Irish-Language

Deiseanna corraitheacha ar fáil san Eoraip d’aistritheoirí óga le Gaeilge

<span style=" line-height: normal;"><b>L&Uacute;TH NA DTEANGACHA: </b>Colmcille &Oacute; Monach&aacute;in Ceann Aonad na Gaeilge sa Choimisi&uacute;n Eorpach <i>(ar chl&eacute;)</i> agus an tAire St&aacute;it Joe Mc Hugh leis na hAistritheoir&iacute; &Oacute;ga, </span>Alison Nic Giolla Bhr&iacute;de, S&iacute;le N&iacute; Mhurch&uacute;, Molla&iacute; N&iacute; Loibh&eacute;ad, Brian Mac Donncha agus Tuan &Oacute; Ruana&iacute;
LÚTH NA DTEANGACHA: Colmcille Ó Monacháin Ceann Aonad na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach (ar chlé) agus an tAire Stáit Joe Mc Hugh leis na hAistritheoirí &Oac LÚTH NA DTEANGACHA: Colmcille Ó Monacháin Ceann Aonad na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach (ar chlé) agus an tAire Stáit Joe Mc Hugh leis na hAistritheoirí Óga, Alison Nic Giolla Bhríde, Síle Ní Mhurchú, Mollaí Ní Loibhéad, Brian Mac Donncha agus Tuan Ó Ruanaí

AGUS AN Bhreatimeacht ag teacht chugainn ar stealla cosa in airde, ní chaillfidh Éire, thuaidh nó theas, an nasc in idir í agus saibhreas cultúrtha na hEorpa mar a léiríodh ag searmanas bronnta duaiseanna ar scolairí óga Gaeilge faoi scéim na nAistritheoirí Óga an tseachtain seo.

Ní aithníonn an Ghaeilge an teorainn – tá sí i bhfad níos sine ná sin – agus beidh deis ag Gaeilgeoirí óga obair a fháil sna hInstititiúidí mora

Eorpacha bíodh an Bhreatimeacht ann nó as.

Leoga, ag an searmanas oíche Chéadaone, dúirt Colmcille Ó Monacháin, Ceann Aonad an Aistriúcháin Gaeilge sa Choimisiún Eorpach gur “laethanta geala” iad seo ag teangeolaithe le Gaeilge, óir tá a lán deiseanna ag teacht chun cinn d’aistritheoirí, do chúntóirí teanga, d’ateangairí agus do dhlítheangeolaithe. 

“Uaidh seo go dtí 2021, beidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh corradh maith le céad gairmí teanga a earcú,” ar sé.

“Chomh maith leis sin, le linn na tréimhse seo táimid ag súil go dtiocfaidh forbairt mhór ar na hearnálacha taca in Éirinn, i réimsí amhail an saoraistriúchán, an téarmeolaíocht, an fhoclóireacht agus an teicneolaíocht teanga. 

“Le cuidiú linn reachtaíocht agus beartais an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge, is mian linn na céimithe is mó tallann dá dtagann as an gcóras oideachais a earcú. 

“Mar sin de, táimid ag súil go n-éireoidh go maith le buaiteoirí an chéad eagráin den chomórtas seo, Aistritheoirí Óga, agus leo siúd uile a ghlac páirt ann. Tá togha na todhchaí roimh theangeolaithe Gaeilge ard?tallannacha,” arsa an tUasal Ó Monacháin.    

Agus é ag bronnadh na ngradam ag an searmanas d’aontaigh Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht go raibh deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine óga ach iad a bheith líofa sa Ghaeilge.  

“Táimid ar ár ndícheall ag iarraidh aird a tharraingt ar an iliomad deiseanna fostaíochta atá ar fáil do chéimithe in institiúidí an Aontais.” ar sé.

“Tá  Ionad Barr Feabhais do Ghairmeacha le Gaeilge san Aontas Eorpach bunaithe ag mo Roinn, ina bhfuil toscairí ó na hinstitiúidí sin a bhfuil maoiniú á dhéanamh orthu faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge mar aon le hoifigigh ó mo Roinn féin. 

“Tá tús curtha againn le hardú feasachta ar leibhéal na meánscoileanna, agus cuid den fheachtas sin is ea an comórtas Aistritheoirí Óga. 

“Deis is ea é do dhaoine óga léargas a fháil, den chéad uair, ar obair an aistritheora, agus tá súil againn go spreagfar cuid acu chun tabhairt faoi ghairm a bhaint amach i gceird thairbheach an aistriúcháin.” 

Is Comhthionscadal ag an Choimisiún Eorpach agus ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é an comórtas seo a cuireadh ar siúl i scoileanna i mí na Nollaig 2017.

Sé chatagóir a bhí sa chomórtas: ceann do gach cúige, ceann don oileán ar fad, agus ceann eile chun deis a thabhairt do na daltaí aistriúchán a dhéanamh ó theanga eile seachas an Béarla.

D’éirigh go maith leis an chéad eagrán seo den chomórtas agus tá an lucht eagraithe agus na daltaí ag tnúth cheana féin leis an gcéad eagrán eile, a gcuirfear tús leis i bhfómhar 2018.

Tá sé mar aidhm leis máistreacht ar an Ghaeilge agus staidéar ar theangacha a chur chun cinn i scoileanna na tíre agus le daoine óga a chur ag smaoineamh ar ghairmeacha le teangacha. Seoladh an comórtas i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus bhí cead a bheith istigh ann ag daltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeilge agus a raibh na 15 bliana slán acu ar an 1 Meán Fómhair 2017. 

Chláraigh 26 scoil sa chomórtas, agus ar an 1 Nollaig thug 55 dhalta faoi na trialacha aistriúcháin. 

Bhí sé chatagóir ann: ceann do gach cúige, ceann don oileán ar fad, agus ceann eile chun deis a thabhairt do na daltaí aistriúchán a dhéanamh ó theanga seachas an Béarla agus a scileanna teanga a léiriú ar an gcaoi sin.

Baineann an comórtas seo le feachtas níos forleithne atá ar siúl faoi láthair maidir le feasacht a ardú faoin nGaeilge agus an tábhacht a bhaineann léi mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. 

Foráiltear le Rialachán 2015/2264 ón Chomhairle go mbeidh stádas iomlán bainte amach ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh faoi 2022, agus go mbeidh reachtaíocht uile an Aontais á haistriú go Gaeilge dá réir sin, mar a dhéantar i gcás na 23 theanga oifigiúla eile. Chuige sin, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh ag súil le breis mhór agus céad d’fhoireann le Gaeilge a earcú chun stádas iomlán na Gaeilge a chur i bhfeidhm. 

Eagróidh an tAontas Eorpach comórtas i mbliana chun aistritheoirí Gaeilge a earcú.