Irish-Language

Níos Gaelaí ná na hOscars agus craic níos fearr – tá Gradaim Nós ar na gaobhair

<b>GRADAMACH:</b> Bh&iacute; Seo Linn ar na buaiteoir&iacute; anuraidh agus t&aacute; liosta le h&aacute;ireamh san ioma&iacute;ocht do Ghradam N&oacute;s na bliana seo a dh&eacute;anfaidh ceili&uacute;radh ar an cheol nua-aimseartha Gaeilge an Aoine seo romhainn
GRADAMACH: Bhí Seo Linn ar na buaiteoirí anuraidh agus tá liosta le háireamh san iomaíocht do Ghradam Nós na bliana seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar an cheol nua-aimseartha Gaeilge an Aoine seo GRADAMACH: Bhí Seo Linn ar na buaiteoirí anuraidh agus tá liosta le háireamh san iomaíocht do Ghradam Nós na bliana seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar an cheol nua-aimseartha Gaeilge an Aoine seo romhainn

Tá cosc curtha agam ar chur síos ar oícheanta gradam de chineál ar bith mar na hOscars – Oscars na Máinliachta Plaistí nó Oscars na Cuntasóireachta Cairte, an cineál sin ruda.

Ní thiocfadh leat a shamhail duine ag cur síos ar na hIFTAs mar Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na Scannánaíochta agus Teilifíse Éireannaí, mar shampla.

Mar sin de, ní dhéarfaidh muid ach go bhfuil oíche speisialta ceoil ar na bacáin agus Gradaim Nós le bheith ag bopáil agus ag grooveáil sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath an Aoine Bheag seo. 

Seo an tríú bliain de na gradaim agus dalta na hirise Nós a bunaíodh deich mbliana cothrom na bliana seo, chuir an t-eagarthóir, Tomaí Ó Conghaile roimhe léiriú a thabhairt ar an saol sainiúíl atá Gaeilgeoirí óga á chruthú dóibh féin ina bhfuil an Ghaeilge i gcroílár a slí bheatha agus an cultúr agus an ceol Gaeilge mar chuid de sin ar ndóigh.

“Ón chéad lá riamh, bhí Nós ag iarraidh ardán a thabhairt do cheoltóirí a bhí ag cumadh agus ag seinm agus ag canadh i nGaeilge, mar sin is dócha gur céim nádúrtha a bhí ann Gradaim Cheoil a chur ar bun,” ara Tomaí.

Oíche spraíúil, spreagúil a bhí sa chéad oíche ghradam a reáchtáladh sa Suger Club i mBaile Átha Cliath agus gach seánra ceoil ó rac agus pop go ska, shoegaze, rap agus trad le cluinstin agus é uilig i nGaeilge!

Ni nach ionadh, d’éirigh thar barr leis an ócáid agus Rónán Mac Aodha Bhuí mar fhear a tí.

Ba léir gur aimsigh Tomaí agus a chairde zeitgeist úr nach raibh an Ghaeilge ina chúis aiféaltais ann ach a mhalairt. 

Agus níos tábhachtaí arís, nach raibh ceoltóirí agus cumadóirí ag déanamh aithris ar shean-mhúnlaí Béarla leis an Ghaeilge trasphlandaithe iontu, bhí rud éigin úrnua á chruthú acu agus stair agus traidisiúin na Gaeilge á n-athchruthú ar dhóigh shamhlaíoch, chruthaitheach, chorraitheach.

Measann Tomaí ní amháin, go dtabharfaidh na Gradaim aitheantas do na healaíontóirí atá ag saothrú leo ach go spreagfaidh sé daoine eile le hamhráin a chumadh sa Ghaeilge agus ar ndóigh, tá an ghné seo thar a bheith tábhachtach do mhioncultúr ar bith, go mbeadh sé ag dul i ngleic le cultúr comhaimseartha.

“Tá earnáil cheoil atá sláintiúil, bisiúil agus beoga ar na rudaí a shaibhríonn mionteanga, a thugann siamsaíocht do lucht a labhartha, a thugann daoine le chéile agus a thugann bealach isteach don teanga ag daoine nach labhraíonn í,” arsa Tommy.

Ach ní tharlódh sé seo mura mbeadh an ceol agus na hamhráin thar barr agus measann Tomaí go bhfuil fás agus forbairt as cuimse i ndiaidh teacht ar an Ghaeilge i réimsí leathan ceoil.

“Sílim gur léirigh Ceol – an tsraith CD d’aistriúcháin ar amhráin aitheanta Béarla a chuir Seachtain na Gaeilge amach ar feadh na mblianta, léirigh siad sin go raibh an teanga go hiomlán in oiriúint do cheolta an lae inniu,” ar sé.

“Ach d’aithin daoine eile fosta gur chóir bunamhráin a bheith a scríobh sa teanga agus silim gur spreag sé sin daoine dul i mbun pinn.

“Tá sé feicthe againn cheana go bhfuil caighdeán na mbannaí agus na n-amhránaithe atá ag cur isteach ar na gradaim ag feabhsú i rith an ama. Is comhartha dearfach é sin,” arsa Tómaí.

Ach an ócáid mhór oíche Aoine, beidh ocht ngradam ar fad a mbronnadh do Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol), Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta) Físeán na Bliana, Ealaín na Bliana, Nuíosach na Bliana,

Banna/Ceoltóir na Bliana agus Féile Na Bliana atá roghnaithe ag vóta poiblí.

Ar an oíche, beidh Kila ag seinm, beidh IMLÉ, Abhainn Bheara, Pádraig Jack as Conamara, Róisín Seoighe, cailín óg as Conamara a scríobhann a cuid amhrán féin chomh maith leis an bhanna is conspóidí i saol na Gaeilge le fada an lá, Kneecap.

Ar ndóigh, b’fhearr i bhfad dul chuig an imeacht ach murar féidir beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón Sugar Club idir 8pm-9pm agus Rónán Mac Aodha Bhuí mar fhear a tí.

Chomh maith, tá 2FM ag déanamh urraíochta ar Amhrán na Bliana, rud a chiallaíonn go mbeidh an t-amhrán a thugann leis an chraobh ar playlist an stáisiún náisiúnta, ardán ollmhór do ghrúpa nó d’amhránaí Gaeilge.

Hup!

Tá gach eolas faoi Ghradaim Nós le fáil ar a shuíomh idirlín, nós.ie