Irish-Language

Tá Books Ireland ar na bealaí is fearr le haithne a chur ar Éirinn

<strong><span style="line-height: normal; font-family: Helvetica;">TONY CANAVAN</span></strong><span style="line-height: normal; font-family: Helvetica;">:</span> T&aacute; an Feirsteach mar eagarth&oacute;ir ar <i>Books Ireland</i> agus t&aacute; l&eacute;irmheas ag &uacute;dar <i>Frontier Town: An Illustrated History of Newry&nbsp;</i> ar leabhar faoi John Mitchel a t&oacute;gadh ar an bhaile agus san eagran c&eacute;anna t&aacute; beathaisn&eacute;is&iacute; agus f&eacute;inbheathains&eacute;is&iacute;, ar George Bernard Shaw agus Gerry Adams chomh maith le gach cine&aacute;l eolais ar leabhair &uacute;ra ar ghn&eacute;ithe d&rsquo;&Eacute;ireann&nbsp; &nbsp;
TONY CANAVAN: Tá an Feirsteach mar eagarthóir ar Books Ireland agus tá l&eacut TONY CANAVAN: Tá an Feirsteach mar eagarthóir ar Books Ireland agus tá léirmheas ag údar Frontier Town: An Illustrated History of Newry  ar leabhar faoi John Mitchel a tógadh ar an bhaile agus san eagran céanna tá beathaisnéisí agus féinbheathainséisí, ar George Bernard Shaw agus Gerry Adams chomh maith le gach cineál eolais ar leabhair úra ar ghnéithe d’Éireann   

NÍL RUD ar bith níos deise ná theacht isteach chuig mo chuid oibre agus cóip de Books Ireland landáilte ar mo dheasc. 

Lá de na laetha agus uair de na huaire, bhínn ag obair sa Leabharlann Lár i mBéal Feirste agus bhí sé de dhualgas orm leabhair úra a ordú don Rannóg Éireannach agus Oidhreachta agus chuige sin, dhdéanainnéanainn scagadh ar Books Ireland, démhíosachán ina bhfuil a phléann “domhan na Leabhar Éireannach” le léirmheasanna, nuacht, agus tá na fógraí féin an-úsáideach le heolas a fháil ar leabhair úra atá ag teacht ar an mhargadh.

Is maith liom é cionn is go dtugann sé léargas ar a bhfuil á fhoilsiú in Éirinn inniu agus tugann sé i gcónaí neart spáis do leabhair Ghaeilge chomh maith.

Mar shampla, ar an leathanach tá léirmheasanna (i mBéarla) ar thrí leabhar - Nollaig Ó Gadhra: cuimhní cinn ina bhfuil aisti in ómós don iriseoir ildánach curtha i dtoll a cheile ag a iníon, Máirín Ní Ghadhra; Dún Chaoin: Oscail an Scoil ina gcuireann Colm Ó Snodaigh síos ar an fheachtas scoil bheag Ghaeltachta a choinneáil oscailte nuair a bhí an Roinn Oideachais ag iarraidh í a dhruidim; agus Oilithreach Pinn, cur síos ar thaithí an fhile Liam Ó Muirthile agus é ag siúl an Camino de Santiago de Compostela. 

Agus ar leathanach amháin, tá fógra do leabhair Coiscéim ar a bhfuil Imeallaigh, cnuasach filíochta le Séamus Ó hUltacháin; An Nollaig Abú le Brian Ó Baoill agus Colm Ó hEartáin, leabhar do dhaoine óga a bhain duais Oireachtais agus Riobard Mac Goráin: Ceannródaí ildánach le Máire Nic Fhinn, beathaisnéis duine de laochra an chultúir Ghaelaigh a d’oibrigh go dícheallach do Ghael Linn.

Anuas air seo, san eagrán is déanaí, tá gearrscéal i nGaeilge le Majella Ní Dhomhnaill, Dubh agus Bán.

Is achtúire proifisiúnta í Majella ach baineann sí an-sásamh as a bheith ag scríobh gearrscéalta fosta agus tá duaiseanna bainte aici dá saothar.

Ach ar ndóigh, is leabhair Bhéarla is mó i bhfad a bhíonn faoi chaibidil in Books Ireland agus tá rud éigin ann do gach duine mar a deir an cliché.

Mar a bheifeá ag dúil leis, tá go leor leabhar staire á meas ann.

Ar an cheann is mó a tharraing m’aird, bhí bailiúchán aistí ar John Mitchel, Ulster and the Great Famine le Patrick Fitzgerald agus John Russell (Irish Academic Press, £19.99).

Sa léirmheas le Tony Canavan, tosaíonn sé amach ag inse dúinn go léiríonn an leabhar gur bhuail an Gorta Mór Cúige Uladh chomh holc le háit ar bith eile a tír. 

“Russell reveals that Counties Down and Armagh, although in Ulster, had a land-leasing system that was not much different from the rest of Ireland, with an underclass who had no written lease, no security of tenure and no protection against disaster. These people, both Catholic and Protestant suffered and were evicted in large numbers.”  

Sin an fáth go dtáinig Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir go hIúr Cinn Trá in 2015. 

Tá Canavan ina shaineolaí ar an chathair agus leabhar scríofa aige air Frontier Town: An Illustrated History of Newry mar sin, beidh sé an-eolach ar dhuine de mhórphearsaí na staire, John Mitchel a tógadh ar an Iúr.

Dar le Canavan, ba e an Gorta Mór a sheol Mitchel ar bhealach “an antoisceachais”

Scríobh an Young Irelander go raibh Sasana ag iarraidh an cine Gaelach a dhíothú.

Sin ráite, luann Canavan ina léirmheas go raibh Mitchel go mór i bhfách leis an sclábhaíocht. 

In alt eile sa bhailiúchán, cuireann Christine Kineally síos ar mhná Bhéal Feirste agus an méid a rinne siad ar son na mbocht agus ar son na ndaoine a bhí faoi ocras. Deir Canavan go léiríonn Kineally mar a chuir mná The Belfast General Relief Fund agus the Ladies’ Relief Fund for Connaught ar bun. Tháinig idir mhná Caitliceacha agus mhná Phrotastúnacha le cheile le hairgead a thiomsú. 

Léirmheas iontach léargasach atá ann ach ar ndóigh níl ann ach blaiseadh beag - b’fhearr i bhfad an leabhar a cheannacht.

Tá sé sin fíor faoi leabhar eile atá á mheas in Books Ireland, My Fathers Wake: how to live, love and die le Kevin Toolis.

Níl a fhios agam an bhfuil sé luaite sa leabhar ach is maith liom an abairt a bhaintear úsáid as nuair a fhaigheann duine bás. Téann siad “ar shlí na fírinne” a deir muid. Tá dearcadh eile againn ar an rud is dosheachanta sa saol, dearcadh atá difriúil o dhreamanna eile ar fud na cruinne.

Tá léirmheasanna eile ar Samuel Beckett agus ar leabhar tur Fintan O’Toole ar George Bernard Shaw.

Níl gach léirmheas moltach in Books Ireland, ar ndóigh.

Sa phíosa ar Judging Shaw ina bhfuil cuid mhór léaráidí, scríobhann Kevin Kiely: “If this is all O’Toole has to say on Shaw, why not admit it rather than hiding behind a display of memorabilia.”

Ar na míreanna is fearr liom, tá First Flush, cur síos gairid ar gach leabhar úr faoi Éirinn nó ag scríofa agus foilsithe in Éirinn.

Ina measc, tá cnuasaigh filíochta, féin-bheathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí Gerry Adams, Philomena Begley, de Valera agus Daniel O’Donnell ina measc) A, ealaín, seandálaíocht, gnó, béaloideas, bia agus deoch, stair, litríocht, úrscéalta, grianghrafadóireacht, creideamh, gearrscéalta, socheolaíocht agus leabhair do pháistí.

Tá a fhios agam go raibh todhchaí Books Ireland i mbaol le déanaí ach tá sé deimhnithe go bhfuil na Comhairlí Ealaíon, thuaidh agus theas, le maoiniú a chur ar fáil don démhíosachán le go leanfaidh sé ar aghaidh.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, nó más mian leat síntiús a ghlacadh, gabh chuid irishbooksmagazine.com