Irish-Language

Craic, cuideachta agus obair chrua i measc carachtair An Shandon

<b>R&Eacute;ALTA AN SHANDON: </b>Cuirfidh muid aithne ar Josie Gallagher, Maureen Doherty agus Eoghan Sweeney le linn na sraithe spleodra&iacute; An Shandon a thos&oacute;idh ar TG4 san o&iacute;che am&aacute;rach. T&aacute; an t&ndash;&oacute;st&aacute;n, ina bhfuil sp&aacute; agus s&oacute;lann, taobh le tr&aacute; Chnoc Marmair
RÉALTA AN SHANDON: Cuirfidh muid aithne ar Josie Gallagher, Maureen Doherty agus Eoghan Sweeney le linn na sraithe spleodraí An Shandon a thosóidh ar TG4 san oíche amárach. Tá an t–óstán RÉALTA AN SHANDON: Cuirfidh muid aithne ar Josie Gallagher, Maureen Doherty agus Eoghan Sweeney le linn na sraithe spleodraí An Shandon a thosóidh ar TG4 san oíche amárach. Tá an t–óstán, ina bhfuil spá agus sólann, taobh le trá Chnoc Marmair

Mise: Ar mhaith leat dul go Tír Chonaill agus stopadh thar oíche?

Ise: Ó Bhéal Feirste go Dún Fionnachaidh? Le oíche amháin a chaitheamh ann? An bhfuil tú ar mire glan?

Mise: Tá.

Ise: Bhuel, okay, maith go leor.

Ach bhí ciall ceannaithe agam. Níorbh ionann an turas seo agus an chead turas a thug mé go Gaeltacht Thír Chonaill, nuair a ghlac sé ceithreostán uair go leith, ag taisteal ar chosain agus ar bhóithríní caola contúirteacha fríd thírdhreach a d’fháisc “as broinn chian cheoch na haimsire.”

Agus an iarraidh seo, ní raibh ag triail ar bhungaló don lóistín oíche ach ar óstán agus spa an Shandon,spá gar do Dhún Fionnachaidh.

Chomh luath is a chonaic muid an radharc amach ar fhuinneog an tseomra leapa agus Cuan na gCaorach amach romhainn, bhí a fhios againn go raibh an cinneadh ceart déanta againn agus gurbh fhiú an strus an turas dhá uair go leith a dhéanamh.

Ar ndóigh, níor bhuail muid le tarracóirí ag iompar móna ar an bhealach, tá sé sin athraithe chomh maith!  

Ba iad Paper Owl Films a chuir cuireadh orainn dul go dtí an Shandon le fáil amach dúinn féin cad é an cineál aite a bhí ann mar tá sraith ceithre chlár dá chuid le toiseacht ar TG4 san oíche amárach.

Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis an Shandon. An suíomh ina bhfuil sé, tá sé ina seoid shuaimhnis agus shó in iargúltacht álainn Ghaeltacht Thír Chonaill.

Chuir gach ball den fhoireann  a casadh orainn fáilte mhór romhainn agus thug siad scoth na seirbhíse dúinn. Bhí an bia galánta (daube mairteola mß chaitheann tú fios a bheith agat!) agus an oíche sin, rinne Brian Kennedy seó dúinn sula ndeachaigh muid a luí i leaba fhíor-chompordach.

An lá dár gcionn, i ndiaidh an bhricfeasta (an brachán is deise dar bhlais mo bhean riamh, agus full Irish!), shiúil muid ar cheann de na tránna is deise in Éirinn ag Cnoc Mharmair an ghrian ag scoilteadh na gcloch ach scamaill spraíúla ós ár gceann chomh maith.

D’íth mé uachtar reoite den chead uair le fada fosta ag bothán beag caife cois na trá.

Parthas!

Tá mé ag dúil go mór mar sin an tsraith faisnéise “ar an láthair? An Shandon, a léireoidh gach a bhíonn ar bun sa chúlra in óstán an Shandon, áit a mbíonn an oiread céanna spraoi ag an fhoireann agus a bhíonn ag na haíonna!

I gclár a haon, cuirfimid aithne ar Claudine, deirfiúr an úinéara nua Warren. 

Le tréan rúndachta, féachann an deartháir agus deirfiúr seo le cóisir faoi rún a eagrú dá máthair Breda, a bheidh 70 bliain d’aois, agus arb as an cheantar í ó dhúchas. 

Ní fios do Bhreda an obair a rinneadh lena bronntanas breithlá a ullmhú, ach an éireoidh leis an teaghlach agus le foireann an óstáin an rún mór a choinneáil faoi cheilt?

Is óstán ceithre réalta é an Shandon agus tá úinéirí agus foireann an óstáin fíorbhródúil as an dea-cháil atá air. 

Caithfear an clú sin a choimeád agus a chosaint i dtólamh, áfach, agus tuigeann an bainisteoir ginearálta Carolynne é sin go rímhaith. 

Tugann Fáilte Ireland faoina chigireacht is deireanaí i gclár a dó, agus déantar scrúdú grinn ar an áit. Tá obair athchóirithe fós ar bun chun an t-óstán a uasghrádú, ar cuid lárnach é dá bplean uaillmhianach, ach a gcoinneoidh an t-óstán an stádas ceithre réalta atá aige? 

Meabhraíonn Carolynne faoina cinneadh, rochtain iomlán a thabhairt don chriú scannán: 

‘Bhí muid breá sásta na ceamaraí teilifíse a ligin isteach – go dtí go raibh siad istigh,” ar sí.

“Ansin, d’éirigh sé rud beag scanrúil, go háirithe nuair nach raibh muid ach i ndiaidh oscailt ar na mallaibh agus bhí mór-oibreacha ag dul ar aghaidh ar fud an ionaid saoire mar aon le foireann úrnua, trealamh úr agus brú suntasach, mar go raibh muid uilig ag foghlaim achan lá!”

Ón méid a chonaic mé féin den óstán, ba léir nár “stáitsíodh” rud ar bith, níl ann ach an saol réalach ó lá go lá sa Shandon!  

Is iad beirt de na carachtair spéisiúla seo a bhfuil páirt lárnach acu sa tsraith ná foireann na cistine Maureen agus Josie. 

Ba bhreá leis an chef bricfeasta Maureen a fháil amach cad é an chuma a bhí uirthi ar an cheamara: 

"Bhí muid uilig iontach neirbhíseach ar dtús nuair a bhí na ceamaraí istigh, ach mhol Carolynne dúinn neamhaird a dhéanamh díobh go díreach agus bheith ag obair linn mar is gnách linn! 

"Insíodh dom go bhfuil cóisir bhreithlá Bhean Mhic Cárthaigh le feiceáil sa chéad chlár. Tá mé ag dúil go mór leis sin a fheiceáil nó bhí mo mhac is óige Charlie ag damhsa di ann. Le cuidiú Dé beidh sin le feiceáil ann," ar sí.

Sa chistin le Maureen, feicimid Josie as Gort an Choirce, duine de na baill is úire den fhoireann. Ar ndóigh bhí Josie rud beag neirbhíseach agus na ceamaraí sa tóir air:

“Am doiligh a bhí ann domsa mar gur fada ó bhí foireann chomh mór sin á stiúradh agam,” ar sé.

“Bhí mearbhall i mo cheann agus cistineacha an Shandon chomh gnóthach agus a bhí agus mé ag iarraidh gach rud a láimhseáil. 

“Dá ainneoin sin, tá mé cinnte go mbeidh sé iontach don cheantar agus don Shandon, dá mhéad na meancóga agus na rudaí craiceáilte a fheictear, is amhlaidh is fearr – beidh sé greannmhar amharc air ar scor ar bith!"

I gclár a trí cuimhnímid ar an Stoirm Ophelia, an stoirm mhór a raibh an saol Fódlach ag caint uirthi. Cén tionchar a bhí aici ar fhoireann agus ar aíonna An Shandon? 

I gclár a trí fosta, tagann an Harvest Rally chuig an bhaile. Feicfimid Paula, an t-oibrí spá, ag fágáil a cuid blátholaí ina diaidh agus í ag ullmhú le dul san iomaíocht ina céad railí riamh.

Ag deireadh na sraithe, cuirfimid aithne ar Liam agus ar Mark, a bhfuil a ngrá dá chéile á cheiliúradh acu san óstán is fearr leo i ndiaidh an reifrinn um Chomhionannas Pósta le déanaí. Tá i bhfad níos mó i gceist le bheith ag obair in óstán seachas a bheith ag tarraingt piontaí agus ag cócaráil goujons áfach, agus bíonn spórt agus spraoi ag an fhoireann agus iad amuigh ar lá pléisiúir ar shiúl. 

Le linn na sraithe ar fad, beimid ag amharc ar an ghnó seo agus é ag fás agus forbairt trí gach bac a bhíonn le sárú aige.  

An dtig leo an fhoireann agus na custaiméirí a choinneáil sásta le linn na ndeacrachtaí sin, áfach? Agus an dtabharfar an fhís mhór atá acu don óstán i gcrích sa deireadh? 

:: Feicfear an chéad chlár de An Shandon san oíche amárach ar TG4 ar a 8pm. Rinneadh an tsraith le tacaíocht ón CCG.