Irish-Language

Teacht an earraigh agus pilleadh scoth an cheoil ar Dhoire Cholmcille

<strong><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">OIRFIDIGH IMBOLC:</span></strong><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; "> Beidh &eacute;ags&uacute;lacht iontach ceoIl le sult a bhaint as i nDoire ag deireadh na m&iacute;osa agus Four Men and a Dog ar na ha&iacute;onna iontacha a bheidh ag seinm le linn na f&eacute;ile Imbolc</span>&nbsp;
OIRFIDIGH IMBOLC: Beidh éagsúlacht iontach ceoIl le sult a bhaint as i nDoire ag deireadh na míosa agus Four OIRFIDIGH IMBOLC: Beidh éagsúlacht iontach ceoIl le sult a bhaint as i nDoire ag deireadh na míosa agus Four Men and a Dog ar na haíonna iontacha a bheidh ag seinm le linn na féile Imbolc 

Yabba dabba agus doo, tá an lá ag dul chun síneadh cheana féin agus aoibhneas an Earraigh gan ach mí ar shiúl ar an chead lá de na Faoilligh, de réir fhéilire na gCeilteach.

Déantar ceiliúradh ar Naomh Bríd ar an lá ceanna, an tréith thar a bheith Éireannach sin ina measctar an Chríostaíocht, an Phágántacht agus meitéareolaíocht le chéile.

Cé acu bandia Págánach nó Naomh Críostaí a bhí inti, tá Bríd ceangailte leis an athnuachan, le fás, le torthúlacht agus le breith na lao, rud a chiallaíonn go mbeadh im agus bainne ar fail i ndiaidh dhrochaimsire an gheimhridh.

Mar thoradh ar an téamh domhanda, is beag fíor-dhroch-gheimhreadh a bhíonn againn agus is beag ganntanas forleathan bia a bhíonn ag ciapadh daoine na laethanta seo ach tógann sé an croí agus an sprid nuair ata a fhios againn go bhfuil aimsir níos fearr ar an bhealach.

Imbolc a thugtaí ar an fhéile seo san aimsir anallód ach níltear cinnte faoi shanas an fhocail. 

Glactar go forleathan gur ón fhrása “i mbolg” (“i mbolc” sa tseanGhaeilge) a thagann an focal ach tá teoiricí eile ann nach mbacfaidh mé leo.

Más é Lá na Féile Bríde/Imbolc an 1 Feabhra, tagann Lá Fhéile Muire na gCoinneal an lá ina dhiaidh, 2 Feabhra, nó Candlemas an Bhéarla. 

Déanfar ceiliúradh ar theacht an Earraigh i nDoire arís i mbliana le scoth an cheoil agus na cuideachta nuair a thiocfaidh an fheile Imbolc go Sráid Mhór Shéamais.

Mar is gnách, beidh Imbolc ag ceiliúradh na gceolta úra atá ag fáisceadh as an cheol traidisiúnta chomh maith leis an bhun-cheol dúchasach é féin faoi mhana a thaitníonn go mór liom - Tradition and Beyond.

Tá a fhios agam an bhuaicphointe atá agam féin - coirm cheoil ina mbeidh Ceolfhoireann Uladh ag seinm i gcuideachta Niall Hanna, an t-amhránaí as Doire Treasc i dTír Eoghain a bhuaigh Gradam Ardán an Cheoltóra Óig de chuid Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus a bhfuil a chéad albam amuigh aige, Autumn Winds.

Ar an bhille ceanna, beidh Jarlath Henderson agus beidh sé seo thar a bheith speisialta.

Chuala mé Jarlath ag an Duncairn i mbliana agus bhí sé ar cheann de na coirmeacha is fearr dá raibh mé riamh aige.

Amhráin thar a bheith drámata a cheol sé le tionlacan den chead scoth, electronica ina measc, agus ní fios cad é an draíocht atá romhainn agus ceolfhoireann Uladh ag comóradh Jarlath, ar amhránaí agus ceoltóir den scoth é féin.

Beidh an choirm á taifeadadh ag an BBC.

Leoga, tá cuid de na grúpaí is fearr liom ag seinm ag Imbolc i mbliana.

Tá Beoga i mbéal an phobail ó ceanglaíodh le Ed Sheeran iad ach is buíon de shárcheoltóirí cruthaitheacha corraitheacha iad ina ainneoin sin.

Beidh siad ag seinm sa tSeaneaglais le grúpa úr darb ainm Nava - beirt Éireannach agus beirt as an Iaráin - ar an 3 Feabhra.

Tá Tim Edey ar dóigh leis féin ach beidh sé ag roinnt ardáin le Four Men and a Dog, an cúigréad is spraíúla dá bhfuil ag seinm faoi láthair.

Beidh an tSeaneaglais (the Glassworks) ag preabarnaigh ar an 4 Feabhra.

Ach anuas ar na buíonta iomráiteacha, beidh leithéidí Codetta, Eilidh Patterson, Andreas Tophøj agus Rune Barslund agus seó darb ainm       

Sklonište, a insíonn scéal léigear Sarajevo, 1996, ar maraíodh 13,952 lena linn, fríd an cheol agus físeanna.

Rud éigin do gach duine mar a deir an cliché.

Tá an t-eolas uilig ar fáil ó imbolcfestival.com