Irish-Language

Téann Pádraig go tobar an dúchais le scéalta breátha a sholáthar dúinn

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">P&Aacute;DRAIG &Oacute; BAOIGHILL: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">T&aacute; 22 ghearrsc&eacute;al le f&aacute;il in An Capall Dubh, an leabhar is d&eacute;ana&iacute; &oacute; pheann Ph&aacute;draig, fear a bhfuil an iliomad leabhar scriofa aige idir fhicsean agus neamhfhicsean</span>&nbsp;
PÁDRAIG Ó BAOIGHILL: Tá 22 ghearrscéal le fáil in An Capall Dubh, an leabhar is déanaí ó pheann PÁDRAIG Ó BAOIGHILL: Tá 22 ghearrscéal le fáil in An Capall Dubh, an leabhar is déanaí ó pheann Phádraig, fear a bhfuil an iliomad leabhar scriofa aige idir fhicsean agus neamhfhicsean 

BHAIN MÉ an-phléisiúr as An Capall Dubh, leabhar úr ghearrscéalta Phádraig Uí Bhaoighill a léamh an tseachtain seo caite.

Cúpla seachtain ó shin, tháinig mé ar shean-teastais a bronnadh orm nuair a bhain mé scoláireacht Ghael Linn le dhá mhí a chaitheamh i Rann na Feirste i samhradh 1969.

Bhí an teastas sínithe ag Pádraig Ó Baoighill, mar sin tá ceangal agam le Pádraig a théann i bhfad siar ach a chuaigh i ndearmad!

Fá mheiltí Cheann Dubhrann dom, stop mé i dtigh Mhicí Sheáin Néill, duine de na seanchaithe is iomráití ó cheann de na ceantracha is iomráití sa tír ó thaobh na Gaeilge de.

B’ann a chuala mé Micí ag aithris scéalta a bhí leite agam ina leabhar Maith thú a Mhicí agus mé ar an scoil.

(Níl mé ag rá gur thuig mé gach rud dar dhúirt sé nó gur thuig mé an saibhreas a bhí á bhronnadh orm agus mé sna déaga luatha ag an am.

Le linn na tréimhse ceanna, bhí fear ag siúl ar an ghealach den chéad uair agus, sa bhaile i mBéal Feirste, bhí Sráid Bombay á cur le thine, codarsnacht nach ndéanfaidh mé dearmad de choíche.)

Bhí Neidí Frainc sa chomharsanacht fosta, Clann ‘ic Grianna, Hughie Phadaí Hiúdaí agus a dheartháir, John Ghráinne agus go fóill, tá filí agus amhránaithe go leor eile i Rann na Feirste.

In ómós do Hughie Phadaí Hiúdaí, scríobh Pádraig Ó hÁdhmaill: “Bhí, ar ndóigh, tobar an eolais fán doras aige. Bhí a mháthair, Gráinne Chonaill, agus a muintearsan ainmnithe as a mbeachtaíocht Ghaeilge, a stóras ceoil agus seanchais, agus as a n-eagna chinn.”

Sa chultúr bheo sin a d’fhás Pádraig Ó Baoighill aníos. Ní nach ionadh mar sin gur tháinig saintréithe Rann na Feirste chun cinn ina shaol féin - dílseacht don Ghaeilge, máistreacht uirthi agus gníomhaíocht ar a son.

Sa bhliain 1957, mar shampla, chuaigh Pádraig agus Máirtín Ó Cadhain ar chamchuairt ar cheantracha Gaeltachta Thír Chonaill le teacht ar sheanchaithe, ar amhránaithe agus ar cheoltóirí le hábhar béaloidis a thaifeadadh uathu. 

Bhí Ó Baoighill agus Ó Cadhain ar lorg daoine le páirt a ghlacadh in oícheanta seanchais a bhíodh á n-eagrú ag Gael-Linn i Halla an Damer i mBaile Átha Cliath a raibh sé de chuspóir aige cultúr na Gaeltachta a chur ar a súile do mhuintir na hardchathrach.

Is scríbhneoir lánaimseartha ó 1993 i leith é Pádraig. D’fhoilsigh Coiscéim gearrscéalta uaidh, An Coileach Troda agus Srathóg Feamnaí, agus seo an cúigiú leabhar déag dá chuid i gcló againn. 

Is iriseoir agus craoltóir é chomh maith, agus go leor duaiseanna buaite aige. Bhronn Ollscoil Uladh, Cúil Raithin dochtúireacht oinigh sa litríocht air in 2005.

Is é atá in An Capall Dubh ná 22 ghearrscéal i nGaeilge bhinn Thír Chonaill agus is ann a gheobhaidh tú saibhreas teanga chomh maith le scéalta tarraingteacha. 

Agus muid i ré seo an idirlín, níl le déanamh agat ach scéal nó dhó a leamh le tuigbheáil nach mbeidh Gaeilge den scoth agat mura léann tú leabhair. 

Ar ndóigh, tá deacrachtaí móra ag baint le hinrochtan leabhar Gaeilge agus déanann Pádraig tagairt don fhadhb sin i réamhrá an leabhair agus gan é ag cur fiacail ann.

Agus cé atá ag tacú leis na hirisí Gaeilge a spreag an oiread sin de scríbhneoirí Gaeilge sa chéad seo caite?

Ach sin ceist do lá eile.

An Capall Dubh tíolactha do bhean Phádraig, Gearóidín, a fuair bás i mí na Nollag 2016.

Bhí Gearóidín ina crann taca ag Pádraig riamh anall.

“Ise a shiortaigh cuid de na gearrscéalta atá sa leabhar nuair a bhí siad caillte a chur ord ar na liostaí sa leabhar nuair a bhí siad in aimhréití, agus nár mhinic a d’aimsigh sí leabhar a chuaigh chun seachráin is a chuidigh liom ar achan dóigh le trí scor bliain ach nach mbeidh an loinnir ghrámhar sin ag teacht chun cinn anois. Nach mithid an leabhar seo a thíolacadh díthe,” a scríobh sé.

Tá An Capall Dubh le Pádraig Ó Baoighill foilsithe ag Coiscéim agus tá sé ar fáil ó shiopaí maithe leabhar agus ó www.anceathrupoili.com