Irish-Language

“Tá daoine gan eolas ar a stair mar a bheadh crann gan fréamhacha ann”

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">STARAITHE: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Ba &eacute; an tUachtar&aacute;n Miche&aacute;l D &Oacute; hUiginn a sheol The Cambridge History of Ireland an mh&iacute; seo caite agus sin thuas &eacute; leis na scr&iacute;bhneoir&iacute; a rinne anail&iacute;s ar eachtra&iacute; m&oacute;ra na staire, s&iacute;ni&uacute; Ch&uacute;nant Uladh agus &Eacute;ir&iacute; Amach 1916 ina measc &nbsp;</span>&nbsp;
STARAITHE: Ba é an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn a sheol The Cambridge History of Ireland an mhí seo caite agus sin STARAITHE: Ba é an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn a sheol The Cambridge History of Ireland an mhí seo caite agus sin thuas é leis na scríbhneoirí a rinne anailís ar eachtraí móra na staire, síniú Chúnant Uladh agus Éirí Amach 1916 ina measc   

Cúpla bliain ó shin, glacadh an cinneadh nach mbeadh an stair mar chroí-ábhar don Teastas Sóisearach feasta i scoileanna na 26 Chontae. 

Tá an cinneadh le cur i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo agus, ní nach ionadh, tá alltacht ar dhaoine, An tUachtarán Micheál D Ó hUiginn ina measc, faoin ísliú céime atá á thabhairt ag ceann de na hábhair is tábhachtaí don chéad ghlúin eile agus do gach glúin eile ina dhiaidh sin. 

Tá ráite ag an Ollamh Thomas Bartlett (arb as Béal Feirste ó dhúchas dó), eagarthóir ginearálta The Cambridge History of Ireland, go bhfuil an stair don tsochaí mar atá an chuimhne don duine.

“Mura bhfuil cuimhne agat, rachaidh tú ar seachrán,” ar sé.

Ag seoladh na leabhar (tá ceithre himleabhar ann), dúirt an tUachtarán go raibh tuigbheáil agus eolas ar an stair mar bhunchloch “ár gcomhshaoránachta.” 

“To be without historical training, the careful and necessary capability to filter and critically interpret a variety of sources, is to leave citizens desperately ill-equipped to confront a world in which information is increasingly disseminated without historical perspective or even regard for the truth.”

Agus ar ndóigh, tá sé sin níos ábharaí do shochaí na Sé Chontae, áit a bhfuil mí-úsáid, mí-thuigbheáil, aineolas agus dearg-bhréaga i gcúrsaí staire i gcroílár an dioscúrsa.

Níl le déanamh agat ach éisteacht le daoine ag caint ar an Ghaeilge leis sin a thuigbheáil.

Agus níl staraithe féin gan locht, mar a scríobhann Vincent Morley ina leabhar, The Popular Mind in the Eighteenth-century Ireland.

Deir sé go bhfuil cláracha taighde staraithe bunaithe ar fhoinsí Béarla amháin agus go bhfuil peirspictíocht Shasanach mar thoradh air seo.

“Their research agendas still reflect a purely anglophone and consequently, an essentially anglocentric perspective”.

Mar sin, ba cheart go mbeadh an teanga i gcroílár an dioscúrsa ar an stair. 

Agus mé ag éirí níos sine, tá sé ag éirí níos soiléire dom gur fríd phriosma an choilíneachais is fearr a thuigfidh muid Éire an lae inniu. Tá na freagracha uilig ansin má chuardaíonn muid iad ach tá paraidím an Bhéarla chomh huile-ghabhálach sin – dalta an chaipitleachais – nach bhfeiceann muid a mhalairt.

(Is é is paraidím ann ná roinnt barúlacha ar ábhar áirithe. Mar shampla:

“Bhí impireacht na Breataine go maith. Rinne sé a lán maitheasa do thíortha thar lear. Ní dhearna an Bhreatain dochar ar bith. Ba cheart an impireacht a athbhunú.” 

Na barúlacha sin uilig le chéile is paraidím é.)

Ach más mian linn fadhbanna a réiteach, is éigean aistrithe paraidíme a thionscnamh.

Caitheann na daoine a chreideann na ráitis sin thuas, nó a chreideann a mhalairt, dul i muinín na staire le theacht ar “fhírinne” an scéil, más féidir a leithéid a dhéanamh.

Mura ndéantar an iniúchadh sin, mura gceistíonn muid gach dúshraith ar a bhfuil ár bhféiniúlacht nó na tuairimí polaitíochta atá againn agus mura dtuigeann muid féiniúlacht agus tuairimí polaitíochta dreamanna eile, ní bheidh in áit na staire ach “mothúcháin” nó “perceptions”, rudaí a chreideann daoine gan aon fhianaise nó gan an t-eolas iomlán a bheith acu orthu.

Déantar an oiread sin uafás mar gheall ar “perceptions”.

Bhí an ceart ag an Uachtarán O hUiginn. Tá an stair rí-thábhachtach má tá athmhuintearas le baint amach.

Cinnte, ní aontóidh gach duine ar thréimhsí corracha staire. Tá measúnú agus seiceáil agus – Dia idir in agus an drochrud – athbhreithniú le déanamh ach ní hionann an t-athbhreithniúchas staire agus gach rud ar chreid tú agus ar chreid tú ann a bheith contráilte. Agus tá sé sin fíor faoi gach tír ar domhan.

Ná bíodh an stair fágtha in áit na leathphingine.