Irish-Language

Na carachtair ionúine is ansa linn ag teacht ar ais ar na scáileáin airgid in 2018

<b>GIRLS ON FILM:</b> T&aacute; mn&aacute; go m&oacute;r chun cinn sna scann&aacute;in at&aacute; ag teacht amach in 2018, Alicia Vikandar mar Lara Croft sa tsraith <i>Tomb Raider</i> san &aacute;ireamh
GIRLS ON FILM: Tá mná go mór chun cinn sna scannáin atá ag teacht amach in 2018, Alicia Vikandar mar Lara Croft sa tsraith Tomb Raider san áireamh GIRLS ON FILM: Tá mná go mór chun cinn sna scannáin atá ag teacht amach in 2018, Alicia Vikandar mar Lara Croft sa tsraith Tomb Raider san áireamh

NÍL RUD ar bith úr faoin spéir - agus tá sé sin fíor ach go háirithe i saol na scannán in 2018 nuair a fheicfidh muid  Mary Poppins, Lara Croft agus Han Solo ar ais ar an scáileáin airgid i mbliana.

Ar ndóigh, gach bliain bíonn go leor scannán leantacha agus scannáin athbhútáilte le feiceáil ach i mbliana tá cuid de na carachtair is clúití agus is ansa le daoine i stair na scannánaíochta  ar a mbealach ar ais.

Tá sé corradh le 50 bliain ó chuir muid aithne ar Julie Andrews mar Mary Poppins ach anois tá Emily Blunt leis an mhala clúiteach cairpéid a iompar in Mary PoppinsReturns, cé go mbeidh orainn fanacht ar feadh bliana go dí mí na Nollag lena feiceáil.

Sa scannán leantach seo, tá Jane agus Michael Banks fásta aníos agus Emily Mortimer agus Ben Whishaw sna rólanna sin agus tá Lin-Manuel Miranda, Meryl Streep, Julie Walters agus Colin Firth ar an fhoireann chomh maith.

Is banlaoch tóin-chiceáil í Lara Croft atá i ndiaidh éalú ó na cluichí ríomhaireachta go dtí na pictiúrlanna arís agus i mí an Mhárta, feicfidh muid Alicia Vikander sa ról a thuill clú agus cáil d’Angelina Jolie.

In Tomb Raider, déanfaidh muid Lara a chomóradh agus í sa tóir ar an áit dheireanach ina raibh a hathair go bhfios di, sular imigh sé as radharc - tumba ar oileán miotasach ar chósta na Seapáine. 

Idir an dá linn, i réaltra i bhfad, i bhfad uainn, inseoidh  Solo – díorthach (spin-off) Star Wars – scéal luath an phíolóta Han Solo agus Alden Ehrenreich sa phríomhról. Cé go bhfuil an plota á choinneáil faoi rún daingean, tá a fhios againn go mbeidh Emilia Clarke ó Game Of Thrones, Phoebe Waller-Bridge agus Donald Glover ar an fhoireann.

Anuas orthu seo, beidh scannáin leantacha bunaithe ar choimicí le feiceáil, ina measc, Deadpool 2, The Incredibles 2, Ant-Man And The Wasp, X-Men: Dark Phoenix agus Avengers: Infinity War, chomh maith le turas ar ais ar an saol Iúrasach in World in Fallen Kingdom, buailfidh Christian Grey agus Anastasia Steele le chéile arís in Fifty Shades Freed agus tabharfaidh muid cuairt eile ar na Fantastic Beasts in The Crimes Of Grindelwald.

Ar na scannáin is mó atá bunaithe ar leabhar a bhfuil daoine ag dúil leis, tá Black Panther, a thiocfaidh amach ar an 12 Feabhra agus Chadwick Boseman sa phríomhról - an chéad sárlaoch dubh i stair na gcoimicí Marvel.

Sa scannán seo, pilleann sé ar thír Afracach a bhfuil an ardteicneolaíocht go mór chun cinn inti, Wakanda, leis an stádas is dual dó a ghlacadh, mar rí.

Ar an fhoireann leis, tá Andy Serkis, Lupita Nyong’o, Forest Whitaker, Daniel Kaluuya, Sterling K Brown agus Michael B Jordan. 

Beidh Jordan le feiceáil chomh maith i ról Adonis Johnson in Creed II, scannán leantach dhíorthach Rocky ina dtiocfaidh Sylvester Stallone ar ais i ról Rocky Balboa san áit ar stad scannán 2015.

Pillfear ar oileáin na Gréige – más mall is mithid dár lena lán – i Mamma Mia! Here We Go Again a bheidh le feiceáil i mí Iúil, 10 mbliana ó tháinig an bhuncheoldráma amach.

Scannán réamhscéil (a prequel) a bheidh ann agus carachtar Meryl Streep níos óige agus Lily James sa ról.

Beidh go leor aisteoirí a bhí sa chéad scannán in 2008 ar ais – Colin Firth, Pierce Brosnan, Julie Walters, Amanda Seyfried agus Christine Baranski san áireamh.

Deirtear go bhfuil Cher féin ann.

Leoga, tá go leor scannán ag teacht amach i mbliana ina bhfuil mná chun cinn iontu.

Beidh an Sasanach Sally Hawkins i scannán grá ficsean eolaíochta Guillermo Del Toro, The Shape Of Water, atá le teacht amach i mí Feabhra. 

Tá an t-aisteoir Éireannach Saoirse Ronan, a mholadh d’Oscar agus í sa phríomhról sa scannán Lady Bird, an chéad scannán a stiúraigh an t-aisteoir Greta Gerwig.

Réalt eile a bhfuil gealladh faoi is ea Margot Robbie, a imreoidh ról an scátálaí fhíoraigh, Tonya Harding in I,Tonya.

Agus ar cheann de na scannáin i mo a bhfuil daoine ar bís faoi, tá Ocean’s Eleven, scannán ar mná iad na príomhcharachtair uilig agus Sandra Bullock, Cate Blanchett, Anne Hathaway, Rihanna, Sarah Paulson agus Helena Bonham Carter.

Pléann an scannán le gadaíocht sheodra le linn an Met Gala, rud a chintionn go mbeidh cuid mhór cameos ó cheiliúráin na scannánaíochta agus an fhaisin.

Ní hí Rihanna amháin atá ag malartú gairme mar beidh Lady Gaga ar an ród ceanna ar a shiúil Judy Garland agus Barbra Streisand i leagan úr den scannán A Star Is Born, an chéad scannán atá stiúrtha ag Bradley Cooper.

Tá Golden Globe buaite ag Lady Gaga faoina fhíor-ainm, Stefani Germanotta agus í sa scannán American Horror Story: Hotel ach beidh sé deacair di na réalta móra a bhí sa ról a shárú sa scannán a rinneadh den chéad uair in 1937.

I mbliana, feicfidh muid saothair úra ó stiúrthóirí atá i mbéal an phobail – Wes Anderson, Terry Gilliam, Steven Spielberg agus Damien Chazelle. Damien cé?

Ba eisean a rinne an scannán mór le rá La La Land anuraidh agus tá a scannán úr, First Man le teacht amach i mí na Samhna agus  Ryan Gosling mar Neil Armstrong ann ag inse scéal na taiscéalaíochta spáis agus an iomaíocht idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis sna 1960idí.

Ag tarraingt ar cothrom 50 bliain ó shiúil Armstrong, an chéad duine le cos a leagan ar thalamh an ghealaí, tosaíonn sé in 1961 agus críochnóidh sé le siúlóid Armstrong ar an 21 Iúil, 1969.

Beidh Wes Anderson ar ais sa bheochan íomhá ar íomhá (stop-motion animation) agus Isle Of Dogs le teacht amach i mí an Mhárta.

Sa scannán, díbrítear madaidh a dtig leo labhairt chuig a n-oileán féin.

Ag an am céanna, beidh Terry Gilliam réidh le The Man Who Killed Don Quixote a thaispeáint.

Bhí an oiread sin fadhbanna leis an scannánú go ndearnadh clár faisnéise faoi in 2002, Lost In La Mancha.

Táthar dóchasach go dtiocfaidh sé amach i bhFómhar na bliana seo.

Tá Spielberg leis an scannán eolaíochta ficsin Ready Player One a chur amach i mbliana agus tá togra úr idir lámha ag stiúrthóir Hunger agus 12 Years A Slave, Steve McQueen.

Insíonn Widows, scéal cheathrar ban - tá Viola Davis and Michelle Rodriguez sa chliar -  a dhéanann iarracht buntáiste a bhaint as an robáil nár éirigh lena gcuid fear a chur i gcrích!