Irish language

Bí gasta má tá mil bhlasta shainiúil na Ceathrún Gaeltachta de dhíobháil ort

BEACHA OIBRE: Jake Mac Siacais, bunaitheoir Bí Gaelach le Ciarán Mac Giolla Bhéin (ar chlé) a cheannaigh an chéad phóca meala ó dhuine de na chéad bheachairí sa Cheathrú Ghaeiltacha, Tomás Mac Ardail 
Robert McMillen

Categories

FIÚ AGUS é imithe ar shlí na fírinne, tá lorg Clive Dutton le mothú sa Cheathrú Ghaeltachta agus i mBéal Feirste ar fad, cathair a ndearna sé an oiread sin maitheasa ar a son.

D’oibir Clive go dlúth le Jake Mac Siacais agus le Seán Mistéil le fís na Ceathrún Gaeltachta a fhíorú agus ba bhuille trom é nuair a fuair sé bás in 2015 in aois a 62.

Bhí Jake agus Seán ag an tórramh - thug Seán óráid - ach i ndiaidh an Aifrinn, bhuail Jake le bean agus spreag a gcomhrá tionscadal úr i mBéal Feirste,

“Bhí mé ag caint le bean darbh ainm Carolina Arrigada Peters a bhí gníomhach sa World Bee Project (Tionscnamh Domhanda na mBeach agus thosaigh sí ag caint ar an dóigh a raibh iarrachtaí ag dul ar aghaidh go neamhoifigiúil i Londan inar ghlac daoine seilbh ar phíosaí talaimh le coirceoga a chur isteach.

Bhí muid ag caint ar thábhacht na mbeach ó thaobh an phóilínithe de, agus an bhagairt atá ann don chine daonna mar thoradh ar mheath na mbeach,” arsa Jake liom.

Ar theacht chun an bhaile dó, chaith sé cúpla oíche ag meabhrú ar na féidearthachtaí agus sa deireadh chinn sé ar “dhul fána choinne”.

Phléigh sé na smaointe le daoine agus bhailigh scaifte mór le chéile, agus na daoine ba mhó suim, cuireadh faoi thraenáil iad,

“Ceannaíodh na coirceoga agus thosaigh muid.”

Ar tús, bunaigh Jake comhlacht ansin darb ainm Bí Gaelach agus roinnt spriocanna curtha roimhe - tairgí de dhéantús an phobail Ghaelaigh a chur ar fáil sa Cheathrú Ghaeltachta; comhlachtaí lán-Ghaeilge a bhunú ina mbeadh an obair ar fad déanta fríd an Ghaeilge nuair ab fhéidir nó i dteangacha eile nuair ba ghá.

Is cuideachta leas an phobail (Community Interest Company) é Bí Gaelach agus an chiall atá leis sin ná, má theann an comhlacht as gnó, tá sealúchas an chomhlachta ceangailte agus caitheann an t-airgead uilig  dul ar ais chuig TACA, an cumann carthanachta a oibríonn chun sochair an Ghaeloideachais.

Ní féidir le duine ar bith brabús a bhaint as an chuideachta cé go bhfuil cead ag an chuideachta daoine a fhostú leis an rud a chur i gcrích.

Sa chéad bhliain cuireadh dhá choirceog ar obair agus anois tá sé choirceog ag Coláiste Feirste agus tá ceithre ceann eile ag dul isteach i mbliana agus beidh ceithre cinn eile ag Glór na Móna.

Taobh istigh de cúig bliana, beidh corradh le 50 ceann againn agus beidh an chuideachta inmharthana.

“An mhil a fuair muid ón chéad dá choirceog, ba leor sin le 28 bpróca a chur ar an mhargadh ar £7.50 an ceann,” a mhínigh Jake.

“Tá súil agam go dtig liom duine a choinneáil beo ar sin agus go rachadh an brabús uilig ar ais sa togra.”

Ar na rudaí ba dheacra a dhéanamh, bhí aithint na cráinbheiche orthu. Fásann an chráinbheach (queen bee) istigh sa choirceog, áit a gcothaíonn na beacha oibre uilig í.

“Tá sé thar a bheith teicniúil cráinbheach a aimsiú, arsa Jake.

“Fásann na cráinbheacha maighdeanacha istigh sa choirceog ach caitheann tú iad a aithint. 

“Na leaids atá ag obair mar bheachairí againn, cuireann siadsan marc ar chráinbheach s’againne.

“Mura n-aithníonn tú an chráinbheach, tiocfaidh na beacha uilig amach mar shaithe (a swarm) agus ansin caitheann tú an tsaithe a ghabhail ach tá muid ag obair do dlúth le Cumann Bheachairí Chúige Uladh/The Ulster Beekeepers Association agus le Cumann Bheachairí na hÉireann mar sin tá an comhairle agus an cuidiú uilig ansin againn.

“Tá seisear againn atá oilte sa cheird agus tá rún againn triúir eile faoi oiliúint gach bliain.

“Ag an tús, bíonn a lán oibre i gceist ach má éiríonn leat an chead gheimhreadh a cuir díot, is leor é súil a choinneáil orthu uair sa tseachtain le bheith cinnte nach bhfuil aon ghalair ann agus caitheann tú fosta súil a choinneáil ar na cráinbheach úr mar déanfaidh siadsan iarracht an tseanchráinbheach a mharú!” arsa Jake.

Anuas ar an tionscadal beachaireachta, tosaíodh cumann garraíodóireachta atá ag cur plandaí dúchasacha in aice leis an coirceoga, mar sin, beidh blas a leith ar mhil na Ceathrún Gaeltachta.

Táthar ag plé le Halla na Cathrach i mBéal Feirste maidir le polasaithe plandála s’acusan i Reilig na Cathrach agus i bpáirceanna eile le hiarraidh orthu plandaí dúchasacha a fhás in ait plandaí importáilte.

Mar sin agus is rud nach dtuigeann daoine, tá i bhfad níos mó ag baint le pobal na Gaeilge ná an teanga amháin. Gaelscolaíochta a thugann Jake air.

Maidir leis an mhil, tá an chead sciar díolta amach cheana ach má theann tú ar líne chuig bit.ly/2wIitsU nó chuig suíomh idirlín Forbairt Feirste, tá foirm ansin ar a dtig leat clárú don gach eolas maidir le Bí Gaelach.

Ach foláireamh beag –tá scuaine feithimh 55 duine air faoi láthair do mhil na bliana seo chugainn mar sin má más mian leat an táirge iontach seo a bhlaiseadh, níl ach rud amháin le déanamh – bí gasta!

Enjoy reading the Irish News?

Become a subscriber and get full access

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: