Irish-Language

Nascanna leis an Airgintín breá láidir mar a léiríonn an leabhar úr, Paisanos

<strong><span style="line-height: normal; font-family: Helvetica;">TIM FANNING:</span></strong> T&aacute; an m&eacute;id a chuir s&eacute; roimhe curtha i gcr&iacute;ch ag Tim, leabhar inl&eacute;ite, siams&uacute;il ar na h&Eacute;ireannaigh agus a sliocht a chuaigh chun na hAirgint&iacute;ne san 18&uacute; agus sa 19&uacute; c&eacute;ad.
TIM FANNING: Tá an méid a chuir sé roimhe curtha i gcrích ag Tim, leabhar inléite, siamsúil ar na hÉireannaigh agus a slioc TIM FANNING: Tá an méid a chuir sé roimhe curtha i gcrích ag Tim, leabhar inléite, siamsúil ar na hÉireannaigh agus a sliocht a chuaigh chun na hAirgintíne san 18ú agus sa 19ú céad.

TSC: An bhfuil muntir na hÉireann eolach ar an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh agus ag a sliocht ar Mheiriceá Laidineach? Bunús an ama, nach ndíríonn siad ar Mheiriceá Thuaidh? 

TF: Creidim go bhfuil a fhios acu faoin imirce go dtí an Airgintín cionn is gurbh í ba mhó agus nár tharla sé chomh fada sin ó shin.

Tá grúpaí an-ghnóthach in Éirinn a reáchtálann comhdhálacha agus a scríobhann altanna ar theaghlaigh éagsúla a chuaigh ar an imirce o chontaetha i lár na hÉireann sa 19ú céad.

Tá eolas ag cuid mhór daoine ar an Almirante Guillermo/William Brown, (an fear a bhuanaigh Cabhlach na nAirgintíne (mar shampla.

Tá dealbha dó  i mBaile Átha Cliath agus ina áit chónaí i mBéal Easa, Co Mhaigh Eo, áit a ndéantar ceiliúradh bliantúil air.

B’fhéidir go mbeadh daoine eolach fosta ar Bernardo O’Higgins.

Seachas an bheirt seo, ní chreidim go mbeadh an t-eolas forleathan go raibh Éireannaigh ann a chuaigh go Meiriceá Theas san 18ú haois nó roimhe sin féin, grúpaí de mhisinéirí.

Ar cheann de na rudaí ba mhó gur maith liom a thaispeáint sa leabhar seo ná na mílte d’Éireannaigh a throid sna cogaíocha saoirse, go hairithe i dtuaisceart na Mór-Roinne, i  Veiniséala agus sa Cholóim agus go raibh oifigigh a ghlac páirt i gcogaíocha san Airgintín, sa tSile agus i bPeiriú.

Pléim na cineálacha difriúla d’imirce a tharla ó tháinig muintir na hEorpa i dtír den chéad uair ach nach bhfuil chomh haitheanta sin.

TSC: An ndéarfá go bhfuil aithne mhaith ag Éireannaigh ar shaol “Che” Guevara? 

TF: Sílim go bhfuil a fhios acu sin a bhfuil suim acu sa stair in Che. 

Bhí mé ag caint le cara de mo chuid faoi seo ar na mallaibh agus dúirt gur aithin daoine an t-ainm ach gur chreid siad gurb as Cúba é.

I bhfírinne, b’as teaghlach Airgintíneach de shliocht na hÉireann é Guevara (Lynch).

Cibé, tá Che i bhfad chun cinn ar an tréimhse a bhfuil mise ag plé leis in Paisanos, an 19ú cead sa chuid is mó.

TSC: Cad é a spreag tú leis an leabhar a scríobh. Chuala mé gur thaisteal tú mar “thurasóir mála droma” cúpla bliain ó shin.

TF: Thaisteal. Chaith mé tuairim’s ar cúig mhí ag taisteal thart in 2005. 

Bhí dúil riamh agam sa stair ba ghnách liom stair logánta na dtíortha a mbeinn ag taisteal iontu a léamh.

Sin mar a thug mé faoi deara na háiteanna, na sráideanna agus na séadchomharthaí a raibh ainmneacha Éireannach a orthu, leithéidí O’Brien y O’Higgins chomh maith le sonraí eile a raibh tionchar na hÉireann le feiceáil orthu, mar sin spreag sin an tsuim ionam.

Nuair a phill mé ar Éirinn ghlac mé páirt in imeacht i gcathair Chorcaí le saol Elisa Lynch a cheiliúradh agus bhí díomá orm nach raibh leabhar ann a d’inis scéalta na ndaoine seo le fréamhacha in Éirinn agus chomh tábhachtach a bhí siad i stair Mheiriceá Theas.

Bhí Conor McEnroy (as Loch Garman ó dhúchas ach úinéir el Banco Sudameris i bParagua) i láthair ag an ócáid agus ón tús, d’ofráil sé a chabhair dom taisteal i dtíortha an réigiúin le teacht ar na scéalta sin.

TSC: Staraí a bhí i d’athair, Ronan Fanning. Cad é mar a chuidigh d’athair leat agus tú ag scríobh Paisanos? 

TF: Ar an drochuair, fuair m’athair bás ag tús na bliana seo le linn dom bheith san Airgintín.

Is éigean a rá gur staraí gairmiúil a bhí i m’athair, fear a chaith a shaol ag plé le stair na hÉireann san 20ú cead agus bhí an-chlú air sa bhaile.

Mar mhalairt, measaim gur scríbhneoir mé a bhfuil an-suim agam sa stair

Is difríocht bheag ach tábhachtach é. Cé go ndearna mé staidéar ar an stair ag an ollscoil, ba é a chuir mé romham ná leabhar inléite, suimiúil a mbeadh an-ráchairt air a scríobh. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh rath ar an leabhar agus go dtuillfeadh sé lucht mór léitheoireachta. 

Bhí mé diongbháilte go mbainfinn sin amach seachas é a bheith scríofa i stíl acadúil agus é líon-lán le tagairtí agus le foinsí.

TSC: Rinne tú iniúchadh ar laochra i stair Mheiriceá Laidineach ach baineann an leabhar le carachtair bheaga, an fear coitianta, mar a déarfá. Cad é mar atá an leabhar struchtúrtha?

TF: Bhuel, Rinne mé iarracht smaoineamh ginearálta a léiriú faoin inimirce í Éirinn, is é sin an creat is leithne, is é sin, gach duine a theith ó mo thír ar chúiseanna eacnamaíocha agus níos tábhachtaí arís mar gheall ar ghéarleanúintí polaitiúla agus reiligiúnacha san ochtú haois déag. 

Ag leanstan turas na scéalta sin, tháinig mé go Meiriceá Theas. Déanann na scéalta atá sa leabhar iarracht “dath” a thabhairt do na scéalta, é a dhéanamh siamsúil agus beo le go bhfeicfidh an lucht léitheoireachta na laochra seo mar dhaoine daonna. 

Ag an am céanna, tá sé suimiúil a fheiceáil gur féidir bualadh le hÉireannaigh i ngach aicme sóisialta  agus i ngach piarghrúpa.

Ní chríochnaíonn an scéal le William Brown anseo san Airgintín, mar shampla. Leoga, tarlaíonn oll-imirce ó Éirinn níos déanaí arís leis an Ghorta Mhór sna 1840í.

Tá Paisanos: The Forgotten Irish Who Changed the Face of Latin America le Tim Fanning foilsithe ag Gill Books.