Irish-Language

Deirbhísigh, pirimidí agus an Union Jack - fáilte go dtí an tSúdáin ársa

<b>F&Aacute;SACH NA S&Uacute;D&Aacute;INE: </b>T&aacute; an t&iacute;r in oirthuaisceart na hAfraice ag iarraidh t&uacute;s a chur le tionscal turas&oacute;ireachta agus t&aacute; go leor su&iacute;omh &aacute;rsa ar fud na t&iacute;re le iad a mhealladh go dt&iacute; an tS&uacute;d&aacute;in agus t&aacute; an t-airgead de dh&iacute;th orthu - t&aacute; an tS&uacute;d&aacute;in ar cheann de na t&iacute;ortha is boichte ar domhan
FÁSACH NA SÚDÁINE: Tá an tír in oirthuaisceart na hAfraice ag iarraidh tús a chur le tionscal turasóireachta agus tá go leor suíomh ársa ar fud na tíre le iad a mhealladh FÁSACH NA SÚDÁINE: Tá an tír in oirthuaisceart na hAfraice ag iarraidh tús a chur le tionscal turasóireachta agus tá go leor suíomh ársa ar fud na tíre le iad a mhealladh go dtí an tSúdáin agus tá an t-airgead de dhíth orthu - tá an tSúdáin ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan

B’FHÉIDIR GURBH IAD na lúbáin túise a bhí ag teacht amach as na túiseáin nó b’fhéidir na fir ag rothlú le tréan mire ar a sáltaí ach le linn don ghrian a bheith ag dul faoi chruinneacháin Omdurman ach tá mearbhall ag teacht orm.

Gach Aoine, déanann deirbhísigh damhsa agus canann siad faoi scáth thuama an cheannaire Súfaíoch, Hamad Al Nile anseo i mbruachbhaile Khartoum, iad ag imeacht le báiní sula dtagann an dorchadas.

Ag tarraingt a sciathán anonn is

anall mar a bheadh traein ghaile ann, tá Moslamaigh dhílse chun

cinn i gciorcal thart ar na daimhseoirí; ar a gcúl, tá dornán beag de khawaja (daoine bána), agus iad ag stánadh le tréan iontais ar an imeacht.

Buaileann cuid de na hadhraitheoirí an talamh, ag sceadaigh “Allah” i dtreo na spéire.

Sufi amháin, a dhuilleoga prionta liopaird ag guairneán san aer agus AK47 caite thar a ghualainn, éiríonn sé chomh tógtha sin go dtosaíonn sé ag caoineadh; allas agus deora ag drithliú mar a bheidh seodra iontu. 

Cé gur searmanas naofa agus fíor atá os ár gcomhar, tugtar cuireadh do choimhthigh páirt a ghlacadh ann ach ó tharla gur beag strainséara a thugann cuairt ar an tír seo, ní mhillfidh siad choíche an t-atmaisféar.

Fáilte go dtí an tSúdáin.

Measann daoine gur geata é an tSúdáin idir cultúr an Mheánoirthir agus cultúr na hAfraice.

Tá an tSúdáin suite ó dheas den Éigipt, ar an chuid íochtarach den Níl.

Bhí na Brits anseo ar ndóigh –coilíneacht a bhí ann go dtí 1956 – agus bhí cogaíochta cathartha ann le linn an 20ú céad (iontas na n-iontas) – ach ó scaradh an tSúdáin ina dhá chuid in 2011 idir an tSúdáin Thuaidh agus an tSúdáin Theas, tá síocháin i réim ó thuaidh cé bhfuil cogadh ar siúl faoi láthair sa tír ó dheas.

Ní ligtear isteach ach 10,000 turasóir sa bhliain agus tá ceadúnais de dhíth le dul áit go háit taobh istigh den tír, ach má phleanálann tú do thuras go cúramach roimh ré, tá sé furasta go leor cuairt a thabhairt agus tá turasóirí cróga réidh an deis a ghlacadh.

Is é Khartoum príomhchathair na Súdáine, pailmeacha dátaí ag gobadh amach as blocanna coincréite, talamh tirim agus láithreáin tógála leath-chríochnaithe.

Dhearaigh Lord Kitchener leagan amach na cathrach le go mbeadh sé cosúil le Union Jack!

Tá cuid de lorg na Sasanach le feiceáil sa tSúdáin go fóill, Pálás an Uachtaráin san áireamh, ach inniu tá an infheistíocht do bhóithre, do dhroichid (nach bhfuil cead agat grianghraif a ghlacadh dóibh) agus d’ilstóraigh spéire ag teacht ó Chatar agus ón tSín.

is é an t-aon eisceacht amháin é an tÓstán Corinthia, foirgneamh atá cosúil le seol lán gaoithe, a mhaoinigh rialtas Libia agus de thairbhe sin, tugann muintir na háite “Uibh Gaddafi” air!

Tá bialanna lánléargais, spá den chéad scoth agus lóistín chomh maith le hóstán ar bith cúig-réalt san Eoraip, tá sé eisceachtúil ar chuid mhór bealaí.

Ag ag sní tríd an tír, tá tionchar ar leith ag an abhainn is faide san Afraic, an Níl ar thír eolais agus ar stair na Súdáine agus d’fhás Khartoum thar ar chumar, áit a mbuaileann an Níl Ghorm agus an Níl Bhán le chéile.

Agus mé ag fágáil na cathrach, téim ar thuras 200km ó thuaidh le cuairt a thabhairt ar shuímh stairiúil a theann siar go dtí sibhialtacht Meroitic, cultúr saibhir a mhair idir 750BC agus 350AD.

An t-am úd, bhí an limistéar clúdaithe le féar ach tá sé lom sa chuid is mó anois agus treibheanna fánaíochta, miodóga ar a rítheacha, ag treorú camall fríd na crainn cáise.

Tá tuairim’s ar 40 pirimid ag éirí aníos ó dhumhcha Meroe, agus cé go bhfuil siad níos lú na pirimidí na hÉigipte, tá siad mórthaibhseach mar sin féin.

“Tógadh go gasta iad,” a mhíníonn ár dtreoraí Iodálach, Karla, agus muid ag siúl go barr cheann acu.

“Ach níl na pirimidí tábhachtach; is iad na tumbaí fúthu atá tábhachtach.

Tá forbairtí móra ag dul ar aghaidh ar imeallacha Phirimidí Giza san Éigipt, ach tá Meroe mar a bhí siad riamh anall - bhuel, sin mar atá siad faoi láthair.