Irish-Language

Ionsaí marfach in áit ar bhain mé sult as na pléisiúir shimplí mí ó shin

<b>BOMAITE TOSTA: </b>Uachtar&aacute;n na Catal&oacute;ine, Carles Puigdemont, agus taobh leis Felipe, R&iacute; na Sp&aacute;inne, agus Pr&iacute;omh-Aire na Sp&aacute;inne Mariano Rajoy agus iad taobh le taobh do bhomaite tosta inn&eacute; i gcuimhne na ndaoine a mara&iacute;odh sna hionsaithe in Las Ramblas in Barcelona. Mharaigh P&oacute;il&iacute;n&iacute; Sp&aacute;inneacha c&uacute;igear ar a raibh criosanna buama agus a bh&iacute; ceangailte leis an ionsa&iacute; veain in Barcelona inar mara&iacute;odh 14 (go dt&iacute; seo). T&aacute; r&aacute;ite ag an St&aacute;t Ioslamach gurbh iad a bh&iacute; freagrach
BOMAITE TOSTA: Uachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont, agus taobh leis Felipe, Rí na Spáinne, agus Príomh-Aire na Spáinne Mariano Rajoy agus iad taobh le taobh do bhomaite tosta inné i gcuimhne na BOMAITE TOSTA: Uachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont, agus taobh leis Felipe, Rí na Spáinne, agus Príomh-Aire na Spáinne Mariano Rajoy agus iad taobh le taobh do bhomaite tosta inné i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe in Las Ramblas in Barcelona. Mharaigh Póilíní Spáinneacha cúigear ar a raibh criosanna buama agus a bhí ceangailte leis an ionsaí veain in Barcelona inar maraíodh 14 (go dtí seo). Tá ráite ag an Stát Ioslamach gurbh iad a bhí freagrach

Ba dhoiligh liom a chreidbheáil go dtarlódh sléacht ar na sráideanna ar shiúil mé féin agus beirt chairde orthu mí ó shin.

Is breá liom cathair Barcelona - a háilleacht, a muintir, a stair.

Bhí mé ansin i mí Iúil agus an chéad rud a thug mé faoi deara ná chomh hilnáisiúnta is a bhí sé.

Bhí árasán againn ar an Diagonal i lár na cathrach agus ba le hÁisigh bunús na mbialanna agus na siopaí éadaí a bhí ar na gaobhair.

Tá mé cinnte go raibh iontas orthu go dtiocfadh le triúir Éireannach an oiread sin beorach a ól in aon seisiún amháin!

Cé go bhfuil feachtas ar bun sa Spáinn i gcoinne an oiread sin turasóirí bheith sa tír agus ar a hoileáin, bhí an uile dhuine thar a bheith cairdiúil agus forbhfáilteach, díreach mar a bhí siad i 1984 (agus an uile fhear ag caint ar Steve Archibald a bhog ó Spurs go Barça an bhliain sin); in 2006 nuair a chuaigh mé ann den dara huair le mo mhac agus in 2017 leis an chara a bhí liom 33 bhliain ó shin.

Gach uair, shiúil muid ar Les Rambles/Las Ramblas. Anois, mheabhraím ar na sluaite a bhíonn ann ag fáil dídine ón ghrian, teaghlaigh agus lánúnacha ag siopadóireacht sa mhargadh nó ag lí uachtar reoite go suaimhneach soineanta.

Agus a mhalairt – fear lán fuatha agus feirge ag marú daoine nach raibh aithne aige orthu, idir óg agus aosta, seandaoine agus babaithe i bpramanna.

Thig liom a sceimhle a shamhail, an callán, an caoineadh, an bhéicíl 

Go bhfóire Dia ar na daoine a gortaíodh agus le gaolta na marbh.

Beidh taibhsí ag siúl ar La Ramblas go n-imeoidh an tráma a mhothóidh an chathair.

Beidh an bás ceangailte leis an cheantar sin go cionn i bhfad in áit na bpléisiúr simplí as a raibh sé clúiteach.

Tá áiteanna mar sin abhus, áiteanna inar tharla uafáis le 40 bliain anuas agus ar a bhfuil smál go fóill. Ní gá dom iad a ainmniú.

Agus tá áiteanna eile ann nach meabhrófá choíche gur tharla dúnmharú iontu, sráid chiúin chathrach nó lána uaigneach tuaithe. Tá na taibhsí ansin níos ciúine.

Mar a gcéanna le Cambrils, baile atá cóngarach do Salou, áit a dtéann cuid mhór Éireannach ar laethanta saoire.

Tá físeán ar an idirlíon a thaispeánann an cúigiú duine de na hionsaitheoirí á mharú.

Arís, is cosúil go bhfuil turasóirí ar na daoine a bhfuil lucht an fhoréigin ag díriú orthu, treocht atá ag éirí níos láidre.

Má mharaíonn tú daoine as tíortha éagsúla, is amhlaidh is mo an phoiblíocht a gheobhaidh tú agus is amhlaidh is mó a dhéanfaidh tú dochar do thionscal turasóireachta na tíre a bhfuil tú á hionsaí.

Tógann sé sin an cheist, ar cheart dúinn fanacht sa bhaile. 

Cuireadh ceist orm an raibh mé céillí agus turas go Málaga beartaithe agam don mhí seo chugainn.

Nuair a thosaíonn smaointeoireacht mar sin, cuireann sé leis an dochar atá déanta ag na hionsaithe fuilteacha.

Bhí an tuaisceart anseo thíos go mór leis na trioblóidí. Ba bheag duine a thiocfadh le haithne cheart a chur ar dhaoine anseo. 

Ná ligimis don rud céanna titim amach don Chatalóin.