Irish language

Céad bliain ó foilsíodh Forógra Balfour, ní bheidh George Galloway ag ceiliúradh

GEORGE GALLOWAY: Beidh an polaiteoir sóisialach (thuas) ag caint le linn Lá na bPailistineach i gColaiste Mhuire san oíche amárach agus é ag plé Fhórogra Balfour

BÍODH dúil agat ann nó ná bíodh, nuair a thosaíonn George Galloway ag caint, ní féidir gan a bheith meallta ag ionracas na gcúiseanna a gcreideann sé iontu agus is iomaí ceann acu sin.

Beidh Galloway i mBéal Feirste amárach le labhairt ar Fhorógra Balfour, aon abairt amháin a scríobh rúnaí eachtrach an Breataine, Arthur Balfour i 1917 agus atá i gcroí na coimhlinte sa Mheánoirthear sa lá atá inniu ann agus i bhfad uainn sa todhchaí is dócha.

Tá an ócáid á reáchtáil ag an Fhéile i gcomhair leis an Belfast Palestine Solidarity Committee.

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine, Theresa May go mbeidh sí ag comóradh an fhorógra “le bród” agus ní nach ionadh, níl Galloway d’aonghuth léi.

Seo an méid a deirtear san Fhorógra:

“His Majesty’s government view with favour the establishment in Palestine of a national home for the Jewish people, and will use their best endeavours to facilitate the achievement of this object, it being clearly understood that nothing shall be done which may prejudice the civil and religious rights of existing non-Jewish communities in Palestine, or the rights and political status enjoyed by Jews in any other country.”

Dar le Mary O’Malley ó Acadamh Ríoga na hÉireann agus í ag caint ar The History Show ar RTÉ, iarracht a bhí i bhforógra Balfour Giúdaigh an domhain a mhealladh chuig cúis na Comhghuaillíochta sa Chéad Chogadh Domhanda.

Gheall na Sasanaigh “tír dhúchais” do na Giúdaigh

Ní raibh á ofráil do na hArabaigh ach an moladh nach n-imreofaí leatrom orthu. Tá a fhios againn cad é mar a d’oibir sin amach.

Mar a deir Robert Fisk, ba é Forógra Balfour a bhronn stádas síor-theifigh (permanent refugeedom) ar na hArabaigh.

Cad é an dearcadh atá ag Galloway ar an Fhorógra?
“Ba é seo an chéad uair i stair an domhain gur bhronn dream amháin talamh nár leo é ar dhream eile chun dochair an tríú dreama,” ar sé.

“An t-am sin, bhí b’fhéidir 60,000 Giúdach agus agus a dhá oiread déag sin de  dhaoine nár Ghiúdaigh iad, corradh le 725,000.

“82 faoin chéad den talamh, ba le Palaistínigh Arabacha é.

“Agus caitheann tú cuimhneamh gur smaoinigh na Giúdaigh ar thír dhúchais a bhunú in áiteanna eile sular chinn siad ar an Phalaistín - Uganda, na Séiséil, in Patagonia i Meiriceá Theas.

“Ní iontas ar bith a bhí ansin mar bhí na Síónaigh ina n-aindiachaithe. Níor bhac siad leis an Bhíobla go dtí go mall thall san fheachtas.

“Go fírinneach, bhí siad ag iarraidh lonnaíocht Eorpach coilíneach a bhunú mar a rinne na Sasanaigh i ndeisceart na hAfraice agus in áiteanna eile.”

Bhog an comhrá ar aghaidh ón Mheánoirthear go dtí an eite chlé i Sasana agus in Éirinn.

Thosaigh muid ag caint ar thodhchaí Pháirtí an Lucht Oibre thall, páirtí a mbíodh an tAlbanach ina bhall ann go dtí gur chaith Tony Blair amach é mar gheall ar a fhíochmhaire is a bhí Galloway in éadan ionradh na hIaráice.

Ceartaíonn Galloway mé nuair a chuirim ceist air an Corbynista é? Nope, is leathbhádóirí iad.

“Tá aithne agam ar Jeremy Corbyn le beagnach 40 bliain anois mar sin, ní dheirfinn gur Corbynista mé,” arsa Galloway.

“Ma amharcann tú ar na físeanna ar youtube agus mé ag caint i dTeach na dTeachtaí, ar beagnach gach ceann acu, tá sé ina shuí in aice liom.

“Ach d’éirigh thar barr leis, léirigh sé misneach, caithfidh mé seo a rá mar dhuine a bhfuil grá acu do, nach raibh mé ag súil leis.

“Sheas sé an fód in éadan an tuile d’fhuath agus de threascairt ón taobh istigh chomh leis an taobh amuigh leis an méid sin sang froid, nach féidir ach meas an domhain a bheith agat air!”
Agus an eite chlé ag déanamh an oiread sin dul chun cinn i Sasana, an bhfuil sé mar a gceanna in Éirinn.

Tá ardphróifíl ag polaiteoirí den eite chlé sa Dáil - Paul Murphy, Ruth Coppinger, Richard Boyd Barrett. An bhfuil aon seans go ndéanfadh an sóisialachas aon dul chun cinn i dtír atá chomh coimeádach sin?

“Is rud úr é go mbeadh an oiread sin ionadaithe ón eite chlé sa Dáil, Níl Sinn Féin chomh hoscailte faoina sóisialachas agus a bhíodh siad ach tá siad ar an eite chlé mar sin féin. Mar sin, má chuireann tú an dá dhream seo le cheile, d’fheadfadh fórsa  láidir a bheith agat, fórsa mbeadh James Connolly bródúil as.” ar sé.

Is cuma cén nuachtán a léann tú, iad sin ar an eite dheas (a mbunús) agus as sin ar an eite chlé, is léir nach bhfuil idirbheartaíochta na Breatimeachta ag dul go maith.

Ní raibh fís riamh ag na Tóraithe fríth-AE faoi cad é a bheadh i gceist leis an Bhreatimeacht.

Ach bhí sóisialaigh a bhí go mór i bhfách leis an scor ón Aontas Eorpach, George Galloway ina measc.

An gcreideann sé go dtiocfaidh an cineál Breatimeachta a shásódh eisean as na hidirbheartaíochtaí atá ar bun idir David Davis agus Michel Barnier?

“Bhuel silim go dtiocfaidh an Bhreatimeacht, cé go bhfuil na fórsaí is cumhachtaí ar obair le é a stopadh,” ar sé.

“Tá mise anseo ag caint leat ó Canary Wharf, ceantar ard-airgeadais, ard-chaipitil, “an Stát Domhain” agus tá daoine thart orm thar a bheith neirbhíseach go dtarlóidh sé.

Enjoy reading the Irish News?

Become a subscriber and get full access

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: