Irish-Language

Féile scannánaíochta faisnéise a bhfuil ábhair machnaimh go raidhsiúil inti

<b>AG SCAOILEADH SCANN&Aacute;IN: </b>In Pull Focus, leagfar b&eacute;im ar lucht d&eacute;anta scann&aacute;n faisn&eacute;ise &oacute;n d&aacute; thaobh den teorainn ach pl&eacute;ann siad le streachailt&iacute;&nbsp;m&oacute;ra daonna, idir phearsanta agus phoibl&iacute;, mar at&aacute; in Unquiet Graves le Se&aacute;n Murray <i>(thuas)&nbsp;</i>
AG SCAOILEADH SCANNÁIN: In Pull Focus, leagfar béim ar lucht déanta scannán faisnéise ón dá thaobh den teorainn ach pléann siad le streachailtí móra daonna, idir phearsanta AG SCAOILEADH SCANNÁIN: In Pull Focus, leagfar béim ar lucht déanta scannán faisnéise ón dá thaobh den teorainn ach pléann siad le streachailtí móra daonna, idir phearsanta agus phoiblí, mar atá in Unquiet Graves le Seán Murray (thuas) 

Is stiúrthóir scannán faisnéise a bhfuil ardmheas agam ar a shaothar é Adam Curtis. Bíonn sé ag plé, mar a deir sé féin, ar an dóigh a bhfuil ár smaointe ag dul ar gcúl isteach i leagan den saol atá go hiomlán bréagach. 

Na Rúisigh agus fear amháin ach go háirithe, Vladislav Surkov, atá freagrach as seo.

Maíonn Curtis go mbaineann Surkov úsáid as coincheapanna ón ealaín theibí agus ón amharclann-aíocht le dallamullóg a chur ar dhaoine.

Mar shampla, thug sé urraíocht do ghrúpaí atá go hiomlán in iomaíocht lena chéile - skinheads nua-Naitsíocha agus grúpaí cearta daonna liobrálacha araon. Thug Surkov urraíocht do ghrúpaí atá in éadan an Uachtaráin Vladimir Putin – cé gur comhairleoir iontaofa de chuid Putin é féin!

Cad chuige? Le mearbhall a chur ar dhaoine agus leis an fhreasúra a choinneáil fríd a chéile.

Cé a thuigeann cad é atá ag titim amach i Siria? An bhfuil na Rúisigh ag imirt tionchar ar dhaonlathas na Stát Aontaithe? Cad é a spreag daoine chun vótáil ar son na Breatimeachta agus an raibh fórsaí dorcha rúnda taobh thiar den ghluaiseacht sin? 

“Cá bhfios?” an t-aon fhreagair ionraice a bhíonn ag an ghnáthdhuine. 

Sílim féin go bhfuil daoine ag iarraidh teacht aniar ón

aineolas seo agus gur sin an fáth go bhfuil níos mó ráchairte ar scannáin faisnéise ná mar a bhíodh.

(Má amharcann tú ar líon na ndíospóireachtaí agus na gcainteanna agus na léachtaí atá á reáchtáil ag féilte ina mbíodh an ceol amháin, sílim gur leid eile é sin go bhfuil daoine ar thóir eolas a dtig leo muinín a chur ann.)

Anuas air sin uilig, is é an dea-scéal é go bhfuil féile scannánaíochta faisnéise le tosú an mhí seo chugainn i mBéal Feirste.

In Pull Focus – atá ceangailte le Féile Scannánaíochta Bhéal Feirste – leagfar béim ar lucht déanta scannán faisnéise ón dá thaobh den teorainn ach ón tuaisceart ach go háirithe.

Beidh scannáin idir nua agus ó na 1980í agus na 1990í le feiceáil ach ar thús cadhnaíochta beidh scannán úr Seán Murray, Unquiet Graves.

Baineann an scannán iontach seo le Buíon Ghleann Anna nó The Glenanne Gang, drong ina raibh baill den UVF, den RUC agus den UDR páirteach agus iad freagrach as tuairim’s ar 120 bás i dTriantán an Dúnmharaithe sna 1970í. 

Tá fianaise scanrúil ann ó iarbhall den bhuíon, John Weir, cur síos tochtmhar ó bhean a chonaic a fear céile á marú os a comhair agus an drochbhail a fuair sí ag an RUC ina dhiaidh agus fíricí eile a chuirfidh idir iontas agus alltacht ort, iad curtha le chéile go healaíonta, stuama ag Murray.

Beidh Unquiet Graves le feiceáil sa Movie House ar an 16 Lúnasa ach tá na ticéid uilig beagnach díolta amach agus ní nach ionadh.

Scannán eile a mbeidh daoine ag caint air is é I Dolours, a insíonn scéal Dolours Price, iar-bhall den IRA a bhí freagrach as buamáil an Old Bailey i Londain i 1973 agus a chuaigh ar stailc ocrais lena deirfiúr Marian nuair a ciontaíodh í.

Bhí Dolours Price go dubh in éadan shos chogaidh an IRA i 1994, agus in agallaimh a rinne sí leis an iriseoir agus duine de stiúrthóirí agus de léiritheoirí I Dolours, Ed Moloney, cháin sí Gerry Adams, labhair sí ar dhúnmharú Jean McConville agus ar a ról féin san IRA. Tá na hagallaimh seo mar bhunús an scannáin.

Is cinnte gur scannán conspóideach a bheidh anseo agus beidh sé le feiceáil sa Movie House ar an 13 Lúnasa.

Beidh lucht déanta na scannán i láthair ag na léirithe.

Tá lucht eagraithe Pull Focus ag dúil go mbeidh na scannáin, idir throm agus éadrom, in ann cur le dioscúrsa i measc an phobail ar cad is cothromas ann agus táthar ag dúil go mbeidh féile níos mo ann ar an bhliain seo chugainn a chuirfidh tús le féile bhliantúil idirnáisiúnta i nBéal Feirste as sin amach.