Irish-Language

Teifeach ón chogaíocht sa tSiria agus mar a fuair sé a shlánú sa Ghearmáin

<b>RAMI BASISAH AGUS CAIRDE: </b>Creideann Rami <em>(ar chl&eacute;)</em> go dti leis an cheol cultuir a thabhairt le ch&eacute;ile agus go dtig leis &ldquo;doirse a oscailt idir teifigh agus muintir na hEorpa.&rdquo; Measann s&eacute; go bhfuil s&eacute; tabhachtach go roinntear cultur Shiria agus ceol &oacute;n iarthair agus t&aacute; s&eacute; f&eacute;in &aacute; dh&eacute;anamh sin i lathair na huaire ina th&iacute;r dh&uacute;chais &uacute;r, an Ghearm&aacute;in
RAMI BASISAH AGUS CAIRDE: Creideann Rami (ar chlé) go dti leis an cheol cultuir a thabhairt le chéile agus go dtig leis “doirse a oscailt idir teifigh agus muintir na hEorpa.” Measann sé go bhfuil sé RAMI BASISAH AGUS CAIRDE: Creideann Rami (ar chlé) go dti leis an cheol cultuir a thabhairt le chéile agus go dtig leis “doirse a oscailt idir teifigh agus muintir na hEorpa.” Measann sé go bhfuil sé tabhachtach go roinntear cultur Shiria agus ceol ón iarthair agus tá sé féin á dhéanamh sin i lathair na huaire ina thír dhúchais úr, an Ghearmáin

TÁ SÉ dhá bhliana ó theith Rami Basisah i gcuideachta na milliún eile óna thír dhúchais, Siria, agus an cogadh fíochmhar ag dul in olcas i rith an ama ansin.

Ní raibh Rami ach ina dhéagóir nuair a thosaigh an choimhlint in 2011, ach bhí gealladh riamh faoin veidhleadóir óg agus é ag déanamh staidéir ar an cheol ar choláiste in Homs.

Nuair a thosaigh an chogaíocht ag éirí níos fíochmhaire agus é ag tarraingt ar an aois a dtiocfadh é a earcú isteach san Arm agus an coinscríobh i réim, chinn sé ar éalú chun na hEorpa, rud ar éirigh leis a dhéanamh.

Tháinig sé i dtír i ndiaidh thuras corrach 2,500 míle (4,000km) trasna tíre agus farraige leis an Ghearmáin a bhaint amach. B’ansin a aithníodh a thallann agus tugadh conradh dó ceirníní a dhéanamh.

Agus a theaghlach agus a chomhthírigh beo i measc uafás na cogaíochta, ar bhonn laethúil, tá albam thar a bheith croíbhriste déanta ag Rami ina nascann sé amhráin thraidisiúnta Shiriacha agus pop-amhráin ón iarthar déanta ar nós clasaiceach.

Is ailtire é athair Rami agus is múinteoir í a mháthair agus tháinig an fear óg ar an saol i sráidbhaile beag in aice le Hama.

Thóg sé veidhlín den chéad uair nuair a bhí sé ocht mbliana d'aois, é spreagtha ag fuaimeanna Vivaldi a bhí ag teacht amach as seomra a dheirfiúr níos sine.

D’iarr sé ceachtanna uirthi agus níorbh fhada go raibh sé ag brionglóidigh go mbeadh sé ina veidhleadóir gairmiúil san am a bhí le theacht.

Ach nuair a thosaigh an choimhlint mar thoradh ar Earrach na nArabach agus nuair a spréigh an foréigean ar fud na tíre, b’éigean do Rami na pleananna a bhí aige staidéar a dhéanamh san Ardscoil Cheoil in Damascus.

Ag fágáil a theaghlaigh ina dhiaidh, theith sé féin agus cairde leis ón choláiste. 

Ba é an chéad rud a rinne siad ná bus a ghlacadh chun na Liobáine, ansin eitilt ghairid go dtí an Tuirc sula ndeachaigh sé ar a chéad bhád, ó Izmir ar chósta na Mara Aeigéiche agus é mar sprioc acu an Ghréig a bhaint amach.

“Bhí a fhios againn go raibh muid ag cur ár mbeatha i mbaol ach ní raibh rogha ar bith eile againn,” ar sé ar an ghuthán óna bhaile úr sa Ghearmáin.

“Gheall an mafia dúinn nach mbeadh ar an bhád ach 30 duine ach nuair a bhain muid an áit amach, bhí 48 duine fásta agus ochtar páistí.

“Bhí sé uafásach,” ar sé. “I ndiaidh leathuaire, bhí an bád á líonadh le huisce. Bhí na mná ag screadaigh agus bhí na páistí ag caoineadh mar sin shnámh muid ar ais go dtí an mhórthír le nach rachadh an bád go grinneall na mara.”

Rinneadh trí iarracht eile ar theip orthu taisteal ó Izmir sula ndeachaigh an grúpa sa seans go dtiocfadh leo imeacht as Bodrum. Sa deireadh thiar thall, d’éirigh leo an t-oileán Gréagach, Kos –  “an geata chun na hEorpa" – a bhaint amach agus thug rialtas na Gréige chun na hAithne (to Athens) iad ar chostas €60.

Cuireadh moill eile ar Rami sa Mhacadóin a dhruid a teorainneacha le líon na dteifeach a bhí ag méadú i rith an ama a choinneáil amach.

Le linn dó bheith ag fanacht, thosaigh Rami ag seinm ar a veidhlín sa champa ina raibh na teifigh agus na himircigh ag fanacht.

Thuig iriseoirí a bhí ansin chomh cumasach is a bhí sé agus thosaigh a chlú ag spréadh sula ndeachaigh sé ar an traein chun na Seirbia agus uaidh sin chun na hUngáire - áit ar chaill sé a veidhlín!

Caitheadh an grúpa de thraein agus d’imigh na póilíní sa tóir orthu fríd fhoraois san Ungáir agus b’ansin a chaill sé a uirlis.

“Ba í an Ungáir an áit ba mheasa bheith i do theifeach,” a mhínigh sé.

“Bhí an ceantar cois teorann ag cur thar maoil le póilíní agus le saighdiúir mar sin, b’eigean dúinn dul thart i ngrúpaí níos lú. Bhí mo chara ag iompar mo veidhlín agus thug sé iarraidh rith ach beireadh air agus thug siad muid chuig campa eile amuigh san iargúltacht.

“Ní raibh leapacha ann, ní raibh a dhath ann ach leithris.”

Agus an eagla ag láidriú iontu go mbeadh orthu fanacht san Ungáir, thosaigh an Ghearmáin ag glacadh na céadta míle teifeach isteach.

“Tugann rialtas na Gearmáine aire mhaith dúinn,” arsa Rami.

“Cinnte, tá daoine nach dtaitníonn sé leo go bhfuil an oiread sin teifeach sa tír ach tá bunús na nGearmánach forbhfáilteach.”

Ba é an fhadhb amháin a bhí ag Rami an teanga ach nuair a bhí sé tamall beag sa Ghearmáin, thug bean a chuala a scéal veidhlín dó.  

Cuireadh ansin é chuig halla mór spóirt i gcathair Lahr i gcuideachta 200 teaghlach ach ar ámharaí an tsaoil thug teach pobail ar na gaobhair deis dó guí agus cleachtadh a dhéanamh. 

Ba anseo a glacadh pictiúir dó a bhí le feiceáil sa nuachtán áitiúil - rud a spreag lánúin Gearmánach cuireadh a thabhairt do Rami theacht a chónaí leo.

“Ní thiocfadh liom é a chreidbheáil,” ar sé.

“B’éigean dúinn ár mbeatha i mbaol le taisteal ar an fharraige agus ar an talamh agus muid ag iarraidh theacht ar dhídean, mar sin, ba mhaith liom go dtuigfeadh gach duine gur daoine daonna muid cosúil le gach duine eile,” ar sé, ag rá fosta go bhfuil dualgas ar na Siriaigh “iad féin a chruthú don Ghearmáin agus do mhuintir uile na hEorpa.”

“Is daoine léannta muid agus ba bhreá linn staidéar a dhéanamh agus saol sábháilte a bheith againn in áit a bheith imníoch go marófaí muid fein agus ár dteaghlaigh,” arsa Rami.