BHUEL, bímis ionraice, ní raibh seans ar bith ann nach mbeadh an dara Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste ar siúl i ndiaidh an rath a bhí ar an chéad cheann anuraidh.
Tháinig na sluaite ó gach cearn d’Éirinn agus tháinig teaghlach amháin ón Iodáil le páirt a ghlacadh ann. Ba iad a bhí sásta mar mhol siad an t-atmaisféar iontach, an fháilte a cuireadh rompu anuas ar chaighdeán na múinteoireachta agus an cheoil a chuala siad.
I mbliana, beidh an Scoil Samhraidh ar siúl idir an 30 Iúil agus an 4 Lúnasa agus é lonnaithe arís in Ollscoil Uladh i Sráid Eabhrac sa chathair.
Ar ndóigh, is iad na ranganna ceoil atá i gcroí na Scoile Samhraidh agus daoine i ngach aoisghrúpa ag baint tairbhe as an deis oiliúint a fháil agus craic a bheith acu le cuid de na ceoltóirí is aitheanta sa tír.
A bhuíochas don ghréasán cairde atá ag Dónal Ó’Connor, beidh oirfidigh den chéad ghrád ag roinnt a scileanna agus a saineolais agus a dtaithí (agus a scéalta grinn) i réimse leathan uirlisí.
Seo an liosta: An cláirseach - Una Monaghan; an cairdín cnaipí - Dermot Byrne; amhránaíocht thraidisiúnta - Ríoghnach Connolly; an bodhrán - Siobhán Ó’Donnell;
an phíobaireacht Albanach - Ross Ainslie; an drumadóireacht - Steven McWhirter; na phíobaí uilleann - Conor Lamb; an fhidil - Gerry O’Connor, Bríd Harper, Liz Doherty agus Martin Dowling; an bainseó teanóir - Brian McGrath; an fheadóg mhór - Harry Bradley; an fheadóg stáin - Mary Bergin; an chonsairtín - Edel Fox agus tionlacan ar an ghiotár - Seamie O’Dowd.
Chomh maith, beidh ranganna ar an fhíf, ar an druma rópa agus ar an Lambeg i gcuideachta Willie Drennan.
Anois, tá sé go hiontach go bhfuil na sárcheoltóirí seo uilig ag teacht cois Lagáin ach ní bheadh ag tarlú gan comhoibriú ó réimse mór daoine agus eagraíochtaí.
Seo na grúpaí a reáchtálann ranganna agus seisiúin agus coirmeacha i rith na bliana, bíodh soineann nó doineann ann, agus gan iad ní fheicfeadh muid an borradh atá faoin cheol traidisiúnta i láthair na huaire.
Ina measc, tá Ray Morgan agus an Glengormley School of Traditional Music, Andersonstown School of Trad and Contemporary Music, Belfasttrad, the Royal Scottish Piping and Drumming Society (NI Branch), Northern Ireland Piping and Drumming School agus Craobh Loch Lao de Comhaltas Ceoltoirí Éireann.
Anuas ar an cheol, tá ceardlanna damhsaí seit á reáchtáil agus céilithe chomh maith.
Ach taobh leis na ranganna, beidh seisiúin ar siúl gach lá, cainteanna, ceardlanna, agus coirmeacha ar siúl ar fud na cathrach.
Tá suim ar leith agam féin i stair an cheoil in Éirinn agus is cinnte go mbeidh mé ag freastal ar chainteanna Martin Dowling agus é ag tabhairt sraithe léachtaí ar an ábhar sin - How old is traditional music?; The Great Collectors; agus The Famine and Irish Music, before and after.
I mbliana, tá sé iontach suntasach go mbeidh ionaid ealaíne ar fud na cathrach páirteach sa Scoil Samhraidh agus imeachtaí ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar na cathrach, An Droichead sa deisceart, an LárIonad Skanios san oirthear agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart na cathrach.
Léiríonn sé seo go bhfuil an ceol traidisiúnta an-láidir i mBéal Feirste agus go bhfuil craos ar dhaoine ar fud na cathrach ní amháin a bheith ag éisteacht leis an cheol ach a bheith á sheinm chomh maith.
Tá ballaí idir pobail á leagadh ag fuaim an Lambeg agus na bpíobaí uilleann araon agus tá an comhpháirteachas mar chuid riachtanach de éiteas na Scoile Samhaidh.
Le gach eolas a fháil ar an Dara Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste le fáil ag www.belfasttraditionalmusic.com