhálann tú airgead sa ghearrthréimhse, d’fheadfadh sé cuidiú leat nuair atá gá le hairgead – má chailleann tú do phost mar shampla.

14. Bíonn tionchar ag do roghanna ar chúrsaí airgid

Go minic, bíonn nasc idir cáilíochtaí agus tuilleamh (earnings), agus cibé a roghnaíonn tú i do ghairm nó i do shaol pearsanta – fanacht san oideachas nó bheith i do chónaí ar bhonn neamhspleách – go bhfuil tionchair acu sin ar chúrsaí airgid. 

15. Sochair chánach

Bí eolach ar chúrsaí cánach – cé go gcreidfidh tú go bhfuil siad ró-ard, baintear úsáid as le leas an phobail.