Irish-Language

Scéal dhá thodhchaí: ceann geal mar a léirigh Other Voices agus ceann dorcha

BEOGA GO FÓILL: Bhí scoth cheol na hÉireann le cluinstin ag an Duncairn Dé Sathairn i réimsí éagsúla - trad, punc, electronica, rac agus tuilleadh eile ach ní American Pie ar bith é seo. Ní seo “the day the music died” ag an Duncairn ná baol air.
BEOGA GO FÓILL: Bhí scoth cheol na hÉireann le cluinstin ag an Duncairn Dé Sathairn i réims&iacut BEOGA GO FÓILL: Bhí scoth cheol na hÉireann le cluinstin ag an Duncairn Dé Sathairn i réimsí éagsúla - trad, punc, electronica, rac agus tuilleadh eile ach ní American Pie ar bith é seo. Ní seo “the day the music died” ag an Duncairn ná baol air.

Nuair a bheidh Alzheimers orm, sna tréimhsí sin a mbeidh mo chuimhne ag oibriú mar is ceart, i measc rudaí eile, beidh mé in ann amharc siar ar oícheanta galánta ceoil sa Duncairn agus tiocfaidh aoibh gháire orm.

Ba mhinic a chonaic mé coirmcheoil a roghnaigh mé mar choirm na bliana san ionad iontach seo ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste.

B’ansin a chuala mé Caoimhín Ó Raghallaigh agus Dan Trueman ag seinm ar fhidleacha Hardanger, ag cruthú ceoil agus tostanna a raibh an áilleacht cheanna iontu.

Bhí mé ag bopáil ar an urlár damhsa mar a bheadh diabhal ann agus Aldoc ag seinm ar an ardán oíche eile.

Rinne mé gáire le John Spillane - fair play to him - agus thit mé faoi dhraíocht Jarlath Henderson agus a chuid ceoil  mhothúchánach, dhrámatúil.

Spreag daoine óga ar nós Moxie, Skipper’s Alley agus Runaby mé.

Ach níorbh é an ceol amháin ba chúis le leithleachas an Duncairn.

B’áit í nach ndearna rudaí do mhuintir thuaisceart Bhéal Feirste ach a chuir na háiseanna ar fáil do mhuintir cheann de na ceantracha is mó faoi bhuntáiste ó thuaidh le go bhfeabhsódh siad a saol féin. Thug sé an cumhacht sin dóibh bláthú.

Agus tháinig siad chuid ranganna ceardaíochta, chuig ranganna Gaeilge, d’ól siad cupáin tae sa chaife. Labhair siad lena chéile.

Mar atá a fhios againn, tá tuaisceart Bhéal Feirste ar cheann de na ceantracha is mó a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí.

Nach iontach é mar sin go raibh áit (nó tearmainn) ag bunadh na háite theacht le chéile, beag beann ar a gcreideamh nó ar a bpolaitíocht theacht le chéile leis na healaíona a chleachtadh?

Déarfadh daoine gur míorúilt atá ann ach ar ndóigh ní bheadh an mhíorúilt áirithe seo gan dian-obair.

Isteach leis an Oirmhinneach Bill Shaw, fear as Sandy Row, a raibh paróiste aige ar Bhóthar na Seanchille ach a bhog sula raibh sé ina stiúrthóir ar an 174 Trust, eagraíocht neamh-shainchreidmheach Chrostaí “a ghlacann go han-dáiríre le hordú Chríost go gcaithfidh muid bheith mar idirghabhálaithe ar son na síochána i sochaí atá deighilte.

In 2011, ghlac an tIontaobhas seilbh ar Theach Pobail Dhún Cairn le hionad ealaíona agus cuid mhór eile a dhéanamh de.

Inniu, bíonn idir dhamhsa Gaelach, cruinnithe Alcoholics Anonymous agus cumann iar-scoile ar siúl san ionad.

Dé Sathairn seo caite, tharla ceann de bhuaicphointí is mó riamh sa Duncairn, nuair a tháinig sraith clúiteach teilifíse Philip King, Other Voices, go tuaisceart Bhéal Feirste den chéad uair.

Mar is gnách, ní coirm amháin atá i gceist - bíonn imeachtaí cruthaitheacha, spreagúla eile ar siúl nuair a thagann Other Voice chun na háite.

Déardaoin agus Dé hAoine, d’eagraigh Digital DNA ceithre imeacht a rinne ceiliúradh ar Bhéal Feirste mar chathair spleodrach, chliste agus cruthaitheach.

Dé Sathairn, ag an Belfast Edge, bhí plé paiseanta ar an chruthaitheacht, cultúr, an teicneolaíocht agus oideachas.

Ach phill muid an cheol an oíche sin, le Ryan Vail, Jealous of the Birds, Touts, Rosie Carney, Picture This agus Beoga. Phew!

Deireadh seachtaine dodhearmadta a bhí ann a spreag daoine, idir óg agus aosta, dul amach sa phobal agus fuinneamh úr iontu rudaí iontacha a chur i gcrích.

Ansin, tháinig maidin Dé Luain.

Bhí sé mar a bheadh cic sa bhloc nuair a léigh mé Bill Shaw ar twitter ag inse don tsaol mhór gur briseadh isteach sa Duncairn, gur ransaigh na gadaithe an t-ionad ó bhun go barr, ag goid gach rud arbh fhiú a dhath é.

Bi ag caint ar chodarsnacht! Dream daoine ar shean a ndíchill dóchas a thabhairt do dhaoine faoin todhchaí, oideachas a chur ar fál do pháistí, siamsaíocht don uile dhuine in am na déine.

Ar an taobh eile, tá grúpaí daoine atá sásta sin a ghoid uathu ar mhaithe le saint phearsanta.

Beidh sé cúpla lá sula mbeidh  a fhios ag laochra an Duncairn cad é an dochar atá déanta ach thig linn a bheith cinnte go mbeidh siad ar ais ar a seanléim chomh luath agus is féidir.

Agus é ag caint ar thábhacht an ionaid, dúirt Bill Shaw go raibh sé in ísle brí faoin obair a bhí ar siúl acu ach go bhfaca sé lena shúile cinn é an maitheas a bhí á dhéanamh sna rudaí simplí - daoine ó chúlraí a bhíodh naimhdeach dá chéile ag obair le chéile cionn is go raibh an cuspóir ceanna acu.

Dh’obair go raibh na deora leis agus é ag caint ar an scata leaid óg ó Bhóthar na Seanchille agus ón Lóiste Úr a raibh sé amuigh leo an oíche roimhe.

Ó thug sé le chéile iad blianta ó shin, tá beirt acu ina n-aithreacha. Leaids a bheadh ag iarraidh an dream eile a mharú, bhí siad anois ag ól piontaí lena chéile.

Sin ceann de na tairbhí a bhaineann leis an Duncairn agus ní chuirfidh drong ar bith deireadh leis sin.