Irish-Language

Scannán a léiríonn an dubh agus an bán sa chine daonna

<em><span style="font-style: italic;  font-family: FranklinGothic; font-weight: 800;">FIANAISE: </span><span style="font-style: italic;  font-family: FranklinGothic;">Seo thuas radharc o?n scanna?n </span><span style="font-style: italic;  font-family: FranklinGothic;">No Stone Unturned </span><span style="font-style: italic;  font-family: FranklinGothic;">faoin sle?acht a tharla i sra?idbhaile beag i gContae an Du?in 22 bliain o? shin nuair a marai?odh an seisea fear thi?os ach ni?l an ca?s go hiomla?n re?itithe go fo?ill.</span>&nbsp;</em>
FIANAISE: Seo thuas radharc o?n scanna?n FIANAISE: Seo thuas radharc o?n scanna?n No Stone Unturned faoin sle?acht a tharla i sra?idbhaile beag i gContae an Du?in 22 bliain o? shin nuair a marai?odh an seisea fear thi?os ach ni?l an ca?s go hiomla?n re?itithe go fo?ill. 

VZ-58. Raidhfil ionsaithe an-choitianta de dhéantús na Seicslóvaice. 

Baineadh úsáid as i gcogaíocha sa Vítneam. sa Mhurascaill, in Afganastáin, i Libia agus in áiteanna eile.

Ach mar gheall ar na piléir a úsáideann sé, armlón 7.62×39, níl an gléas marfach iontach beacht ach nuair atá na híobartaigh fá chúpla troigh uait, ní miste. Bogann na piléir 2,313 troigh i ngach soicind. 

Ba iad na piléir seo a mharaigh seisear fear agus a ghortaigh cúigear eile sa Heights Bar i Loch an Oileáin i gContae an Dúin ar an 18 Meitheamh, 1994.

Mar atá a fhios ag an tsaol mór, bhí na fir cruinn sa bheár le breathnú ar Éirinn ag imirt in éadan na hIodáile i gCorn an Domhain a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe. Bhí an tír ar fad ar bís faoin chluiche. Ní amháin sin ach bhí an chuma ar an scéal go raibh an cogadh a bhí ag réabadh na Sé Chontae as a cheile le 40 bliain roimhe, go raibh sé ag tarraingt chun críche.

Ar an taobh eile, bhí dílseoirí, daoine sna “fórsaí slándála” agus sna “seirbhísí faisnéise” nach raibh sásta faoin dóigh a raibh cúrsaí ag dul – agus bhí siad sásta fuil a dhortadh.   

Sa scannán, No Stone Unturned, ceanglaíonn an scannánóir mór le rá, Alex Gibney, na gnéithe seo uilig le cheile i scannán atá leath-bhealaigh idir scannán faisnéise agus scéinséir.

I ré seo na nuachta bréagaí, tógann sé an croí daoine a fheiceáil atá dírithe go hiomlán ar an toir dochloíte ar an fhirinne.

Tá tús aite ar ndóigh sa scéal seo ag teaghlaigh na ndaoine a maraíodh ar an oíche uafásach sin corradh le 23 bliain ó shin.

D’fhan siad go foighdeach ar feadh 12 bhliain le fail amach an ngabhfaí na sceimhlitheoirí a bhí freagrach as an sléacht. Foighid in aisce a bhí ann agus mar dhaoine coitianta, bhí siad ag brath ar dhaoine eile an beart, an rud cóir, a dhéanamh ar a son.

Isteach le hiriseoir de chuid an Irish News ag an phointe seo, Barry McCaffrey.

Tá deich mbliana caite ag Barry ag iarraidh míreanna mearaí an uafáis seo a thabhairt le cheile.

Shílfeá go mbeadh sé furasta na ciontóirí a aimsiú.

Fuarthas an carr éalaithe mar a fágadh é – níor dódh é mar ba nós – fuair beirt oibrithe de chuid an DoE mála ina raibh na raidhfilí, boiler suits, balacalavas, agus falacail ribe féin (even a hair follicle) gar don áit ar tharla na dúnmharaithe.

Bhí na póilíní tiomanta go réiteodh siad an cas, a dúirt siad leis na teaghlaigh.

“We will leave no stone unturned,” a dúirt póilín amháin le Claire Rogan, ar maraíodh a fear céile, Adrian, san eachtra.

Thug Rúnaí Stáit na linne sin, Sir Patrick Mayhew, caint láidir nuair a thug sé cuairt ar Loch an Oileáin ag tabhairt chun cuimhne an cheist “cad é rinne tusa sa chogadh, a Dhaidí.”

Bheadh ar an sceimhlitheoir a rá gur scaoil sé fear 87 mbliana d’aois sa droim le linn do bheith ag breathnú ar Chorn an Domhain.

Agus thug Mayhew misneach do na teaghlaigh go mbeadh an RUC ar sheán a ndíchill theacht ar na bithiúnaigh.

Seafóid a bhí ann, mar a léiríonn No Stone Unturned go stuama agus iad ag déanamh na hoibre nach ndearna an fórsa póilíneachta. 

Bhí a fhios ag an RUC cé a bhí freagrach as an ainghníomh.  

Agus chosain siad iad.

Ba é seo gné amháin den pholasaí a bhí in úsáid ag meascán de Bhrainse Speisialta an RUC, Arm agus seirbhísí rúnda na Breataine.

Chuir Mark Thompson ó Relatives for Justice síos ar an pholasaí sin a d’aithin siad chomh fada siar le hionsaí Michael Stone ar thórramh i reilig Bhaile an Mhuillinn i 1998.

“Bhí a fhios againn ón am sin faoin importáil airm ón Afraic Theas,” ar sé ag seimineár ar Loch an Oileáin in 2005.

“Bhí a fhios againn go raibh daoine á gceistiú agus á mbagairt ag an RUC, daoine a bheadh maraithe níos faide anonn.

“Bhí a fhios againn go raibh ionsaithe seicteacha ag dul ar aghaidh – ar tugadh tit-for-tat go seafóideach orthu – agus úsáid a bhaint as na VZ-58s a tugadh isteach ón Afraic Theas.


“Ag an am seo, stop an RUC an nós a bhí acu stair airm áirithe a thabhairt (cad é na hionsaithe ar baineadh úsáid astu roimhe) ach i gcas dhílseoirí amháin.”


Dúirt Thompson gurbh é an aidhm a bhí taobh thiar den pholasaí seo na go gcuirfeadh sé brú ar Chaitlicigh/náisiúntóirí brú a chur ar an IRA éirí as an fheachtas a bhí ar bun acu in éadan “targaidí eacnamaíochta” sa Bhreatain. 

“Bhí an tIRA ag iarraidh brú a chur ar rialtas na Breataine idirbheartaíocht a dhéanamh fríd an fheachtas buamála. “Ag an am ceanna, bhí na Briotanaigh ag cur le feachtas na ndílseoirí le go gcuireadh siad imeagla ar an phobal náisiúnaíoch,” arsa Thompson.

I ngan fhios dóibh, bheadh na fir a bhí ag ól pionta agus ag baint an dúshuilt as cluiche sacair ar an teilifís mar íobartaigh shoineanta sa straitéis seo.   

In aon fhocal amháin, claon-pháirtíocht.

Tá a fhios againn sin mar gur dhúirt an Dr. Michael Maguire an tOmbudsman don Phóilíniú le haghaidh Tuaisceart Éireann, ina thuairisc ar na dúnmharaithe: “I have no hesitation in unambiguously determining that collusion is a significant feature of the Loughinisland murders.”

Ó 1987-1994, measann an eagraíocht Relatives for Justice gur maraíodh 229 duine mar thoradh ar na hairm a thug seirbhísí rúnda na Breataine agus dílseoirí isteach i 1987, muintir Loch an Oileáin san áireamh.

Nochtann No Stone Unturned chomh lochtach is a bhí fiosrúcháin an RUC ach teann sé céim eile chun tosaigh.

Téann sé níos faide na mar a bhí an tOmbudsman in ann a dhéanamh.

Faigheann siad fianaise dochreidte.

An té a ainmníonn an scannán mar an fhear a scaoil na piléir, Ronald Hawthorne, scríobh a bhean cheile chuig an RUC ag sceitheadh air – trí huaire. Ach tá sé saor sa lá atá inniu ann.

Fíonn scannán Gibney téada casta an chais le cheile go hiontach ealaíonta. Éiríonn an teannas ó thús go deireadh an scannáin.

Faigheann siad bleachtaire a raibh páirt lárnach aige san fhiosrúchán i sráidbhaile bheag sa Fhrainc agus a thug eolas luachmhar dóibh. 

De réir a cheile, bhí siad ábalta na leideanna uilig a tharraingt le cheile le solas a dhíriú ar ábhair atá páirtithe leasmhara ag iarraidh a choinneáil sa dorchadas.

Léiríonn an scannán ní amháin cad é a tharla an oíche chinniúnach úd agus an cover-up a lean é, tugann sé aghaidh fosta ar an phictiúr mhór, ar ardpholaitíocht idirnáisiúnta agus an dóigh a mbíonn daoine coitianta thíos leis in amanna.

Léiríonn sé fosta cad é is féidir a dhéanamh nuair a thagann teaghlaigh chróga le cheile, nuair a ghlacann iriseoir diongbháilte leis an dúshlán dul sa toir ar an fhírinne agus chomh dochloíte is atá sprid daoine maithe.

Beidh No Stone Unturned le feiceáil in QFT i mBéal Feirste ón 10 Samhain.