Irish-Language

Is é an críonadh rud a dhéanann tú agus ní rud a tharlaíonn duit

<b>CR&Iacute;ONADH AGUS N&Iacute; CREIMEADH:</b> Le sult a bhaint as an tsean-aois, glac p&aacute;irt in imeachta&iacute; at&aacute; ag f&oacute;irstin do d&rsquo;aois. Moilligh nuair is g&aacute; ach cuir dl&uacute;s leis an taobh eala&iacute;onta de do shaol. Teagasc, scr&iacute;obh, p&eacute;int&aacute;il agus bain sult as an d&uacute;lra.&nbsp;
CRÍONADH AGUS NÍ CREIMEADH: Le sult a bhaint as an tsean-aois, glac páirt in imeachtaí atá ag fóirstin do d’aois. Moilligh nuair is gá ach cuir dlús leis an taobh ealaíonta de do CRÍONADH AGUS NÍ CREIMEADH: Le sult a bhaint as an tsean-aois, glac páirt in imeachtaí atá ag fóirstin do d’aois. Moilligh nuair is gá ach cuir dlús leis an taobh ealaíonta de do shaol. Teagasc, scríobh, péintáil agus bain sult as an dúlra. 

An mbíonn go leor anála ionat leis na coinnle ar do chiste lá breithe a mhúchadh? Nó an gcoinníonn tú dáta do lá breithe faoi rún ó do chomhghleacaithe? 

Má dhéanann tú ceann ar bith acu seo, seans go bhfuil  ‘gerascophobia’ - an eagla roimh éirí sean - ort.

Má amharcann muid ar shean-íomhánna de sheandaoine, ní rud é an seanaois le bheith ag dúil go mór leis.

Léirítear pinsinéirí mar dhaoine atá uaigneach, gruama, ag brath ar dhaoine agus gan iad ábalta úsáid a bhaint as ghutháin phóca. Téann siad chun leadráin ag inse na scéalta ceanna lá i ndiaidh lae.

Má amharcann tú ar fhógraíocht do smideadh, éiríonn sé níos measa mar deirtear linn go gcaitheann muid táirgí ardluachacha a cheannacht le go coinneoidh muid chuma óg orainn féin.

“Tá cúiseanna go leor ann taobh thiar den eagla atá ar chuid againn go bhfuil muid ag éirí sean,” arsa Thomas Moore, a bhíodh ina mhanach Caitliceach ar feadh 12 bhliain sular fhág sé an mhainistir le bheith ina shíciteiripeoir. 

“Bíonn an eagla ann go gcaillfidh muid ár sláinte agus nach mbeidh muid in ann bogadh agus an t-eolas againn go bhfuil an bás i ndán dúinn uilig.

Tá staidéar déanta ag Moore le fada an lá ar na tionchair mhothúchánacha a bhaineann leis an dul in aois agus anois, tá fís úr croíúil aige ar an eagla a bhíonn orainn roimhe ina leabhar úr, Ageless Soul. 

Dar leis, agus muid ag dul in aois, anuas ar na fabhtanna  a éiríonn ionainn, éiríonn muid níos casta agus níos saibhre mar dhaoine.

Ag gearán faoin seanaois, sin an chéad mheancóg a dhéanann daoine.

Tagann iontas orainn uilig nuair a thugann muid faoi deara go bhfuil deireadh ag teacht le bliain eile (cá ndeachaigh 2017?); an bhfuil sé 50 bliain ó cheol na Beatles All You Need is Love den chéad uair?;  ní thig liom creidbheáil go bhfuil David Cassidy marbh etc, etc. 

Is féidir le smaointe mar seo an galar dubhach a chur ar dhaoine. 

“Má throideann tú in éadan an dul in aois agus má bhíonn tú ag gearán faoi na míbhuntáistí uilig a bhaineann leis, beidh gruaim ort an chuid eile de do shaol mar ní féidir stop a chur leis,” arsa Thomas.

“Má fheiceann tú roicneacha ar do aghaidh inniu agus má bhíonn tú fuarchúiseach faoi, beidh tú fuarchúiseach faoi i gceann cúig bliana.

“Ma choinníonn tú leat ag troid in éadan an aosaithe, caillfidh tú sa deireadh,” ar sé.

Is é an comhairle is tábhachtaí faoin dul in aois ná glacadh leis go bhfuil áilleacht agus neart na hóige imithe, agus uaidh sin cuir an bhéim ar na buntáistí a eascraíonn ón taithí atá agat le bheith cruthaitheach, deimhnitheach agus dóchasach.

Deir Moore gur “briathar” atá in nó dul in aois.

Ar ndóigh, i nGaeilge tugann muid “críonadh” air, is é sin éiríonn muid níos críonna. 

Measann sé go gcreideann daoine nach gcaitheann siad stró a chur isteach san aosú ach, dar leis, is scil í a chaitheann tú a chothú agus cuirfidh tú do chuid ama amú má dhéanann tú iarracht smacht a choinneáil air, ní fhoghlaimeoidh tú an dóigh ceart lena láimhseáil.

“Is gníomhaíocht é an críonadh,” ar sé.

“Is rud é a dhéanann tú, ní rud é a tharlaíonn duit. 

Nuair a théann tú in aois, bíonn tú réamhghníomhach agus cruthaíonn tú duine níos fearr asat féin.

“Tá sé de nós againn an t-am a fheiceáil mar líne a bhogann leis ar an luas ceanna, mar a bheadh crios iompair i monarcha ach níl an saol chomh meicniúil sin.”

Glac le do fhabhtanna mar a dhéanann na Seapánaigh.

Tá focal iontach úsáideach ag na Seapánaigh ar fiú é a úsáid nuair atá “cloch-mhíle saoil” ar na gaobhair - Wabi-Sabi.

“Is é Wabi-Sabi an dearcadh (nó an aeistéitic) Seapánach ina bhfeiceann siad an fhabht, an aois, agus an drochbhail mar ghnéithe aille,” arsa Thomas. 

“Níl sé sin chomh saoithiúil sin sa lá atá inniu ann mar taitníonn troscán a bhfuil ding nó scríoba air nó a bhfuil an phéint ag éirí smolchaite air.

Ma smaoiníonn tú ar cé chomh hálainn is a thig le  scioból síonchaite a bheith, sin beagnach mar atá duine a bhfuil saol iomlán caite aige.

“B’fhéidir go mbeadh dinga agus scríoba orainn féin ach thig linne bheith álainn ina n-ainneoin,” arsa Thomas.

“Agus muid ag dul fríd an taithí sona agus dona inar saoil, is fiú cuimhneamh ar abairt shimplí amháin: áilleacht an laige nó the beauty of imperfection i mBearla.”

Tugann an aois radharc níos fearr duit 

“Níl mé ar dhóigh ar bith buartha faoin aois cionn is go mothaím gurb é jab s’agamsa na freagairt don saol, ní smacht a chur air,” arsa Thomas, atá 77 mbliana d’aois.

Ag scríobh an leabhair dó, deir sé gur chuidigh sé leis díriú ar ábhair nach ndearna mé mórán machnaimh orthu roimhe.

“Ní fhaca mé chomh soiléir ceanna roimhe go gcuidíonn

na blianta fada linn dul i ngleic leis an dianmhachnamh, le cruthú ealaíne, agus le foghlaim rudaí neamhghnácha

Tá an brón mar chuid den phroiséas foghlamtha.

Tá sé ceadaithe imeacht na hóige a chaoineadh. 

“Is focal ársa i mBéarla é melancholy agus ciallaíonn sé brón ach chonacthas riamh é mar chuid nádúrtha den saol normálta agus ní aicíd nó galar.

“An galar dubhach - tugann sé le fios gur tinneas atá i gceist a dtig le cógais é a leigheas. Níl cógais de dhíth don melancholy,” ar Thomas.