Irish-Language

Féile a chuireann beocht agus spraoi i gceantar athnuaite na hArdeaglaise

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">F&Eacute;ILE na h&Eacute;AGS&Uacute;LACHTA: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Is beag duine nach bhfeicfidh rud &eacute;igin tarraingteach i gcl&aacute;r Fh&eacute;ile Cheathr&uacute; na hArdeaglaise a bheidh ar si&uacute;l an mh&iacute; seo chugainn agus i measc na n-a&iacute;onna, beidh Connla (thuas), an t-amhrana&iacute; Camille O&rsquo;Sullivan agus an file Paul Durcan. Georgie Fame, Peggy Seeger agus cuid mh&oacute;r, mh&oacute;r eile</span>&nbsp;
FÉILE na hÉAGSÚLACHTA: Is beag duine nach bhfeicfidh rud éigin tarraingteach i gclár Fhéile Cheathrú na FÉILE na hÉAGSÚLACHTA: Is beag duine nach bhfeicfidh rud éigin tarraingteach i gclár Fhéile Cheathrú na hArdeaglaise a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn agus i measc na n-aíonna, beidh Connla (thuas), an t-amhranaí Camille O’Sullivan agus an file Paul Durcan. Georgie Fame, Peggy Seeger agus cuid mhór, mhór eile 

FICHE BLIAIN ó shin, No Man’s Land a bhíodh sa cheantar i mBéal Feirste a dtugtar Ceathrú na hArdeaglaise anois air.

Inniu - a fhad is a mhairfidh sé gan na forbróirí réadmhaoine é a scrios - tá an cheathrú aitheanta mar cheann de na ceantracha is beoga sa chathair cois cuain, a bhuíochas chuid mhór don fhéile Out to Lunch agus a máthair-fhéile, The Cathedral Quarter Arts Festival.

Tá an CQAF ar an fhód le 19 mbliana anuas agus clú na hoscailteachta agus na réchúise uirthi o shin i leith.

Níl aon rian den ardnósachas uirthi agus déantar iarracht praghsanna a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus i mbliana, den chéad uair, bheidh an tOllphuball saor ó phlaisteach!  

Seoladh clár 2018 sa Sunflower Bar inne agus mar is gnách, tá éagsúlacht mhór ann, idir dhrámaíocht, cheol, na físealaíona, greann, an focal labhartha agus an focal scríofa agus go leor ann a bhainfeadh gach duine sult as.

Ach mar a dúirt Damien Smyth ó Chomhairle Ealaíona Thuaisceart Éireann, is fiú iarracht a dhéanamh aithne a chur ar rud nach eol duit.

“Mura ndéan tú sin, cad é mar is féidir leat forbairt mar dhuine?” a d’fhiafraigh sé. 

Ach dúirt sé fosta go raibh an timpeallacht iontach naimhdeach do na healaíona i láthair na huaire agus go raibh litreacha ag dul amach chuig eagraíochtaí ealaíne an

tseachtain seo chugainn a chuirfidh fearg agus lagmhisneach orthu.

Ní thuigeann polaiteoirí a thábhachtaí is atá na healaíona ach i sochaí atá roinnte agus a bhfuil a sháith d’fhadhbanna sóisialta ann, is leigheas é na healaíona don ghruaim agus don lagmhisneach.

Agus tá go leor a thógfaidh croí an Ghaeil.

Beidh Clann Mhic Ruairí – Tony, Aodh, Seán, Dónal agus iníon Tony, Megan – agus ag tabhairt cuairte ar Áras Mhic Reachtain ar an 4 Bealtaine do choirm cheoil a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol agus ar amhránaíocht Thír Chonaill.

Ina gcuideachta, beidh Dominic Mac Giolla Bhríde, Noel Ó Dúgáin ó Chlannad, Noeleen Ní Cholla agus Maria Ní Chumhaill.

Oíche bhreá atá geallta. 

Más amhránaí tú féin agus ba mhaith leat snas a chur ar do chuid amhránaíochta, beidh ceardlanna le beirt amhránaithe ón ghrúpa aitheanta Anúna ar fáil in Áras Mhic Reachtain, idir an 3pm agus 5pm.

Is iad Fergus Cahillane agus Ellie McGinley na hoiliúnaithe.

Ar na grúpaí óga traidisiúnta atá ag dul ó neart go neart, tá Connla arb as Doire agus Ard Mhacha na baill agus tá an-iomrá ar a stíl dúchasach.

Beidh Connla ag seoladh a n-albaim úir, The Next Chapter, ar an 13 Bealtaine sa Bhosca Dubh ag a 2pm.

Beidh an fidléir Feirsteach Conor Caldwell ag seoladh albaim úir s’aige féin – ní fios a ainm go fóill! – sa Bhosca Dubh ar an lá céanna ar a 7.30pm.

Ach is cinnte go mbeidh Lankum ar cheann de na gigeanna is mó ráchairt le linn fhéile na bliana seo agus iad i ndiaidh an gradam don Ghrúpa is Fearr a thabhairt leo ag Gradaim Cheol Tíre BBC2.

Bhain amhrán dá gcuid The Granite Gaze an gradam don amhrán is fearr chomh maith. 

Bhí mé rud beag meallta faoin tseó dar teideal La Donna Abandonata - Songs of Sadness and Madness mar tá sé le léiriú san Ulster Scots Centre i sráid Victoria.

Amhráin as na ceoldrámaí La Traviata agus Lucia de Lammermoor ach ní bheidh siad a gceol in Albainis Uladh. Is mór an trua.   

Ach beidh an iliomad seónna iontacha le sult a bhaint astu le linn Fhéile Cheathrú na hArdeaglaise agus tá mo chuid ticéad curtha in airithe agam cheana agus is fiú go mór triail a bhaint as eispéireas éigin úr.

Ní raibh an fhéile riamh róthógtha faoi aois na n-aíonna agus nach deas an rud é go mbeidh Peggy Seeger ag caint ar leabhar úr, First Time Ever, agus í 82 bhliain d’aois.

Bhíodh Peggy pósta ar Ewan McColl agus le chéile, leag siad an dúshraith don bhorradh a tháinig faoin cheol tíre i Sasana sna 1950í/1960í.

Is fear óg é Jimmy Webb taobh léi agus gan aige ach 71 bliain d’aois!

Ba é Webb a scríobh leithéidí By the Time I Get to Phoenix agus Wichita Lineman do Glen Campbell agus beidh sé ag ceol amhrán óna albam úr ar an 6 Bealtaine.

Tá Georgie Fame, duine de réaltaí móra an snagcheoil agus rithim agus gormacha,  trí bliana níos sine ná Webb agus beidh seisean (gan na Blue Flames) ag seinm ar oíche dheireanach na féile, 13 Bealtaine.

Níl na ceoltóirí uilig chomh sean cheann, beidh faoiseamh oraibh a chluinstin.

Beidh Kate Rusby, bean Damien O’Kane ag canadh san ollphuball ar an 8 Bealtaine; beidh duine de na hamhránaithe Éireannacha is fearr liom, Camille O’Sullivan ag déanamh seó darb ainm The Carny Dream ina gceolann sí amhráin de chuid Dylan, Radiohead, Bowie, Jacques Brel agus tuilleadh eile sa stíl dhrámata, mhothúchánach, ghnéasach sin atá aici; beidh amhráin dúchasacha ó Bedouine, amhránaí as an tSiria a thaisteal an domhain agus leis an spiorad a thógáil, beidh The London African Gospel Choir ag ceol ar an 3 Bealtaine  ar a 8pm.

Tá go leor buaicphointí eile ceoil ach beidh agat an clár iomlán a leamh go mion.

Maidir leis an fhocal labhartha, beidh an file Éireannach Paul Durcan ag caint sa Bhosca Dubh ar an 7 Bealtaine ar a 1pm.

O thaobh na drámaíochta de, is é Mary Ann McCracken rogha s’agam féin ina mbeidh Jane Cassidy agus Maurice Leyden ag cur síos ar shaol na mná iontaí seo le scéalaíocht agus le hamhráin.   

Beidh greann go leor ann le linn na féile chomh maith agus roghnaím Rob Newman’s Total Eclipse of Descartes, seó a mheascann an greann agus an fealsúnacht!

Tá gach eolas faoi Fhéile Cheathrú na hArdeaglaise le fáil ag cqaf.com