Irish-Language

Féile Scannánaíochta atá láidir san am i láthair agus muiníneach as an todhchaí

<b>MICHELLE DEVLIN: </b>Agus na c&eacute;adta scann&aacute;n feice&aacute;ilte ag Michelle gach bliain, t&aacute; fios a gn&oacute;ithe aici faoi cad is &aacute;il le muintir Bh&eacute;al Feirste, dream a bhain sult as turas chun na picti&uacute;rlainne riamh anall agus t&aacute; seoda go leor ar taispe&aacute;int le linn Fh&eacute;ile Scannana&iacute;ocht Bh&eacute;al Feirste idir an 12-21 de mh&iacute; Aibre&aacute;in
MICHELLE DEVLIN: Agus na céadta scannán feiceáilte ag Michelle gach bliain, tá fios a gnóithe aici faoi cad is áil le muintir Bhéal Feirste, dream a bhain sult as turas chun na pictiúrlainne r MICHELLE DEVLIN: Agus na céadta scannán feiceáilte ag Michelle gach bliain, tá fios a gnóithe aici faoi cad is áil le muintir Bhéal Feirste, dream a bhain sult as turas chun na pictiúrlainne riamh anall agus tá seoda go leor ar taispeáint le linn Fhéile Scannanaíocht Bhéal Feirste idir an 12-21 de mhí Aibreáin

YIPPEE! Amach leis an ghrán rósta agus na deochanna fuara, tá muid ag dul chun na pictiúrlanna don 18ú Féile Scannánaíochta Bhéal Feirste a bheidh ar siúl idir an 12-21 Aibreán in ionaid éagsúla i lár Bhéal Feirste.

Seo deis ag an uile dhuine neamhaird a dhéanamh de na  scannáin mhór-éilimh ar féidir iad a fheiceáil lá ar bith sa tseachtain agus triail a bhaint as rud éigin úr a spreagfaidh do shamhlaíocht agus do spiorad.

Cuireann foireann de shaineolaithe an clár le chéile ach is í Michelle Devlin stiúrthóir na féile agus deir sí liom go bhfeiceann sí cúpla céad scannán sa bhliain ar a mheán.

“Is dócha gurb é Féile Scannánaíochta an sampla is fearr agus lena linn sin d’fheicfinn, b’fhéidir, 50 scannán taobh istigh de níos lú ná choicís. Ar an mheán, d’fheicfinn trí mhór-scannán sa lá,” ar sí.

Agus níl gach ceann acu go hiontach – tá “turcaithe” go leor ina measc –  ach as an am seo uilig caite sa dorchadas, tuigeann Michelle cad is scannán maith ann, agus aithníonn sí na scannáin a thaitneoidh le bunadh Bhéal Feirste.

Bhíodh rómánsaíocht i gcónaí ag baint le turais chun na pictiúrlanna agus measann Michelle go bhfuil sé beo go fóill. 

“Oh, measaim gur maith le daoine dul amach agus oíche shóisialta a dhéanamh de thuras chun na pictiúrlainne agus théadh muid agus téann muid inár sluaite,” ar sí.

“Tá tinreamh na féile ag méadú i rith an ama o thosaigh muid beagnach 20 bliain ó shin,” ara Michelle.

“Anuraidh, d’fhás sé le 3% ach creidim go dtig linn níos fearr a dhéanamh maidir le poiblíocht don fhéile agus tá sé sin de dhíth, mar is cumann beag carthanachta muid agus níl againn ach buidéal atá giota maith níos lú ná mar atá ag féilte scannánaíochta in áiteanna ar nós Leeds, Sheffield nó Dún Éideann.

Ach mura bhfuil an buiséad céanna ag Béal Feirste is tá in áiteanna eile, tá smaointe uaillmhianacha ag an stiúrthóir/léiritheoir/critic Mark Cousins, arb as Béal Feirste dó agus atá anois ina chathaoirleach ar fhéile Bhéal Feirste, mar a mhínigh Kevin Jackson, tá ag plé leis an fhéile le 20 bliain anuas i rólanna éagsúla.

Dúirt Kevin go raibh beartas á ullmhú do mhol úr i mBéal Feirste, foirgneamh ilstórach ina mbeidh deis ag an phobal  níos mó scannán neamhspleách a fheiceáil i rith na bliana.

“Anuas air seo,” arsa Kevin, “beidh sé ar dóigh bheith in ann daoine atá ag obair in earnáil na scannánaíochta teacht le cheile in aon ait amháin, smaointe a mhalartú, paisinéireachtaí úra a chruthú cionn is go bhfuil siad ag saothrú san aon fhoirgneamh amháin."

Tá todhchaí gheal ag an scannánaíocht ó thuaidh mar sin ach ag díriú arís ar an fhéile, beidh 178 scannán le feiceáil lena linn, bunús acu a dtaispeáint in Éirinn don chéad uair.

As 30 tír na scannáin a bheidh le feiceáil ach i mbliana beidh muid ag ceiliúradh na tallainne iontaí atá ar an tairseach againn.

Ní nach ionadh go bhfuil Michelle ar bís go bhfuil Ken Loach le páirt a ghlacadh sna fhéile.

Agus é i láthair, bronnfar gradam an Réalta ar Loach, ní amháin as na scannáin thábhachtacha atá déanta aige ó Kes go dtí I, Daniel Blake ach as a iarrachtaí aird phobal na Breataine a dhíriú ar stair achrannach na hÉireann agus ar shaol chosmhuintir gach ait ar domhan. 

Beidh sé seo speisialta. 

Ar na haíonna eile, beidh an scríbhneoir Éireannach Graham Linehan, fear a bhí ina chomh-scríbhneoir ar Father Ted, Black Books agus  The IT Crowd.

Mar thoradh ar cheisteanna a bhaineann leis an dúshaothrú gnéasach agus le díobháil deiseanna do mhná in Hollywood, beidh an litir F taobh le 20 scannán le hinse don lucht éisteachta gur mná atá sna stiúrthóirí, sna scríbhneoirí nó sna príomhróil sna scannáin sin.

Beidh Féile Scannánaíochta Bhéal Feirste ar siúl idir an 12-21 Aibreán agus is féidir gach eolas a fhail ar an idirlíon ag belfastfilmfestival.org.