Irish-Language

An ghrianghrafadóireacht agus stair na hÉireann á ríomh in dhá fhiseán

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">D&Iacute;SHEALBH&Uacute;: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">B&rsquo;&eacute;igean do na b&aacute;ill&iacute; agus do na p&oacute;il&iacute;n&iacute; iad f&eacute;in a cosaint mar chaitheadh na daoine bochta uisce te orthu - n&iacute; nach ionadh -&nbsp; le greim a choinne&aacute;il ar a dtithe&nbsp;</span>
DÍSHEALBHÚ: B’éigean do na báillí agus do na póilíní iad féin a cosaint mar chaithe DÍSHEALBHÚ: B’éigean do na báillí agus do na póilíní iad féin a cosaint mar chaitheadh na daoine bochta uisce te orthu - ní nach ionadh -  le greim a choinneáil ar a dtithe 

Bhí suim riamh agam sa ghrianghrafadóireacht ó thosaigh mé ag breathnú fríd leathanaigh Life magazine sna 1970idí agus na pictiúir iontacha sin den chogadh i Vítneam ar na leathnaigh.

Is gléas iontach é an ghrianghrafadóireacht scéal a inse mar atá léirithe ag cara liom, Cathal McNaughton, atá ag obair san India ar son Reuters agus a bhfuil duais Pulitzer buaite aige agus é féin agus a fhoireann ag inse faoi na huafáis atá ag titim amach do mhuintir an Royingha i Myanmar nó Burma mar a thugann daoine air go fóill.

Choinnigh mé sean-chóip agam de Paris Match, an iris Fhrancach, a tháinig amach i 1969 agus tús na dtrioblóidí mar ábhar acu agus í lán pictiúr dubh agus ban de Bhéal Feirste agus Doire ann nuair a thosaigh an choimhlint ag dul in olcas.

Tá éachtaí déanta ag grianghrafadóirí an nuachtáin seo, The Irish News, scéal an ghnáthdhuine a inse anseo fríd ghrianghrafadóireacht, ó uafáis go cluichí Gaelacha, ó thórraimh go spraoi na nÓg.

Tá obair iontach á dhéanamh ag grianghrafadóirí a fuair a n-oiliúint faoi stiúir Brendan Murphy i Sráid Dhún na nGall.

Is beag taifead staire atáchomh spreagúil nó chomh láithreach le ghrianghraifeanna. Ní hé go n-aithníonn tú an scéal atá romhat ar an toirt ach tugann pictiúir deis duit do shamhlaíocht a úsáid ag an am céanna - cad é tá an duine sa phictiúr sin á mhothú?; cad é a dhéanfainn dá mbeinn san áit sin?; cé air a bhfuil an locht sa phictiúr seo? agus mar sin de.

Cruthaíonn sé daimh ionat le daoine eile agus cuireann sé déistin ort le daoine eile.

Is beag duine a dhéanfaidh dearmad ar phictiúr Aylan Kurdi, an tachrán Siriach a tháinig i dtír ar thrá sa Tuirc agus ar na mallaibh, bhí pictiúr thar a bheith cumhachtach de phaiste eile a raibh a thuismitheoirí ag iarraidh bogadh isteach sna Stáit Aontaithe ó Mheicsiceo. 

Tá an ghrianghrafadóireacht thar a bheith tábhachtach scéalta a inse ach ní hionann sin is a rá go mbaintear an úsáid cheart astu.

In 2015, bunaíodh eagraíocht darbh ainm Honeycomb Creative Works, clár tacaíochta gnó do na tionscail chruthaíocha ó thuaidh, cois teorainn agus in iarthar na Alban.

Cé nach bhfuil siad ag feidhmiú níos mó, tá na físeáin a rinne siad le feiceáil ar vimeo.

Ina measc, tá leacht thar a bheith suimiúil. The Battle for Hearts and Minds, ina labhraíonn an Dr Gail Baylis ar an dóigh ar baineadh úsáid as ceamaraí le scéal an díshealbhaithe a inse – ón dá thaobh.

Bhí na díshealbhuithe (evictions) i mbéal an phobail go mall san 19ú céad agus glacadh go leor pictiúr de na heachtraí tochtmhara seo ag an am. 

Deirtear go bhfuil na pictiúir seo ar na chéad samplaí den fhóta-iriseoireacht in Éirinn.

D’imir na híomhánna brónacha seo tionchar mór ar dhearcadh an phobail, ní amháin in Éirinn ach sna Stáit Aontaithe, san Astráil, sa Bhreatain agus sa chuid eile den Eoraip.

Sa chaint, tugann an Dr Baylis spléachadh ar an fhreagair a thug an Brainse Speisialta ar na híomhánna seo a bhí le feiceáil i nuachtáin agus in irisí na linne.

Ba é an rud a rinne siad ná gur bhailigh siad pictiúir dá gcuid féin agus gur thosaigh siad ag glacadh grianghraifeanna go rúnda den chéad uair ach ar athraigh sé meon na ndaoine i leith na ndíshealbhuithe?

Tá chaint an Dr Baylis le fail ag https://bit.ly/2KLXltq  

I bhfíseán eile, labhraíonn an tOllamh Sarah Edge ar The Emergence of Photojournalism as a Genre. ceanglaíonn sí an fota-iriseoireachta agus an

náisiúnachas in Éirinn le chéile, an dá rud ag teacht ar an fhód sna 1840idí.

Bhí náisiúnaithe in ann a bhfealsúnacht a chur chun cinn fríd an ghrianghrafadóireacht go mór idir na 1840idí agus na 1860idí. 

Ach cionn is nár aithníodh an coincheap den “phictiúr polaitiúil” ag an am, baineadh úsáid as portráidí nó as grianghraifeanna príosúin.

“Sna 1840idí , cuireadh pictiúir de náisiúnaithe aitheanta, d’fheisirí parlaiminte, de bhaill den ard-aicme, cuireadh ar díol iad le go dtiocfadh le daoine iad a cheannacht mar chomhartha go raibh tacaíocht acu don duine sin nó don fhéiniúlacht Éireannach agus ní don fhéiniúlacht Shasanach,” arsa an tOllamh Edge.

Luaigh sí na pictiúr a ghlac an tOllamh Gluckman de na hÉireannaigh Óga agus iad i bpríosún Chill Mhaighneann sna 1880idi agus na teachtaireachtaí a eascraíonn astu.

Tá an dá chaint thar a bheith suimiúil agus is mairg gur cuireadh deireadh leis an mhaoiniú do Honeycomb Creative Works in 2015.

Is féidir breathnú ar an fhíseán ag vimeo.com/channels/honeycombcreativeworks/125166177