Irish-Language

Laochra an fhiadhúlra, damhan alla draíochta as an Afraic agus Cinnín Óir

<b>CLUICH&Iacute; OILIMPEACHA AN FHIADH&Uacute;LRA: </b>I bp&aacute;ireacanna, i bhforais&iacute; agus i bhfarraig&iacute; na cruinne, t&aacute; ainmhithe, feithid&iacute;, &eacute;anacha agus gach cin&eacute;al eile ag d&eacute;anamh &eacute;achta&iacute; a chuireann an duine daonna in &aacute;it na leithphingne&nbsp;
CLUICHÍ OILIMPEACHA AN FHIADHÚLRA: I bpáireacanna, i bhforaisí agus i bhfarraigí na cruinne, tá ainmhithe, feithidí, éanacha agus gach cinéal eile ag déanamh éachtaí CLUICHÍ OILIMPEACHA AN FHIADHÚLRA: I bpáireacanna, i bhforaisí agus i bhfarraigí na cruinne, tá ainmhithe, feithidí, éanacha agus gach cinéal eile ag déanamh éachtaí a chuireann an duine daonna in áit na leithphingne 

Níl  rud ar bith níos deise agus tú i do thuismitheoir ná a bheith ag leamh leabhar do do chuid páistí sula dtéann siad a luí, nó nuair atá “am feabhais” agaibh.

Le fada an lá, tá an Gúm, brainse foilseachán na Roinne Oideachais ó dheas. ag cur amach leabhar den chéad ghrád, idir fhicsean agus neamhfhicsean a shaibhríonn an seomra ranga agus leabhragáin i dtithe ar fud na tíre araon.  

Bunaíodh An Gúm in 1926 agus scoth na scríbhneoirí Gaeilge earcaithe acu chun scoth litríochta an domhain a aistriú go Gaeilge.

Tá sé ag leanstan ar aghaidh leis an nós sin agus an tseachtain seo féin, fuair mé pacáiste ina raibh sé leabhar a bheadh fóirsteanach do pháistí ach a chuideodh cuid acu le foghlaimeoirí fásta ag an am ceanna.

Ar na cinn is mó a thaitin liom, tá ceithre leabhar sa tsraith Laochra Lúfara.

Cuir i gcás go raibh cluichí Oilimpeacha ann d’ainmhithe. Cé a bhainfeadh an comórtas dornálaíochta nó na comórtais éagsúla snámha?

Cén t-ainmhí is láidre (de réir a méide) nó is sciliúla nó is fearr i mbun gleacaíochta?

Tá na freagraí uilig taobh istigh idir clúdaigh na gceithre leabhar seo.

Mar shampla, cé a bhainfeadh na boinn éagsúla Oilimpeacha don Tógáil Meáchan dá mba fhiadhúlra a bhí san iomaíocht, éanacha, ainmhithe, feithidí, etc?

Deir Gaiscí Nirt agus Troda go bhfaigheadh an t-eilifint an bonn cré-umha.

“Úsáideann an eilifint Afracach a chuid starrfhiacla (tusks) agus a trunc le cheile chun meáchan suas le 300 cileagram a iompar.” 

Is ionann 300 cileagram agus níos mó ná 47 gcloch, macasamhail ceathrar fear nó bean, éacht a thuilleann bonn cré-umha di.

Sa dara háit, agus bonn airgid tuillte aige, tá an tIolar Hairpí (the harpy eagle).

“Tá an t-iolar hairpí in ann spadáin (sloths) agus moncaithe a tharraingt as crainn agus iad a iompar go dtí áit shábháilte chun iad a ithe ar a suaimhneas,” a insíonn an leabhar dúinn.

Scanrúil, eh?

Ach níl ach an bonn airgid ag an iolar hairpí. Cé a bhaineann an bonn órga?

Bualadh mór bos – don tseangáin.

Yep, na feithidí beaga gan áireamh sin a fheiceann muid go minic faoinár gcosa ach nach dtuigeann muid a láidre is atá siad. 

“Tá roinnt seangán ann atá in ann duilleoga nó creach a iompar suas le 50 oiread níos troime na iad féin,” de réir an leabhair.

Samhlaigh é - tusa a bheith in ann caoga duine a iompar thart leat!

Níl ansin ach comórtas Oilimpeach amháin, ach cé a bhainfeadh an comórtas iomrascála (wrestling) idir an Nathair Shligreach (the rattle snake), An Frog Dearg Seaigheadnimhe (the Strawberry poison dart frog)agus an Béar Donn (the brown bear?

In Gaiscí Snámha agus Tumadóireachta, pléitear leis na comórtais snámha.

Cén t-ainmhí is fearr ag an saorstíl, ag stíl an fhéileacáin, ag an mharatón, ag an tsnámh sioncrónaithe agus ag an tumadóireacht?

Tá na freagraí uilig ar fáil sa leabhar seo.

Ar an leabhair eile, tá Gaiscí Lúthchleasaíochta ina bhfuil éachtaí an tsíota, an bhradáin, an phortáin chnó cócó, an chamaill agus na hostraise uilig in iomaíocht.

Ar deireadh, tá Gaiscí Gleacaíochta ann.

Is é an bíoma caol an chéad chomórtas sa leabhar.

Bíonn ar gach gleacaí 90 soicind a chaitheamh ar an bhíoma agus iad ag léimnigh, ag casadh agus ag rothlú.

Cén t-ainmhí is fearr ina bhun sin – an t-iora rua, an tarantúla nó an gabhar sléibhe – agus cé acu a bhainfeadh an bonn cré-umha, airgid nó óir?

Mar a deirim, tá na leabhair seo dírithe ar pháistí scoile ach caithfidh mé a rá gur bhain mé idir shult agus thairbhe astu.

Thaitin sé liom an dóigh a raibh clár na mbonn ag deireadh gach leabhair.

Ar mhó na boinn a bhuaigh na mamaigh, na hinveirteabraigh, na héin, reiptílí agus amfaibiaigh nó na héisc?

Faigh amach sa tsraith Laochra Lúfara le hIsobel Thomas, foilsithe ag an Ghúm!

:: Más fearr leat an neamhfhicsean, tá leabhar úr eile foilsithe ag an Ghúm de scéalta Anansí.

Is carachtar é Anansi i scéalta ón Afraic.

Go minic, bíonn cruth damháin alla air agus meastar gurb é spiorad gach scéil ar domhan é.

Thosaigh scéalta Anansi san áit a bhfuil Gána an lae inniu ach spréigh siad amach agus tá an-ráchairt orthu in iarthar na hAfraice agus sna hIndiacha Thiar.

Tá leagan Gaeilge de na scéalta seo curtha le chéile agus aistrithe go Gaeilge ag Eamonn Ó Ruanaí.

Is furasta titim faoi dhraíocht na scéalta osnádúrtha seo agus tá stíl Éamoinn chomh soléite sin nach fada go mbíonn tú ar bís ag iarraidh fáil amach cad é mar a éireoidh le hAnansí ina chuid eachtraí.

Sa chéad scéal, insítear dúinn go bhfuil gach scéal ar domhan goidte ag Nyame,  Dia na spéire. An féidir le hAnansi iad a fháil ar ais? 

:: Tá a fhios againn uilig atá le Cinnín Óir agus na Trí Bhéar a bhfuil leagan úr de scríofa ag Áine Ní Ghlinn, le maisiúcháin ó Laura Jane Phelan.   

Tá an leagan seo dírithe ar phaistí an-óga atá ag foghlaim cuntais agus a dtaitneoidh  ceann de na seanscéalta is rathúla ar domhan a chluinstin.

Is leabhar é a chuirfidh go mór leis an chaidreamh idir an páiste agus Mamaí nó Daidí.

Chomh maith, tá físeán den scéal agus an t-aisteoir iomráiteach Bríd Ní Neachtain á léamh le fail ar an idirlíon ag www.angum.ie

Is féidir leabhair an Ghúim a cheannacht ó:

An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste ((028) 9032 2811

An Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille, (074) 973 0500 nó ó An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath (01) 4783814.