Irish-Language

An nasc idir an Irish News, an CLG agus an Ghaeilge beo beathach fós

<b>SEOLADH: </b>Ag seoladh Gradaim an <i>Irish News</i> do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaor&aacute;laithe, bh&iacute; ag &Oacute;st&aacute;n an Wellington Park, bh&iacute; Malachy Toner, bainisteoir an &oacute;st&aacute;in; Raymond Tumilty &oacute; O&rsquo;Neills; Michael Hasson, Uachtar&aacute;n Chomhairle Uladh, CLG; Denise Hayward &oacute; Volunteer Now; Thomas Hawkins, eagarth&oacute;ir sp&oacute;irt an <i>Irish News, </i>agus Se&aacute;n &Oacute; Coinn, Pr&iacute;omhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge
SEOLADH: Ag seoladh Gradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe, bhí ag Óstán an Wellington Park, bhí Malachy Toner, bainisteoir an óstáin; Raymond Tumilty ó SEOLADH: Ag seoladh Gradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe, bhí ag Óstán an Wellington Park, bhí Malachy Toner, bainisteoir an óstáin; Raymond Tumilty ó O’Neills; Michael Hasson, Uachtarán Chomhairle Uladh, CLG; Denise Hayward ó Volunteer Now; Thomas Hawkins, eagarthóir spóirt an Irish News, agus Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Tá an nasc láidir idir The Irish News, Cumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge beo beathach le corradh agus céad bliain anuas.

Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael i 1884, an Irish News in 1891 agus Conradh na Gaeilge in 1893 agus bhí an nuachtán i dtólamh chun tosaigh ag tabhairt tacaíochta do na cluichí Gaelacha agus do lucht na teanga araon chomh fada sin siar.

Sé scór bliain níos maille agus tá an nuachtán agus an eagraíocht amaitéarach spóirt is mó san Eoraip athraithe as a riocht ach maireann an ceangal céanna eatarthu chomh maith leis an daimh atá acu beirt leis an Ghaeilge. 

I mbliana, tá an gaol fad-bhunaithe sin aitheanta ag an phríomh–eagraíocht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann, Foras na Gaeilge agus iad ag tabhairt urraíochta do rannóg i nGradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe.

Tá an gradam do Thionscnamh Gaeilge na Bliana thar a bheith tráthúil i mbliana, dar le Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais.  

“Tá 2018 fógartha mar Bhliain na Gaeilge agus é mar aidhm aige próifíl na teanga a ardú i measc na ndaoine agus níos mó daoine a spreagadh chun í a labhairt,” arsa Seán. 

“Imríonn Gradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe ról tábhachtach sa chuspóir seo, an teanga chur faoi bhráid pobail níos leithne agus spreagadh a thabhairt do mhuintir na tíre, daoine óga ach go háirithe, an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den rang scoile.

“Tá ríméad ar Fhoras na Gaeilge an t-áiméar seo a ghlacadh agus tacaíocht a thabhairt don ghradam Gaeilge seo in 2018,” ar sé.

Tá rath as cuimse ar na Gradaim ach i mbliana tá athnuachan déanta orthu agus iad ag ceiliúradh 16 bliana ar an fhód.

In iarracht aghaidh a thabhairt ar an obair thábhachtach a dhéanann clubanna agus scoileanna maidir le forbairt agus le cur chun cinn gach gné den CLG – ualach atá ag méadú bliain i ndiaidh bliana –  beidh réimse de chatagóirí úra a chruthóidh deiseanna nua d’ábhar iomaitheoirí.

Tá éabhlóid i ndiaidh teacht ar na gradaim ó tosaíodh iad in 2003 agus cé go bhfuil na bun-eilimintí láidir go fóill – scoil, club agus an oibrí deonach - tá an timpeallacht ina mbláthann an CLG ag athrú an t-am ar fad agus beidh sé seo aitheanta ag na gradaim úra.

Tá na forbairtí seo taobh istigh de phobail ar fud Chúige Uladh aitheanta ag an Irish News agus i mbliana tabharfaidh sé a luach do i réimsí tábhachtacha, an tsláinte, cóitseáil, faoi-aois agus forbairt club.

Ni amháin go mbéarfaidh na clubanna agus na scileanna buacacha an gradam luachmhar Scoil nó Club na Bliana ach £500 ón Irish News agus dearbhán £500 ó O’Neills.

Arís eile, tá an Irish News thar a bheith buíoch dá pháirtnéirí díograiseoirí ar nós O’Neills, Volunteer Now, Óstán an Wellington Park, Foras na Gaeilge agus Chomhairle Uladh den CLG.

Aithníonn uachtarán Chomhairle Uladh, Michael Hasson go bhfuil gaol fada ag an Chomhairle le Gradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe.

“Tugann na gradaim a luach don tallann is fearr atá ag saothrú sa CLG agus don obair a dhéanann oibrithe deonacha ag leibhéal na scoile agus na gclub.

“Creidim gur chóir do gach scoil agus do gach club iarratas a chur isteach sa chomórtas,’’ ar sé.

Tá eagarthóir an Irish News, Noel Doran, ar aon intinn leis faoi sin.

“Tá éachtaí á ndéanamh ag cumainn CLG agus ag scoileanna agus ag oibrithe deonacha ar fud Chúige Uladh, agus tá mé thar a bheith sásta go ndíríonn na gradaim seo an spotsolas an obair rúnda seo.

“Is cuma cé acu tá tú gníomhach ar bhonn pearsanta, i scoil nó i gclub, mholfainn go mór duit meabhrú ar na gradaim seo agus ansin páirt a ghlacadh in ócáid thar a bheith tábhachtach agus pléisiúrtha,” ar sé.

Is doiligh le heagarthóir spóirt an Irish News, Thomas Hawkins a chreidbheáil go bhfuil sé bliain ó bhí Gradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe ann go deireanach.

“Tá an oiread sin ratha ar na gradaim go mbíonn gach duine atá páirteach iontu ag dúil go mór leis an chéad cheann eile,” ar sé.

“In 2017, i ndiaidh muid catagóirí nua a thabhairt isteach, bhí sé níb’fhusa do chumainn agus do scoileanna cur isteach ar na gradaim agus mar sin bhí rath as cuimse orthu.

“Tá mé cinnte go leanfar ag aghaidh leis na leasuithe seo. Mar sin de, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don oiread sin urraithe a tháinig ar bord an tionscnaimh iontach seo,” arsa Thomas.

Tá an clárúchán deartha le go mbeadh an próiseas chomh héasca agus is féidir do chlubanna agus do scoileanna araon.

Níl le déanamh ach iarratas a 200-focal a chur chugainn in a oiread catagóirí agus is mian libh.

Beidh iarratais do Ghradaim an Irish News do Scoileanna, do Chlubanna agus do Shaorálaithe  oscailte le linn mhí Aibreáin agus an Luan 30 Aibreán an dáta deireanach d’iontrálacha.

Tá gach eolas, an dóigh le cur isteach san áireamh, le fail ag www. irishnews.com/scv