Irish-Language

Scéal faoi cheol a chuireann an beo agus an marbh araon faoina dhraíocht

<strong>PUIMC&Iacute;N&Iacute;<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">:</b></strong><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; "> N&iacute; bh&iacute;onn gach rud a bhaineann leis an tSamhain gr&aacute;nna agus seo chugaibh sc&eacute;al a scr&iacute;obh iar-Chomhaireoir de chuid an SDLP, Doiminic &Oacute; Brolch&aacute;in (th&iacute;os) faoi fhonn ceoil nach den tsaol seo &eacute;, b&rsquo;fh&eacute;idir ... </span><span class="Apple-converted-space" style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp;</span>
PUIMCÍNÍ: Ní bhíonn gach rud a bhaineann leis an tSamhain gránna agus seo chugai PUIMCÍNÍ: Ní bhíonn gach rud a bhaineann leis an tSamhain gránna agus seo chugaibh scéal a scríobh iar-Chomhaireoir de chuid an SDLP, Doiminic Ó Brolcháin (thíos) faoi fhonn ceoil nach den tsaol seo é, b’fhéidir ...  

Bhí ainm m’athar i mbéal an bhig is an mhóir sa dúiche seo as feabhas a chuid fidléireachta, agus, má bhí bua na fidléireachta aige bhí bua na scéalaíochta aige seacht n-uaire níb’ fhearr.

Bhí a scéal féin ag gach port, ríl, agus fonn aige agus nuair a bhíodh sé ag seinm i lúb cruinnithe ba mhinic a stopadh sé le scéal an fhoinn a ríomh.

Is cuimhin liom go maith oíche amháin fá aimsir na Samhna go raibh muid uilig cruinnithe isteach sa chistin.

Oíche sheaca a bhí ann agus bhí caorthine thíos ag mo mháthair. Bhí a fhios againn go raibh oíche mhór airneáil i ndán dúinn nuair a dúirt mo mháthair Casadh an tSúgáin, agus, ina dhiaidh An Raibh Tú ar a’ Charraig, agus ar deireadh ar iarratas ó m’athair, Inis Dhún Rámha.

Mar an gcéanna, d’iarr mo mháthair ar m’athair an fhidil a tharraingt chuige agus dreas ceoil a sheinm.

D’éirigh m’athair, thóg an fhidil agus an bogha anuas de thairne ar a raibh siad crochta le taobh an doras gur chuir sé i ngléas í. Tharraing sé an bogha thar na sreangáin uair nó dhó agus, ar seisean: “Buailfidh mé Port na bPúcaí daoibh ach déarfaidh mé libh i dtús báire mar a fuair mé an fonn céanna.”

Chuir muidne cluais le héisteacht orainn féin; réitigh seisean a sceadamán agus seo a dúirt sé:

“Bhí mé dhá bhliain is fiche agus ní raibh mé pósta ag an am. Aimsir na Samhna a bhí ann agus bhí mé i ndiaidh séasúr a chur isteach ag na prátaí in Albain.

“Féadaim a rá go raibh mé spíonta go maith ina dhiaidh nó obair mhaslach a bhí i dtógáil na bprátaí.

“Ní raibh mórán le déanamh fán teach an tráthnóna céanna agus shíl mé go rachainn a fhad le teach Fhrainc Rua a dh’ól cúpla deoch.

“Nuair a bhí mé tamall istigh i dtigh Fhrainc, tháinig ríl isteach i mo chloigeann a chuala mé in Albain, ríl a bhí ag dul fríd m’intinn an lá ar fad, ríl, ar mhaith liom bheith agam ar an fhidil.

“Ní ligfeadh an ríl sin dom ach é í a fhoghlaim.

“Chaith mé siar an méid den leann dubh a bhí agam sa ghloine agus chuaigh mé a fhad le Frainc leis an scéal a mhíniú dó, agus arsa Frainc liom:

‘Bhál,” ar seisean, “má tá sé de do chrá chomh mór sin, ní fearr rud a dhéanfá ná a dhul síos chun an tseomra, áit a bhfuil fidil crochta le taobh na fuinneoige agus thig leat a bheith á seinm ann gan cur isteach nó amach ar dhuine ar bith.’

“Agus sin díreach an rud a rinne mé.

“Chuaigh mé síos go dtí an seomra thíos, bhain mé an fhidil den bhalla.

Ina dhiaidh seal uaire nó mar sin de chleachtadh bhí an ríl ar mo thoil agam agus mé breá sásta liom féin.

“Ach bhí mé chomh gaibhte sin leis an cheol is nár mhothaigh mé gur tháinig seanduine isteach sa tseomra a dh’éisteacht liomsa ag gabháil cheoil.

“Bheannaigh mé dó agus bheannaigh seisean domsa mar an gcéanna, agus, ar seisean liom: ‘Tá sin agat go maith anois, mar atá, Lord MacDonald’s Farewell, ríl mór de chuid na hAlban. Ní gá duit a thuilleadh ama a chaitheamh léi anocht. Tá tréan foghlama le déanamh agat go fóill anocht.’

“Leis sin, shín sé a lámh chugam amhail is dá mbeadh sé ag rá liom ‘domsa an fhidil sin’.

“Thug mé an fhidil dó gan cheist agus leis an fhírinne a rá, d’fhág sé ina bhalbhán mé leis an cheol a bhain sé as an fhidil.

“Lean sé leis ag seinm ar feadh uaire nó níos mó agus é ag gabháil don aon fhonn amháin ach aisteach go leor ba éagsúil gach leagan a sheinn sé leis an cheann a chuaigh roimhe.

Diamhaireacht, draíocht, agus, go fiú neamhshaoltacht a bhí ag baint leis an fhonn sin agus mhothaigh mé nuair a thug sé an fhidil ar ais dom go bhféadfainn é a bhualadh gan dua dá laghad – rud a rinne mé.

‘Sin agat anois Port na bPúcaí’, fonn mall a thóg mé ó iascaire seal mo chuarta ar an Bhlascaod Mhór.

“D’inis an t-iascaire dom gur fhoghlaim sé Port na bPúcaí ón ghaoth agus é amuigh ag iascaireacht ar an fharraige mhór. Ní fios cá has a dtáinig sé ar an ghaoth ach tá sé agatsa anois.  Tabhair thusa aire mhaith dó.’

“Bhí mé díreach ar tí éirí le lámh a chroitheadh leis agus le buíochas a ghabháil leis ach nuair a thiontaigh mé bhí sé ar shiúl leis as an tseomra.

“Faoin am a ndeachaigh mé ar ais chuig Frainc sa bheár ní raibh tásc nó tuairisc air. Ghabh mé buíochas le Frainc agus d’iarr air cérbh é an seanduine agus cá ndeachaigh sé.

‘Seanduine?” ar seisean. “Ní raibh seanduine ar bith sa teach seo anocht murab ionann agus mé féin.”

Ní dheachaigh mé ní b’fhaide leis an scéal i dtaca leis an seanduine de ach thug mé m’aghaidh ar an bhaile nó faoin am seo bhí sé ag tarraingt ar uair an mheán-oíche.

“Fá uair an mheán-oíche féin, bhí mé ag dul thart leis an pháirc a dtugann siad an tSeanreilig uirthi agus cad é a chluinim ach ceol fidle ag teacht as an pháirc. Ceol mealltach a bhí ann agus lean mé é isteach sa pháirc go bhfeicfinn cé bhí i mbun ceoil ag an am sin den oíche.

Nuair a bhain mé an áit amach as a raibh an ceol ag teacht chonaic mé faoi sholas na gealaí scáth duine, a dhroim liom agus é ag seinm na fidle.

“Faoin am seo d’aithin mé an ceol a bhí á sheinm - Port na bPúcaí!  Ach díreach ar aithint dom an ceol d’imigh an scáth agus chuaigh an ceol i léig.

“Bhí mearbhall i mo chloigeann ag iarraidh ciall a bhaint as ar tharla dom agus nuair a tháinig mé chugam féin bhí mé ar ais i mo leaba féin agus gan fhios agam cé acu a bhí mé ag brionglóidí nó nach raibh.

“Nuair a d’éirigh mé chuaigh mé caol díreach gur bhain mé an fhidil den bhalla sa chistin agus ba é an chéad fonn a tháinig chugam nó Port na bPúcaí.

“Bhí m’athair mór féin amuigh sa chlós ag tabhairt a gcoda do na ba agus tháinig sé isteach sa chistin nuair a chuala sé ceol na fidle.

‘Cá bhfuair tú an ceol sin?  Níor chuala mé a leithéid riamh de cheol le mo bheo.’

“Mhínigh mé an scéal dó. Leath na súile air agus mhothaigh mé an dath ag imeacht as a aghaidh.

“Seán Ó Súilleabháin, fidléir a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir a casadh ort agus a thug Port na bPúcaí duit!

‘Ní fios cad é mar a tharla sa chuid seo tíre é nó ba as deisceart na tíre ó dhúchas dó ach de réir an tseanchais phós sé bean de chuid na háite seo. Fear mór ceoil ab ea é agus thug sé cuid mhór ceoil óna áit féin chuig an cheantar seo, Port na bPúcaí ina measc.’

‘Bhál,” arsa m’athair féin agus é ag tógáil an bhogha chun na fidle,  ‘sin agaibh scéal Phort na bPúcaí, creidigí é nó ná creidigí.  Buailfidh mé anois daoibh é agus Lord MacDonald’s leis

Rachaidh sibh caol díreach a luí ina dhiaidh sin agus codladh sámh go raibh agaibh!